Clár Monitor an BBC 1961

Dublin Core

Teideal

Clár Monitor an BBC 1961

Ábhar

Stair

Cur Síos

Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Fágann teacht TG4 gur ar nós chuma liom anois a bhíonn pobal Chois Fharraige nuair a fheiceann siad criú teilifíse i mbun a gcuid oibre thart timpeall an cheantair sin. Mise á rá leat nach amhlaidh a bhí in 1961 nuair a tháinig lucht an BBC chuig teach mo sheanathar Micilín Mháirtín Eoghain Ó Neachtain i mBaile an Domhnalláin sa Spidéal, áit ar chaith siad dhá oíche i mbun taifeadadh ar chlár de shraith teilifíse darbh ainm Monitor a bhí an stáisiún a chraoladh ag an am. Clár ealaíne ab ea Monitor a craoladh idir 1958 agus 1965. Feicim anois gur Breathnach a raibh Huw Wheldon air a bhí ina cheannas (déanadh ridire dó in 1976) agus b’fhéidir go mba é an ceangal Ceilteach a chuir ina chloigeann siúd in 1961 gur bhfiú clár a dhéanamh faoin gcaoi ar mhair pobal beag Gaeltachta i gceantar a bhí iargúlta go leor ag an am.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Mártan Ó Ciardha

Foinse

Bailiúchán Biseach

Dáta

2018

Cearta

© Cumann Forbartha Chois Fharraige

Teanga

ga

Cineál

Téacs

Aitheantóir

BI2018A11

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/407e187c16fa48398754507b28ad9c5c.pdf

Clibeanna

Tagairt

Mártan Ó Ciardha, “Clár Monitor an BBC 1961,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 26 Aibreán 2024, https://cartlann.ie/items/show/2394.