Pádraig Ó Snodaigh ag trácht ar Chonradh na Gaeilge (08/04/1993)

Dublin Core

Teideal

Pádraig Ó Snodaigh ag trácht ar Chonradh na Gaeilge (08/04/1993)

Ábhar

Pádraig Ó Snodaigh
Conradh na Gaeilge
Forógra na Poblachta
Labour in Irish History Eoin Mac Néill
An Claidheamh Soluis
Guiseppe Mazzini
Douglás de hÍde
Pádraig Mac Piarais

Cur Síos

Mar chomóradh 100 bliain ar bhunú Chonradh na Gaeilge (ar 31/07/1893), tabharfaidh Pádraig Ó Snodaigh, údar agus gníomhaí teanga, léacht in Óstán Russel Court ar Shráid Fhearchair, Baile Átha Cliath. San eagrán seo de Nuacht a hAon, labhraíonn Ó Snodaigh faoin léacht a thabharfaidh sé. Deir sé go léireoidh sé go bhfuair glúin na réabhlóide a gcuid oideachais sa Chonradh, agus gur faoi thionchar an Chonartha a chuir siad aithne ar Éirinn den chéad uair. Bhí dlúthbhaint ag an nglúin sin le Conradh na Gaeilge. Bhí seisear den seachtar a shínigh Forógra na Poblachta ina mbaill den Chonradh, agus bhí an té nach raibh, Séamas Ó Conghaile, báúil leis an gConradh agus le mianta an Chonartha. Mar léiriú air seo, rinne Ó Conghaile iarracht, ina leabhar Labour in Irish History (1910), na dúshláin a bhí le sárú ag an lucht oibre in Éirinn a chur i gcomparáid leis na dúshláin a bhí le sárú ag gluaiseacht na hathbheochana trí chéile.

D’fhoilsigh Eoin Mac Néill alt san iris An Claidheamh Soluis [dar teideal The North Began] i mí na Samhna 1913, agus bliain níos déanaí bhí iris Chonradh na Gaeilge ag maíomh gur as an alt sin a d’eascair Óglaigh na hÉireann. Déanann Ó Snodaigh trácht ar Giuseppe Mazzini (1805-1872) a dúirt, le linn aimsir Thomáis Dáibhis agus na nÉireannach Óg, nárbh fhiú tráithnín féir náisiúnachas na hÉireann mar go raibh saintréith an náisiúnachais – a dteanga féin - caite uathu ag náisiúnaithe. Chuaigh sé seo go mór i bhfeidhm ar Dhubhghlas de hÍde agus ar Eoin Mac Néill. Pléifear meath Chonradh na Gaeilge sa léacht freisin. Bhí an Conradh ag lagú faoi 1912, dar le hEoin Mac Néill, agus cheap Pádraig Mac Piarais go raibh deireadh le ré órga an Chonartha nuair a bhí sé féin páirteach ann. Is go luath sna 1920í a tháinig titim shuntasach ar líon na gcraobhacha ar fud na tíre.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Mac Donncha, Pól

Foinse

Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta

Dáta

08-04-1993

Cuiditheoir

Ó Snodaigh, Pádraig

Cearta

© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.

Teanga

ga

Cineál

Fuaim

Aitheantóir

25027

Clúdach Ama

31/07/1893: Bunaíodh Conradh na Gaeilge
1/11/1913: Foilsíodh an t-alt The North Began san iris An Claidheamh Soluis

Láithreoir

de Bhailís, Máire

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/39270d12ba257bbb16973535bed8773f.mp3

Tagairt

Mac Donncha, Pól, “Pádraig Ó Snodaigh ag trácht ar Chonradh na Gaeilge (08/04/1993),” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 28 Márta 2024, https://cartlann.ie/items/show/721.