Chuir Seán Mac Giollarnáth 47 lámhscríbhinn le chéile, ábhar béaloidis ina bhformhór, nuair a bhí sé ina bhreitheamh cúirte dúiche i gConamara 1925-1950. Tá na bunlámhscríbhinní lonnaithe in Ionad an Acadaimh, Carna, agus tá leaganacha scanta dóibh sa mbailiúchán seo. D’fhoilsigh Mac Giollarnáth cuid den ábhar i leabhair ar nós Peadar Chois Fhairrge (1934), Loinnir Mac Leabhair agus Sgéalta Gaisgidh Eile (1936) agus Annála Beaga ó Iorrus Aithneach (1941). Tras-scríobhadh na lámhscríbhinní go ríomhaire, agus tá an t-ábhar go léir le fáil i bhformáid PDF ar an suíomh seo.Tá na caipéisí sa bhailiúchán seo curtha ar fáil ar chaighdeán, nó taifeach, íslithe ionas gur féidir staidéar a dhéanamh orthu le ceangal leathanbhanda ar luas measartha.
Chuir Seán Mac Giollarnáth bailiúchán iomráiteach lámhscríbhinní le chéile, ábhar béaloidis a fhormhór, nuair a bhí sé ag obair mar bhreitheamh cúirte dúiche i gConamara (1925-1950). Don bhailiúchán seo, briseadh téacs na lámhscríbhinní (a bhí tras-scríofa go digiteach) ina gcodanna éagsúla, de réir mar a rinne Mac Giollarnáth deighilt idir na scéalta, na seanfhocail, na bpaidreacha, na bhfoclóirí agus iliomad gné eile den seanchas a bhailigh sé.