Deireadh an RIC i gCois Fharraige 1901-1922

Dublin Core

Teideal

Deireadh an RIC i gCois Fharraige 1901-1922

Cur Síos

I rith an naoú céad déag tháinig an pobal faoi thionchar stát na Breataine ar bhealaí nár tharla roimhe sin. Tá an t-alt seo chun leathshúil a chaitheamh ar laethanta deireanacha cheann d’institiúidí móra an stáit sin, Constáblacht Ríoga na hÉireann, An Royal Irish Constabulary. Ba é an RIC an fórsa póilíneachta armtha a bhí sa tír agus iad ag feidhmiú chuile áit seachas i mBaile Átha Cliath. 9,656 fear a bhí san RIC i Meán Fómhair 1919, mar shampla, agus iad scaipthe timpeall na tíre in thart ar 1,400 beairic. Ó thaobh an cheantair seo de, bhí beairicí ag an RIC i mBearna, sa Spidéal, in Inveran mar a ghlaoigh Fórsaí na Breataine ar an mbeairic, ar an gCeathrú Rua agus ar an nGort Mór i Ros Muc. I rith Chogadh na Saoirse scriosadh go leor de bheairicí an RIC agus faoi 1922, nuair a cuireadh deireadh leis an eagraíocht, ní raibh fágtha de na beairicí áitiúla sin ach beairic an Spidéil. Go deimhin féin, scriosadh an bheairic sin sa gCogadh Cathartha.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Cormac Ó Comhraí

Foinse

Bailiúchán Biseach

Dáta

2019

Cearta

© Cumann Forbartha Chois Fharraige

Teanga

ga

Cineál

Téacs

Aitheantóir

BI2019A11

Clúdach Tíreolaíoch

Stair

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/ec3d91c71345a1ace690cad11b56d477.pdf

Clibeanna

Tagairt

Cormac Ó Comhraí, “Deireadh an RIC i gCois Fharraige 1901-1922,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 25 Aibreán 2024, https://cartlann.ie/items/show/2444.