Mac Giollarnáth: Lámhscríbhinn 1

Dublin Core

Teideal

Mac Giollarnáth: Lámhscríbhinn 1

Ábhar

Seanchas

Cur Síos

Tá taifeach an chomhaid seo laghdaithe. Tá leagan ar chaighdeán níos airde le fáil anseo. Lámhscríbhinn 01. Bailiúchán de bhéaloideas agus de scéalta seanchais atá sa lámhscríbhinn seo. 145 leathanach ar fad atá inti. Tugtar clár ábhair ar dtús mar aon le huimhreacha na leathanach comhfhreagrach. Tugann inscríbhinn ar an gclúdach le fios gur bailíodh na scéalta i Mám. Luann nótaí breise taobh istigh den lámhscríbhinn Teach na Cúirte ach go háirithe. Ainmnítear triúr scéalaí: Pádraig Breathnach, Mícheál Breathnach agus Séamus de Brún. Tugtar eolas beathaisnéise ar an triúr. Mac Giollarnáth féin a scríobh formhór na lámhscríbhinne: ó l.31 ar aghaidh. Duine eile a scríobh l.1-30, agus bhreac Mac Giollarnáth nótaí eagarthóireachta isteach san imeall. TEIDIL SA LÁMHSCRÍBHINN. 1. Lachain Dhearg 2. An t-Adhbhar Sagairt 3. Gabha Bhaile Átha an Rí 4. Barr na bhFormnaí (Buailidheacha) 5. Briosbrún (nó an cropán) 6. An Galra Truaighe 7. Buailidheacha Chnoc Úirid 8. Giolla Dubh Seoighe 9. Máighistir an Chait Bháin 10. Máirín an Fhionnaidh 11. Lámh Dhearg 12. Mám Tuirc 13. Madraí Allta 14. Lucht Múinte an Sgéalaidhe (Mícheál Breathnach) 15. Na Máighistrí Sgoile a bhí sa Mám 16. An Sgéalaidhe i Sasana 17. Uamhain Thalmhana 18. Tobar Beannuighthe 19. Mac Rí na hÉireann agus an Capall Draoidheachta 20. Trí Léine de na Ceannabháin Bhána 21. Tobar na Súl

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Mac Giollarnáth, Seán

Foinse

Bailiúchán Sheáin Mhic Giollarnáth

Dáta

1931-1933

Cuiditheoir

Mac Giollarnáth, Seán [trc].
Breathnach, Mícheál [stl].
Breathnach, Pádraig [stl].
Brún, Séamus de [stl].

Cearta

© OÉ Gaillimh. Gach Ceart Ar Cosaint

Teanga

ga

Cineál

Téacs

Fad

145p.

Clúdach Tíreolaíoch

Conamara

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/128fa8e1cb7e8d9c536b6f893e9322d7.pdf

Tagairt

Mac Giollarnáth, Seán, “Mac Giollarnáth: Lámhscríbhinn 1,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 24 Aibreán 2024, https://cartlann.ie/items/show/929.