Téacs Lámhscríbhinní Mhic Giollarnáth

Chuir Seán Mac Giollarnáth bailiúchán iomráiteach lámhscríbhinní le chéile, ábhar béaloidis a fhormhór, nuair a bhí sé ag obair mar bhreitheamh cúirte dúiche i gConamara (1925-1950). Tá téacs na lámhscríbhinní scríofa ag daoine éagsúla, chomh maith le Mac Giollarnáth féin. Mar a bhí sé de nós ag an am, scríobhadh iad sa sean-chló Gaelach, agus tá an téacs canúnach agus an litriú neamh-chaighdeánach. Mar chuid den tionscadal seo tras-scríobhadh téacs na lámhscríbhinní chuig formáid dhigiteach, ach coinníodh an litriú díreach mar atá sé sna lámhscríbhinní.

Bhí na lámhscríbhinní roinnte ag Mac Giollarnáth ina gcodanna, nó ina gcaibidlí, de réir mar ar cuireadh ábhar leo. Bhí cuid acu seo gearr (cúpla abairt) agus cuid eile níos faide (roinnt leathanach). Tá ábhar éagsúil sonraithe sna codanna seo (m.sh. paidreacha, scéalta, beathaisnéisí, seanfhocail srl.). Tá sé réasúnta soiléir tús agus críoch na gcodanna a aithint, mar go bhfuil 'Clár Ábhair' ag tús fhormhór na lámhscríbhinní, agus mar go bhfuil teidil na gcodanna feiceálach agus soiléir sna lámhscríbhinní.

Tharraing muid amach na codanna éagsúla (654 ina iomlán) ó théacs na lámhscríbhinní agus tá teidil na gcodanna sin agus naisc chuig an téacs sa nasc Teidil agus Téacs na gCodanna thall (nó thíos más fón soghluaiste atá in úsáid). 

Freisin, bhailigh muid le chéile na paidreacha, na seanfhocail agus na foclóirí éagsúla atá fite fuaite sna 54 lámhscríbhinn a d'fhág Mac Giollarnáth ina dhiaidh. Beidh muid ag cur leis na catagóirí seo de réir mar a dhéanann muid níos mó staidéir ar ábhar na lámhscríbhinní.