Ó na Sceirde Aniar - Éirí Amach 1916 (12/04/2004)

Dublin Core

Teideal

Ó na Sceirde Aniar - Éirí Amach 1916 (12/04/2004)

Ábhar

Éirí Amach na Cásca
Comóradh an Éirí Amach 1966
Seán Mac Diarmada
Tomás Aghas
Peadar O’Donnell
Tomás Ó Cléirigh
Cogadh na Saoirse
Seán a’ Chóta
An Dr Breathnach
An tAth. Mícheál Ó Gríofa

Cur Síos

Le comóradh a dhéanamh ar Éirí Amach 1916, tarraingíonn an clár seo, atá á chur i láthair ag Seosamh Ó Cuaig agus a craoladh in 2004, ar mhíreanna fuaime éagsúla ó chartlann Raidió na Gaeltachta. Tosaítear le Johnny Shéamuis Ó Conghaile ag léamh píosa a scríobh an réabhlóidí Peadar Ó Dónaill, agus a foilsíodh san iris Dóchas, nuair a bhí comóradh á dhéanamh ar an Éirí Amach i 1966.

Ina dhiaidh sin [08:00], labhraíonn Pádraig Ó Snodaigh faoi chultúr na réabhlóide i bpobal Chorca Dhuibhne. Deir sé gur scríobh Tomás Ó Criomhthain go raibh muintir na háite ag caint faoin Rialtas Dúchais, ach nach raibh an oiread sin spéise ag an bpobal ina raibh ag tarlú i bparlaimint Westminster. Níor léir go raibh an pobal tiomanta go láidir don réabhlóideachas. Ach bhí meas ag an bpobal ar dhaoine éagsúla, ar nós Sheáin Uí Mhuircheartaigh as Gallaras agus Sheán Caomhánach (Seán a’ Chóta mar a thugtaí air), a bhí in ann daoine a mhealladh isteach sna hÓglaigh. Dar le Ó Snodaigh, bhí seantraidisiúin an phoblachtachais, ó na Fíníní ar aghaidh, níos leanúnaigh — bíodh is go raibh sé tanaí — i bpobal Chorca Dhuibhne ná mar a bhí i bpobal Chonamara. Deir Ó Snodaigh gur cheap an Piarsach gur chóir go dtiocfadh gunnaí an Éirí Amach i dtír i gceantar Gaeltachta, mar léiriú gurbh é an ceantar seo lárphointe an idéil Éireannaigh. Go deimhin, bhí sé i gceist é seo a dhéanamh i Meán Fómhair 1915, i gceantar an Spidéil, ach ní mar sin a tharla. Nuair a ceistíodh Ó Snodaigh faoi méid a theastaigh ón bpobal a tharlódh don tír i ndiaidh an Éirí Amach, cheap sé go mb’fhéidir go raibh meon Thomáis Uí Cléirigh forleathan. Nuair a fiafraíodh den Chléireach ar mhaith leis an Uachtaránacht a bheith aige tar éis an Éirí Amach, dúirt sé gurbh fhearr leis a bheith i mbun an ghairdín sa bhaile – ag tabhairt le fios gur leor dó deireadh a bheith le ré na Sasanach sa tír. Labhraítear freisin faoi Earnán de Blaghad, a bhí ag obair le muintir Ághais i Lios Póil, agus Seán Mac Diarmada, a thug ceann de na hóráidí ba thábhachtaí roimh an Éirí Amach i dTrá Lí. Léiriú ba ea an óráid seo nach é an Piarsach amháin a bhí tiomanta do dhoirteadh fola:

[ ‘The Irish patriotic spirit will die forever unless a blood sacrifice is made in the next few years. It will be necessary for some of us to offer ourselves as martyrs if nothing better can be done to preserve the national Irish spirit.’ ]

Labhraíonn Breandán Feiritéar [17:00] leis an údar Seán Ó Conghaola, as na hAille, Indreabhán, Co. na Gaillimhe faoina chuid cuimhní cinn faoin Éirí Amach agus an tréimhse ina dhiaidh. Bhí sé ina dhéagóir le linn an Éirí Amach, agus deir sé nach raibh tuiscint mhaith ag muintir na háite ar an eachtra seachas iad siúd a bhí léannta — múinteoirí agus a leithéid — agus gur thóg sé cúpla bliain sular thuigeadar an comhthéacs agus na himpleachtaí iomlána. Ceapann sé go mb’fhéidir nach raibh sé seo amhlaidh le pobal Ros Muc, mar go raibh an Piarsach i mbun bolscaireachta faoin Éirí Amach (‘ ag craobhscaoileadh an tsoiscéil go háitiúil’) go háitiúil. Luann Ó Conghaola an sagart áitiúil, Séamas Ó Ceallaigh i bparóiste an Chnoic, a bhí ag impí ar an bpobal ón altóir tacú leis na hÓglaigh. Deir sé gur obair chontúirteach a bhí ar bun ag an sagart, i bhfianaise ar tharla den Athair Ó Gríofa as Bearna, a maraíodh i 1921. Déanann sé trácht freisin ar an Dr Breathnach as Tuaim, a bhíodh ag gríosadh Óglaigh an cheantair freisin. Tugann Ó Conghaola le fios gur thosaigh na póilíní ag éirí níos géire ar an bpobal tar éis an Éirí Amach, agus go rabhadar ag leanúint daoine go bhfeicfidís cá raibh siad ag traenáil. Bhí an sagart ag tabhairt foláirimh do dhaoine fanacht glan ar strainséirí, ar fhaitíos gur spíodoirí a bhí iontu. Cuimhníonn sé gur chuir an sagart fios air féin, mar gur chónaigh siad in aice le chéile, lena rá leis go raibh fear nach as an áit é ag dul thart ag ceannach óil do dhaoine.

Déanann Nollaig Ó Gadhra [22:00] cur síos ar dhearcadh na bpáipéar náisiúnta agus idirnáisiúnta ar an Éirí Amach. Tá an píosa seo sa bhailiúchán mar mhír fuaime ann féin [anseo].

Cuireann Gearóid Ó Tuathaigh críoch leis an mír fuaime seo [32:00] nuair a dhéanann sé comparáid idir an comóradh a rinneadh ar Éirí Amach na Cásca sna blianta 1966 agus 1976. Tá an píosa seo sa bhailiúchán mar mhír fuaime ann féin [anseo].

Léiritheoir/Cruthaitheoir

(Léiritheoir in easnamh)

Foinse

Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta

Dáta

12-04-2004

Cuiditheoir

Ó Cátháin, Darach
Ó Conghaile, Seán (Johnny Shéamuis)
Ó Conghaile, Seán
Ó Cuaig, Seosamh
Ó Gadhra, Nollaig
Ó Snodaigh, Pádraig
Ó Tuathaigh, Gearóid

Cearta

© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.

Teanga

ga

Cineál

Fuaim

Aitheantóir

54832

Clúdach Ama

1914: Óráid Sheáin Mhic Diarmada i dTrá Lí
1916: Éirí Amach na Cásca
1919-1921: Cogadh na Saoirse
20/11/1921: Fritheadh corp an Ath. Uí Ghríofa
10/04/1966: Comóradh an Éirí Amach

Láithreoir

Ó Cuaig, Seosamh

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/3fac5243de519a6287fac74e5235c48c.mp3

Tagairt

(Léiritheoir in easnamh), “Ó na Sceirde Aniar - Éirí Amach 1916 (12/04/2004),” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 28 Márta 2024, https://cartlann.ie/items/show/750.