Máire Bean Uí Chonaola

Dublin Core

Teideal

Máire Bean Uí Chonaola

Ábhar

Cúrsaí Sóisialta

Cur Síos

Máire Bean Uí Chonaola, thugtaí Mary Ivy uirthi. Ach i Ros Muc Mary Kelly a thug mórán chuile dhuine uirthi, a h-ainm roimh pósadh. Bhí aithne aici ar an saol mór agus ag an saol mór uirthi. Ba chuma cén áit a mbeadh sí chas daoine uirthi a d'fhan ar lóistín aici nó scoláirí a bhíodh ag freastal ar na coláistí Gaeilge, daoine a casadh uirthi agus ar chuir sí aithne orthu ag imeachtaí, feachtais, cruinnithe agus ócáidí a mbíodh baint aici leo. Ba chuma cén t-achar blianta ó chonaic sí iad d'athníodh sí iad agus bhí a n-ainm aici ar an bpointe. Bhí cuimhne iontach aici. Bean í a raibh tuairimí láidir aici agus nach raibh faitíos uirthi tabhairt faoi rud ar bith. Ní raibh an saol éasca aici i gcónaí, ach níor lig sí don saol ná do rud ar bith an ceann is fearr a fháil uirthi. Cé go raibh aois mhaith aici ní cheapfá sin. B'fhéidir go raibh na blianta aici ach níor chuir siad aois uirthi, bhí sí luath aclaí agus bhí croí óg aici. D'athraigh sí leis an saol. Bhain sí úsáid agus sásamh as na deiseanna a tháinig leis an athrú mór a tháinig ar an saol. Bean fhaiseanta a bhíodh gléasta go breá i gcónaí ab ea í. Ba bhreá léi taisteal agus rinne sí cuid mhaith de sin i rith a saoil. Cé gur bean í a bhí an-dáiríre ina dearcadh, bhí sí spraoiúil géimiúil freisin. Ba bhreá léi ceol is amhráin agus imeachtaí sóisialta. Cé gur fhág sí Camus agus í ina bean óg bhí a croí i gcónaí ann agus ní raibh amhrán ar bith ab fhearr léi ná amhrán Chamuis.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Meta Uí Mháille

Foinse

Cartlann an Phléaráca, faoi chúram Ollscoil na hÉireann Gaillimh

Dáta

2014

Cearta

© Pléaráca. Gach Ceart ar Cosaint.

Teanga

ga

Cineál

Téacs

Aitheantóir

PL2014A04

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/ef244b2a16974f1a4afe86cd074bd7d7.pdf

Tagairt

Meta Uí Mháille, “Máire Bean Uí Chonaola,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 28 Márta 2024, https://cartlann.ie/items/show/551.