Cúrsaí ag Pastime Chonamara i nGaillimh

Dublin Core

Teideal

Cúrsaí ag Pastime Chonamara i nGaillimh

Ábhar

Caithimh Aimsire

Cur Síos

Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Le tamall anuas tá ceangal láidir cothaithe idir an eagraíocht Pastime Chonamara agus Scoil an Oideachas le Chéile i gCnoc na Cathrach, Gaillimh. D’fhreastal daltaí Rang 1 agus Rang 2 ar Ranganna Ceardaíochta Bunúsacha Dátheangacha faoi stiúir an Teagascóra, Máirtín Davy. Bhí na ranganna ar siúl ar feadh cúig seachtainí agus, ag críochnú dóibh le gairid, bhronn an tAire Stáit ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, Sean Kyne, T.D., teastais ar na daltaí in Áras Bhóthar na Trá, Gaillimh. Tá daltaí as roinnt mhaith tíortha ar fud na Cruinne ag freastal ar Scoil an Oideachas le Chéile i gCnoc na Cathrach agus roinnt mhaith Gaeilge foghlamtha acu mar go bhfuil an chuid is mó den fhoireann teagaisc líofa i nGaeilge.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Máirtín Davy Ó Coistealbha

Foinse

Bailiúchán Biseach

Dáta

2018

Cearta

© Cumann Forbartha Chois Fharraige

Teanga

ga

Cineál

Téacs

Aitheantóir

BI2018A23

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/49087e291f266123022d863a367ecdb2.pdf

Clibeanna

Tagairt

Máirtín Davy Ó Coistealbha, “Cúrsaí ag Pastime Chonamara i nGaillimh,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 24 Aibreán 2024, https://cartlann.ie/items/show/2406.