Gearóid Ó Tuathaigh ag trácht ar chomóradh 1976 (29/04/1976)

Dublin Core

Teideal

Gearóid Ó Tuathaigh ag trácht ar chomóradh 1976 (29/04/1976)

Ábhar

Sinn Féin
Páirtí an Lucht Oibre
David Thornley
Conor Cruise-O’Brien
Comóradh an Éirí Amach 1976
Éirí Amach na Cásca

Cur Síos

Sa mhír seo, labhraíonn Seán Ó Tuairisg faoin mórshiúl a d’eagraigh Sinn Féin agus na Sealadaigh ar Shráid Uí Chonaill, Baile Átha Cliath, in Aibreán na bliana 1976, mar chomóradh 60 bliain ar Éirí Amach na Cásca. D’fhógair rialtas an lae go raibh an mórshiúl mídhleathach, agus ag an ócáid roinn an Dr. David Thornley, Teachta Dála le páirtí an Lucht Oibre, ardán le Ruairí Ó Brádaigh agus Daithí Ó Conaill, baill de Shinn Féin. Sa mhír chéanna, labhraíonn Gearóid Ó Tuathaigh, léachtóir le stair i gColáiste Ollscoile na Gaillimhe [OÉ Gaillimh], faoi chomhthéacs na heachtra. Fiosraíonn sé na haidhmeanna a bhí ag na Sealadaigh a bhí ag máirseáil, an fáth ar fógraíodh go raibh an ócáid mídhleathach, agus céard í an chéad chéim eile don rialtas. Maíonn Ó Tuathaigh gur mhothaigh na Sealadaigh gur ag tabhairt ómóis do laochra na Cásca a bhí siad agus á gcur féin chun cinn mar oidhrí pholaitíochta na laochra sin. Ceistíonn sé freisin an ndeachaigh an rialtas thar fóir agus iad ag iarraidh cosc a chur leis an bparáid. Mar thoradh ar an eachtra, díbríodh David Thornley ó pháirtí parlaiminte an Lucht Oibre agus fuair an Dr Cruise-O’Brien an lámh in uachtar sa pháirtí. Chomh maith leis sin, cuireadh le próifíl na Sealadach ó dheas agus ba dhearbhú é an mórshiúl i súile na n-aontachtach ó thuaidh go raibh tacaíocht ag na Sealadaigh sa Phoblacht.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Ó Tuairisg, Seán

Foinse

Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta

Dáta

29-04-1976

Cuiditheoir

Ó Tuathaigh, Gearóid

Cearta

© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.

Teanga

ga

Cineál

Fuaim

Aitheantóir

16724

Clúdach Ama

19/04/1976: Comóradh an Éirí Amach i 1976

Láithreoir

Ó Tuairisg, Seán

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/2d6ac51e27dad7c55a0acd80baaafd28.mp3

Tagairt

Ó Tuairisg, Seán, “Gearóid Ó Tuathaigh ag trácht ar chomóradh 1976 (29/04/1976),” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 28 Márta 2024, https://cartlann.ie/items/show/702.