Agallamh le hAindrias Ó Muineacháin (Gan Dáta)

Dublin Core

Teideal

Agallamh le hAindrias Ó Muineacháin (Gan Dáta)

Ábhar

Aindrias Ó Muineacháin
Conradh na Gaeilge
An Ghaeilge
An Cogadh Cathartha
Baile Ó Síoda

Cur Síos

Labhraíonn Aindrias Ó Muineacháin, údar agus bailitheoir béaloidis, le Mícheál de Mórdha. Rugadh Ó Muineacháin i nGaorthadh na Péice, Béal Átha an Ghaorthaidh, i 1905. Bhí dlúthbhaint aige leis an Oireachtas, agus bhí sé ina mhúinteoir taistil ar feadh na mblianta. Is í an Ghaeilge tar éis an Chogaidh Chathartha príomh-théama an agallaimh seo. Labhraíonn Ó Muineacháin faoi na hiarrachtaí a rinne an Stát nua-bhunaithe an Ghaeilge a mhúineadh i mbunscoileanna na tíre, agus na deacrachtaí a bhí acu de thoradh a laghad múinteoirí le Gaeilge a bhí ann ag an am. Nuair a cuireadh coláistí samhraidh ar bun le dul i ngleic leis an bhfadhb seo, deir sé go raibh droch-thionchar aige seo ar an nGaeilge sna ceantair ina raibh na coláistí sin, go háirithe timpeall ar Bhéal Átha an Ghaorthaidh. Deir Ó Muineacháin go raibh iar-shaighdiúirí ón dá thaobh den Chogadh Cathartha ag freastal ar a chuid ranganna Gaeilge. Ina measc siúd bhí an t-aon duine a tháinig slán as an ainghníomh a tharla i mBaile Ó Síoda, taobh amuigh de Thrá Lí, i mí Márta 1923. Ceapann sé gur chuidigh na ranganna Gaeilge seo le hathmhuintearas a chothú idir daoine a bhí in aghaidh chéile sa Chogadh Cathartha. Pléitear Conradh na Gaeilge san agallamh freisin, agus an meath a tháinig ar an eagraíocht ó na 1920í ar aghaidh.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

de Mórdha, Mícheál

Foinse

Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta

Dáta

Gan Dáta

Cuiditheoir

Ó Muimhneacháin, Aindreas

Cearta

© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.

Teanga

ga

Cineál

Fuaim

Aitheantóir

39216

Clúdach Ama

1922-1923: An Cogadh Cathartha

Láithreoir

de Mórdha, Mícheál

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/cb3b37dc4007dc3e493f8f88dd5eae1d.mp3

Tagairt

de Mórdha, Mícheál, “Agallamh le hAindrias Ó Muineacháin (Gan Dáta),” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 18 Aibreán 2024, https://cartlann.ie/items/show/735.