Dónal Ó Catháin/Dainín Keane R.I.P.

Dublin Core

Teideal

Dónal Ó Catháin/Dainín Keane R.I.P.

Cur Síos

Tagann an bás gan cás gan cuireadh agus ba é a fhearacht sin agamsa agus an scéal truamhéalach a chuala mé ón mbaile leis an maidneachan i dtús mhí Eanáir na bliana seo. Níos measa ná sin arís, bás tobann. Thall i bPerth na hAstráile a bhí mé ag scaoileadh tharam an gheimhridh ar feadh trí mhí mé féin agus mo bhean Máire ag fanacht i dteach m’iníne, Mairéad. Sheas sise i mbéil dorais an tseomra codlata agus labhair i nglóir ómósach urramach íseal, “drochscéala ón mbaile,” a deir sí, “tá Dan básaithe”. B’éigean di é a rá trí nó ceathair de chuarta mar gur shíl mé go raibh mé ag brionglóidigh nó ag rámhailligh. Chinn sé ar m’inchinn é a shú isteach agus a phróiseáil an tráth sin den mhaidin.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Pádraic Tom Bán Breathnach

Foinse

Bailiúchán Biseach

Dáta

2019

Cearta

© Cumann Forbartha Chois Fharraige

Teanga

ga

Cineál

Téacs

Aitheantóir

BI2019A20

Clúdach Tíreolaíoch

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/a90d29aa1c2654a5db8d1eb9c2df3362.pdf

Tagairt

Pádraic Tom Bán Breathnach, “Dónal Ó Catháin/Dainín Keane R.I.P.,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 28 Márta 2024, https://cartlann.ie/items/show/2453.