Agallamh le Tomás Ó Loideáin (19/03/1988)

Teideal

Agallamh le Tomás Ó Loideáin (19/03/1988)

Cur Síos

San eagrán seo den tsraith chlár Comhluadar, déanann Tomás Ó Loideáin (Tom Mháirtín) as an Tuar beag sa Spidéal cur síos ar a shaol. Pléitear téamaí éagsúla ar nós poitín, an aithne a bhí aige ar Mháirtín Ó Cadhain, agus na Dúchrónaigh agus iad ag dó tithe i rith Chogadh na Saoirse. I measc na nithe a phléitear, déanann sé trácht ar eachtra inar chaith na Dúchrónaigh buama isteach i dteach Mhíchíl Uí Dhroighneáin agus daoine fós istigh ann. Is beag meas a bhí aige ar na húdaráis áitiúla (an RIC) freisin - ‘Bhí cuid de na sean-phóilíos go dona’, dar leis. Cuimhníonn sé freisin ar an sos cogaidh, agus ar an gCogadh Cathartha. Is leis an abairt seo a leanas faoi Tom Mháirtín a chuireann an láithreoir, Seán Ó Conghaile, críoch leis an gclár: ‘Is minic a deir sé, agus é ar an mbicycle, go raibh an ghaoth ina aghaidh…bhuel tá súil againn go mbeidh an chóir aige an chuid eile dhá shaol’.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Dáta

19-03-1988

Cuiditheoir

Ó Loideáin, Tomás

Teanga

ga

Cineál

Aitheantóir

15813

Fad

00:30

Cearta

© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.

Clúdach Ama

21/01/1919-11/07/1921: Cogadh na Saoirse
28/06/1922-24/05/1923: An Cogadh Cathartha

Láithreoir

Ó Conghaile, Seán

Comhaid

http://www.reabhloid.ie/files/original/cda69e50d72281b6814c680f0fe85ee9.mp3

Tagairt

Ó Conghaile, Seán, “Agallamh le Tomás Ó Loideáin (19/03/1988),” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, léite 27 Bealtaine 2020, http://cartlann.ie/items/show/681.