Ailt ó Biseach, iris Chumann Forbartha Chois Fharraige

Bailiúchán

Teideal
Ailt ó Biseach, iris Chumann Forbartha Chois Fharraige
Cur Síos
Tá gach alt a foilsíodh san iris Biseach, iris Chumann Forbartha Chois Fharraige, le fáil sa mbailiúchán seo. Clúdaítear téamaí éagsúla sna hailt ar nós stair agus béaloideas an cheantair, an fhorbairt pobail, cúrsaí sóisialta, cúrsaí reatha, nuacht áitiúil, spóirt agus teanga. Tugann an bailiúchán seo léargas ar dhoimhneacht agus ar shaibhreas chultúr agus oidhreacht cheantar Chois Fharraige.

Míreanna

de 5
1–100 de 496
Cuardach Casta
  • Seanscoil Sailearna
    Alt ó 'Biseach 2015', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Seanscoil Sailearna. An í sin Cáit Bn. Uí Chiardha i mbun ranga lá breá gréine sna caogadaí?
  • Beartla Stiofáin Ó Conghaile agus a bhean, Jude
    Alt ó 'Biseach 2015', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Beartla Stiofáin Ó Conghaile agus a bhean, Jude
  • Máirtín Mór Ó Tuairisg as an Lochán Beag
    Alt ó 'Biseach 2015', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Máirtín Mór Ó Tuairisg as an Lochán Beag
  • Coláiste Lurgan
    Alt ó 'Biseach 1968', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige.
  • Mhárthainn Phádhraic/An Mhárthainn
    Alt ó 'Biseach 1968', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige.
  • An Deoraí
    Alt ó 'Biseach 1968', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige.
  • Agallamh Beirte: An tAsbal agus an Filí
    Alt ó 'Biseach 1968', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige.
  • Biseach
    Alt ó 'Biseach 1968', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige.
  • Litreacha i mBiseach 1968
    Alt ó 'Biseach 1968', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige.
  • An tAth. Seán Ó Gráda S.P.
    Alt ó 'Biseach 1968', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige.
  • Amhrán an Chaora
    Alt ó 'Biseach 1968', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige.
  • An Sean-Fhear agus an Ministéara
    Alt ó 'Biseach 1968', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige.
  • An Gearrán Bán
    Alt ó 'Biseach 1968', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige.
  • Cumann Forbartha Chois Fharraige
    Alt ó 'Biseach 1968', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige.
  • Feilm in Éirinn Fadó
    Alt ó 'Biseach 1968', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige.
  • Bliain na nArda
    Alt ó 'Biseach 1968', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige.
  • Biseach 1968: Eagarfhocal
    Alt ó 'Biseach 1968', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige.
  • Maitiú Ó Tuathail
    Rugadh Maitiú Ó Tuathail, nó Matt Mhicilín mar is fearr aithne air, ar an gcéad lá d’Fheabhra 1919 i dteach beag ceann tuí i mBaile na hAbhann, Coill Rua Thiar. Dá réir sin, bhí sé 100 bliain d’aois Lá ’le Bríde na bliana seo. Micheál Ó Tuathail a bhí ar a athair, agus ba as Baile na hAbhann, Coill Rua Thiar dó. Bhí sé pósta ag Sorcha Ní Loideáin, as an mBóthar Buí, paróiste an Chnoic. Chomh fada le mo bharúil phós siad i 1916. Bhí triúr clainne acu – Máire, Maitiú agus Jude. Bhí Máire ar an mbean ba shine, Maitiú ar an dara duine agus Jude ar an duine ab óige. Fuair Micheál bás nuair a bhí Maitiú 7 mbliana.
  • Gaibhne i gCeantar an Spidéil
    Chonaic mé ceárta an tSiáin ag obair thart ar 1950. Chonaic, cé gurb é mo chloch nirt é cuimhneamh siar chomh fada sin. Is cuimhneach liom Tom an Ghabha ag iompar na hinneonach taobh thoir den cheárta. Níl a fhios agam cén meáchan a bhí san inneoin mhór sin ach bheadh sé ag bordáil ar 150 punt meáchain. Fear láidir a bhí ann agus is cuimhneach liom é a fheiceáil freisin ag siúl suas bóithrín na ceártan, tráthnónta tar éis a chuid oibre, é glanbhearrtha, le go n-ólfadh sé cúpla pionta thiar i sráidbhaile an Spidéil.
  • Aighneas Iascaireachta 1935
    I lár shamhradh na bliana 1935 thug tuairim is cúig fhear fhichead de chuid mhuintir na háite – an Tulaigh, Baile na hAbhann, an Chloch Mhór – aghaidh ar Loch na Creibhinne, nó Loch Bhaile na hAbhann, agus chuaigh siad ag iascach sa loch, a bhformhór ón mbruach, ach chuaigh triúr nó ceathrar amach i mbád. Iascach mar dhea a bhí ar siúl ag an gcuid is mó acu – d’admhaigh duine den lucht eagraithe, Séamus Ó Conghaile as Baile na hAbhann (Séamus Phat Shéamuis), ina dhiaidh sin gur slat sailí agus píosa twine ceangailte de a bhí aige féin. Tamall ina dhiaidh sin tháinig an té a mba leis cearta iascaireachta na locha, Michael Wallace, ar an láthair, le beirt ghardaí, agus tógadh ainmneacha.
  • An Tannery i nGaillimh
    Ní mba teach é an tannery a raibh daoine ag iarraidh mórán eolais a chuir air, mar a deireadh an seandream ‘teach tórramh na mart’. B’áit é a raibh cur síos mór air agus diabhal mórán duine nár chuala caint air. Is ann isteach a thugtaí gach a mbíodh go chraicne caorach agus beithíoch ag an slaughter house gan trácht ar bith ar an méid eile a thagadh isteach ann ó chuile áit ar fud an chontae mar mharaíodh go leor go mhuintir na tuaithe a gcuid beithíoch agus caorach fhéin. B’amhlaidh a shaillidís an mart nó an beithíoch go díreach glan mar a shaillidís an mhuic, é a ghearradh suas ina phíosaí agus é a chuir i mbairille picil.
  • Cá bhfuil ár dTriall?
    Shíl mé ar feadh scaitheamh maith den bhliain seo caite gur ar liosta na marbh a bheadh m’ainm san iris seo. Ba mhaith an tsíleachtáil dhom é: bhí ráig den ailse tar éis mé a chur ar chúl mo chinn, mar a dhéanann an galar míthrócaireach céanna le mórchuid daoine atá i bhfad níos óige ná mise. Deirtear nach maródh an deabhal an drochrud. Más fad nó gearr é, tá mise ar an taobh ceart den scraith go fóill agus mórchuid de na hathruithe atá feicthe agam ag seársáil anonn is anall trí m’intinn.
  • An Comhairleoir Daithí Ó Cualáin as Cor na Rón
    As agallamh a rinne Donncha Ó hÉallaithe leis an gcomhairleoir contae nua, Daithí Ó Cualáin, go gairid tar éis an toghcháin. Daithí Ó Murchú a rinne an tras-scríobh
  • Scoil Sailearna: Focal Buíochais ón bPríomhoide
    Thosaigh mé mo thréimhse mar phríomhoide i Scoil Sailearna i Mí Feabhra na bliana 2001. I Scoil Iognáid istigh i nGaillimh a bhí mé ag múineadh ag an am nó sa “Jes” mar is fearr aithne air. Cé go raibh mé an-sásta i Scoil Iognáid ba é mian mo chroí i gcónaí a bheith i mo chónaí agus ag obair sa nGaeltacht. Bhí cáil na Gaeilge, na drámaíochta agus an chultúir Ghaelaigh ar Scoil Sailearna agus ar cheantar Chois Fharraige agus nuair a fógraíodh an post thapaigh mé an deis agus bhí an t-ádh orm gur mise a ceapadh mar phríomhoide nua ar an scoil.
  • Ballaí Uí Chadhain
    Nuair a shiúlann tú suas Cor na Rón Láir, baile beag gnóthach é, tá go leor ar siúl. Trácht ag dul suas agus anuas, daoine ag teacht agus ag imeacht. Páistí ag súgradh, daoine ag obair, comharsan ag caint agus ag comhrá lena chéile...cosúil le aon bhaile eile in aon tír eile is dóigh, ach amháin má shiúlann tú cúpla míle suas an bóthar is scéal an-difriúil é. Scéal níos dorcha, scéal faoi thithe tréigthe i lár portaigh Chor na Rón, tréigthe i rith bhlianta an drochshaoil
  • Cothrom an ama seo leathchéad bliain ó shin...
    Thall sa Róimh a pósadh muid leathchéad bliain ó shin ar an 18ú Lúnasa 1969. Ní éirí in airde de chineál ar bith a thug chomh fada leis an Róimh muid ach cinneadh fíorphraiticiúil. Bhí chuile scilling dá raibh muid a shaothrú caite ar theach nua a bhí muid a thógáil. Bhí sé mar aidhm againn é a chríochnú de réir a chéile agus gan aon mhorgáiste a chur faoinár muineál. Sheet chipboard a bhí mar dhoras tosaigh againn agus pleainc ina aghaidh ón taobh istigh, ach bhí muid chomh sásta nach raibh aon deoir anuas orainn is dá mba in óstán ceithre réalta a bheadh muid.
  • Pádraig Joe Joe Mac an Iomaire (FG) – Comhairleoir Nua do Chonamara Theas
    Daithí Ó Muirí a thras-scríobh an t-agallamh seo a rinne Donncha Ó hÉallaithe le Pádraig
  • Dónal Ó Catháin/Dainín Keane R.I.P.
    Tagann an bás gan cás gan cuireadh agus ba é a fhearacht sin agamsa agus an scéal truamhéalach a chuala mé ón mbaile leis an maidneachan i dtús mhí Eanáir na bliana seo. Níos measa ná sin arís, bás tobann. Thall i bPerth na hAstráile a bhí mé ag scaoileadh tharam an gheimhridh ar feadh trí mhí mé féin agus mo bhean Máire ag fanacht i dteach m’iníne, Mairéad. Sheas sise i mbéil dorais an tseomra codlata agus labhair i nglóir ómósach urramach íseal, “drochscéala ón mbaile,” a deir sí, “tá Dan básaithe”. B’éigean di é a rá trí nó ceathair de chuarta mar gur shíl mé go raibh mé ag brionglóidigh nó ag rámhailligh. Chinn sé ar m’inchinn é a shú isteach agus a phróiseáil an tráth sin den mhaidin.
  • Ag Breathnú Siar …
    Aonach ar an Spidéal 1983. Pic. John Coffey, Co Chill Chainnigh
  • Nan Thaidhg
    Píosa a bhí scríofa i bpáipéar áitiúil de chuid Stát Maine i Meiriceá faoi bhean as an Spidéal a chuir siar ar bhóithrín na smaointe mé. Ba í Nan Ní Choncheanainn, nó Nan Thaidhg mar a bhí aithne uirthi sa Spidéal, a bhí faoi chaibidil i n-eagrán den pháipéar The Portland Evening Express a foilsíodh i mí Eanáir 1956. Ba í mo chol seisear, Gerie Huppe, a chuir chugam gearrthán as páipéar. Bí gaol ag an mbeirt againn le Nan agus bhí an t-ábhar seo bailithe ag Gerie mar chuid den stór mór eolais a bhí curtha i dtoll a chéile aicí ar chrann ginealaigh ár muintire.
  • Muilte Chois Fharraige
    Ní ceantar é Cois Fharraige a shamhlaítear le muilte sa lá atá inniu ann, ach is cosúil go raibh muilte fairsing go maith anseo sna céadta a chuaigh romhainn. Go deimhin, is as Éirinn a thagann an fhianaise is luaithe san Eoraip do cheard na muilleoireachta sa Meánaois, idir thagairtí don saer muileann, don lind (lochán an mhuilinn) agus don taídiu (sruth an mhuilinn) sna lámhscribhinní, agus a bhfuil fágtha de na fothraigh féin. Is féidir a bheith cinnte go raibh muilte beaga coitianta go maith timpeall na tíre sa luath-mheánaois, ach is ó dheireadh na 17ú hAois a thosaigh ré órga na muilleoireachta in Éirinn.
  • Conallach sa Spidéal - Domhnall Ó Duibhne
    Dá dhúthrachtaí, dá dhíograisí agus dá dheisbhéalaí iad ceannródaithe na hAthbheochana, ní fhéadfaidís an cuspóir a chuir siad rompu a thabhairt i gcrích mura mbeadh slua den ghnáthphobal ann ar fud na tíre a rinne sclábhaíocht i gcaitheamh na mblianta ar son na cúise. Tá iarracht ar bun le roinnt blianta anois le haitheantas a thabhairt dá leithéidí sin agus, más mall is mithid.
  • Ag Breathnú Siar ...
    Kevin Mhaidhc Ó Conghaile a bhailigh agus a d’ainmnigh na pictiúir
  • Leathchéad Bliain Craoltóireachta ag SBB
    Daithí Ó Muirí a thras-scríobh an t-agallamh seo a rinne Seosamh Ó Braonáin le Seán Bán
  • Cill Treasa Ros an Mhíl
    Tá stair sách fada ag Cill Treasa, teach pobal cheantar Ros an Mhíl. Nuair a scaradh iad mar phobal eaglasta leis an Tulaigh i nDeoise Thuama 1925, is Tí Sheáinín Chóil Bhig i mBaile Láir a bhailíodh pobal Dé ar an Domhnach. Ag tús na dtríochadaí socraíodh Cill Treasa a thógáil ar shuíomh álainn, ag breathnú siar ar Chuan Chasla. Is leathpharóiste leis an Spidéal é Cill Treasa. Cónaíonn an sagart paróiste sa Spidéal. Nuair a bhásaigh an Canónach McAlliney, S.P. a bhí ar an Spidéil i 1931 tháinig an Canónach Ó Donghaile i gcomharbacht air. Tháinig An tAthair Liam Ó Móráin mar shagart óg go Ros an Mhíl in 1932. De réir na leice atá ar an mballa, osclaíodh Cill Treasa in 1933.
  • Cás Cúirte Spéisiúil sa Spidéal 1919
    Céad bliain ó shin, tugadh triúr ball den RIC os comhair na cúirte sa Spidéal agus cúiseanna curtha ina leith faoi fhear áitiúil darbh ainm Peter Curran a ionsaí. Gearradh fíneáil 5 scilling ar bheirt den RIC chomh maith le costais £1 agus caitheadh amach an cás in aghaidh an tríú duine. Mr. Kilbride R.M a bhí ina chathaoirleach ar an gcúirt agus in éindí leis ar an mbinse bhí an Tiarna Killanin.
  • Deireadh an RIC i gCois Fharraige 1901-1922
    I rith an naoú céad déag tháinig an pobal faoi thionchar stát na Breataine ar bhealaí nár tharla roimhe sin. Tá an t-alt seo chun leathshúil a chaitheamh ar laethanta deireanacha cheann d’institiúidí móra an stáit sin, Constáblacht Ríoga na hÉireann, An Royal Irish Constabulary. Ba é an RIC an fórsa póilíneachta armtha a bhí sa tír agus iad ag feidhmiú chuile áit seachas i mBaile Átha Cliath. 9,656 fear a bhí san RIC i Meán Fómhair 1919, mar shampla, agus iad scaipthe timpeall na tíre in thart ar 1,400 beairic. Ó thaobh an cheantair seo de, bhí beairicí ag an RIC i mBearna, sa Spidéal, in Inveran mar a ghlaoigh Fórsaí na Breataine ar an mbeairic, ar an gCeathrú Rua agus ar an nGort Mór i Ros Muc. I rith Chogadh na Saoirse scriosadh go leor de bheairicí an RIC agus faoi 1922, nuair a cuireadh deireadh leis an eagraíocht, ní raibh fágtha de na beairicí áitiúla sin ach beairic an Spidéil. Go deimhin féin, scriosadh an bheairic sin sa gCogadh Cathartha.
  • Éalú de Valera ó Lincoln, 3ú Feabhra 1919
    Ar an gcéad deireadh seachtaine d’Fheabhra i mbliana thug mé féin agus Áine, mo bhean, cuairt ar bhaile stairiúil Lincoln i lár tíre Shasana. Le comóradh a dhéanamh ar éalú Éamoin de Valera agus beirt eile ón bpríosún ar an 3ú Feabhra a chuaigh muid ann.
  • Oíche Fhéile Shan Seáin
    Ba chuid de thuiscint ár sinsear é go raibh an bhliain roinnte ina dhá leath, mar atá, leath an gheimhridh agus leath an tsamhraidh. B’fhéile mór acu tús gachroinne acu seo (Samhain agus Bealtaine) agus b’fhéilte móra acu freisin laistigh de gach ceann den dá roinn seo, tús shéasúr an earraigh (Lá ’le Bríde) agus tús shéasúr an fhómhair (Lá Lúnasa). D’eascair an leagan amach seo ar fhéilte na bliana as an saol tréadach, an stíl bheatha bunaithe ar thalmhaíocht a chleacht siad. Ach bhí aird acu freisin ar fhéilte a thug aitheantas do thimthriall reanna neimhe agus go sonrach do ghrianstad an gheimhridh agus do ghrianstad an tsamhraidh, féilte a raibh ceiliúradh mór orthu in a lán cultúr.
  • Teailithe Thoghchán na Comhairle 2019
    Donncha Ó hÉallaithe a bhailigh
  • An Filí – Ceannródaí agus Urlabhraí Pobail
    Ba sa mbliain 1908 a rugadh Joe Shéamuis Sheáin nó Filí Bhaile na mBrobhach. Ba as Baile na mBrobhach a athair, Séamus Sheáin, agus ba as an mbaile ó theas de, Baile na hAbann a mháthair, Nóra Ní Chualáin. Ba iad na tithe cuarta, na tithe tórraimh, cruinnithe ag crosbhóithre agus ag geata an tséipéil a mhúin béaloideas Chois Fharraige don fhilí agus do na céadta leis. Bhí sé de cháil riamh ar mhuintir Bhaile na mBrobhach a bheith an-tráthúil ag caint. Cé nach ndeachaigh an filí le tráthúlacht ina chuid filíochta, chuidigh an tráthúlacht leis lena intinn a aibiú agus leis an bhfocal ceart a chur san áit cheart ina chuid filíochta.
  • An Chreach Oileáin
    Tá chuile sheans ann dá gcuirfeá ceist ar bhuachaillí Rang 5 & 6 i scoil bhreá nua Sailearna na laethanta seo céard é nó cá bhfuil an Chreach Oileán gur beag acu a bheadh in ann tú a fhreagairt agus is cuma sin. Ach ba mhór i gceist é agus mise i mo mhalrach sna ranganna céanna sa seanscoil fadó. Ní hí an ceann a leagadh faoi éint an chinn nua seo atá i gceist agam ach an oiread, ach an seanscoil a bhíodh taobh le caidéal an uisce agus leis an bpinniúr liathróide láimhe. Tá siad siúd imithe anois, ach buíochas le Dia agus leo siúd a thuig go mba cheart sin a dhéanamh, tá foirgneamh na seanscoile ina sheasamh i gcónaí agus bail i bhfad níos fearr air ná nuair a bhí mise inti.
  • Líon Scoláiri i Scoileanna Chois Fharraige 2019-2020
    Máire Ní Fhlathartaigh a bhailigh an t-eolas
  • Toghchán 1969, Bliain Chearta Síbhialta na Gaeltachta
    Caoga bliain ó shin, bunaíodh Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta i gCois Fharraige. San alt seo cuireann Donncha Ó hÉallaithe síos ar an gcaoi a bunaíodh an Ghluaiseacht agus ar an dtoghchán inar sheas Peadar Mac an Iomaire mar iarrthóir ar son Gluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta.
  • Dubhach' na Leanbh
    In alt fada a scríobh mé faoi Tigh Mholly agus a foilsíodh i mBiseach 2004, bhí an abairt seo agam ann; “Naonúr muirín a bhí orthu (.i. Pádraig Ó Tuairisg agus Molly Ní Allmhúráin) Nóra, May, Thomas, Delia, John, Annie, Kathleen, Michael agus Winnie”. Bhí sé sin fíor ach, déanta na fírinne, bhí easnamh mór ag roinnt leis an abairt nach mba léir dhom go dtí le fíordheireanas. Rugadh páiste eile dhon bheirt sin. Naonáinín beag soineanta ar tugadh Annie uirthi a tháinig ar an saol ina marbhghin, nó nár mhair mórán achair héis a breithe, nó nár baisteadh dhe réir dheasghnátha na hEaglaise shul má bhásaigh sí.
  • Cuid de na Daoine atá Curtha i nDumhach na Leanbh
    Bhí sé d’ádh orm go raibh mé ag comhrá le Paddy Mháirtín Pháidín Ó Droighneáin as an Teach Mór, Indreabhán, ar an 24 Samhain 2009 agus as an gcomhrá tarraingíodh anuas Dumhach na Leanbh. Bhí corr-ainm ar eolas agam féin faoi dhaoine a bhí curtha ann ach ní mórán é. Ach ní mar sin do Phaddy. Thug sé roinnt mhaith ainmneacha dhom lom láithreach agus mo bhrón fágadh an scéal mar sin. Dúirt mé leis a bheith ag smaoineamh ar éinne eile a thiocfadh isteach ina cheann agus go bhfeicfinn aríst é. Ach mo léan, ní dhearna mé beart de réir mo bhriathair. D’imigh an t-am agus d’imigh Paddy, beannacht Dé leis agus thug sé stór mór eolais leis.
  • Biseach 2019: Eagarfhocal: Údarás Daonlathach atá uainn
    Leathchéad bhliain ó shin chuir Gluaiseacht Chearta Síbhialta na Gaeltachta tús le feachtas fada le hÚdarás, a bheadh tofa go daonlathach, a fháil don Ghaeltacht. Nuair a bunaíodh an tÚdarás 40 bliain ó shin, fágadh faoi phobail na Gaeltachta 7 den 13 ar Bhord an Údaráis a thoghadh go daonlathach agus reáchtáladh an chéad toghchán i mí na Nollag 1979, ag ar toghadh Pól Ó Foighil agus Seán Ó Neachtain ó Chonamara Theas. Rinne siad ionadaíocht bhríomhar agus ghlórmhar - trodach amanntaí - ar son an phobail a thogh iad ag cruinnithe an Údaráis agus ba mhinic iad le cloisteáil ar RnaG á gceistiú faoi céard a bhí ar bun ag Údarás na Gaeltachta.
  • Corn an Iarthair san Iománaíocht ag An Spidéal
    Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Seo an tuairisc focal ar fhocal a bhí san Connacht Tribune ar an 4 Deireadh Fómhair, 1968. "Bhí cúis mórtais sa Spidéal oíche Dé Domhnaigh, nuair a thriall na hiománaithe abhaile ó Pháirc an Phiarsaigh, Gaillimh, le Corn Sóisir an Iarthair. Seo é an chéad uair ó 1958 anall a bhuaigh an cumann an Corn agus cé gur scór dúbalta é an toradh deireannach, ní go héascaidhe a fuaireadar an gearraí barr ar Chaisleán Gearr. Den chéad uair ó bhunadh na gceithre roinn sa chondae in 1914, bhuaigh an Spidéal Corn an Iarthair san iománaíocht agus sa bpeil. Cúpla seachtaine ó shin bhuaigh siad an craobh sa bpeileadóireacht den chéad uair."
  • Ó Chois Fharraige go hOileán Leòdhais
    Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is beag a cheap muid ar an gcéad lá de Mheitheamh, agus muid ag caitheamh na leabhra scoile ar an áiléar go ceann roinnt míonna, go dtiocfadh muid ar thuras chomh heachtrúil, ceolmhar agus cultúrtha sin taobh istigh de chúpla seachtain. Bhí samhradh fada, leisciúil, leithleiseach ag síneadh amach romhainn agus muid ag súil go mór leis. Bhí roinnt seachtainí caite againn agus muid ag imeacht le haer an tsaoil nuair a tháinig ár dtuismitheoirí chugainn le scéala go raibh fios curtha orainn go hAlbain. Bhí cinneadh le déanamh faoi dheifir. Gan fios againn cá raibh ár dtriall ná an mbeadh Wifi ná hairdryer san áit, shocraigh muid go dtabharfadh muid faoin eachtra.
  • Féile na nGael 2018 i gCois Fharraige
    Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. I mí Meitheamh na bliana seo ghlac foireann iomána faoi-14 CLG Mícheál Breathnach páirt i gcomórtas Náisiúnta Fhéile na nGael. Reáchtáiltear an comórtas iomráiteach seo i gContae nó i gCúige difriúil chuile bhliain agus b’iad Cúige Chonnacht a bhí i mbun a eagraithe i mbliana. D’fhág sé sin go raibh deis ag foirne iomána an chúige páirt a ghlacadh sna himeachtaí, a nglacann 5,000 gasúr páirt iontu, fad agus go raibh siad sásta foireann as contae éigean eile a óstáil.
  • Cumann Liathróid Láimhe Micheál Breathnach ag Craobh Liathróid Láimhe an Domhain, 2018
    Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Chuile thrí bliana a bhíonn Craobh an Domhain sa liathróid láimhe ar siúl agus i mbliana is i Minnesota Mheiriceá a tionóladh an chomórtas. Seachtar ón gCumann a shocraigh dul in iomaíocht ar an stáitse is mó dá bhfuil ann sa spórt seo. Toghadh Frances Uí Churraoin ón gCumann mar Oifigeach Idirchaidrimh le foireann na hÉireann. Shroicheamar Minnesota trí lá roimh an gcomórtas – bíonn sé tábhachtach na cúpla lá sin a bheith agat le dul i dtaithí ar an aeráid agus ar an éifeacht a bhíonn aige ar luas na liathróide, na cúirteanna agus ár ndóigh an tuirse aerthurais.
  • Meáirt Churraoin
    Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Sna hAille, Indreabhán, a rugadh Meáirt Churraoin ar an 12 Nollaig 1913 agus is ann a tógadh é. Is ann freisin a chaith sé an chuid eile dá shaol, seachas roinnt ama a chaitheamh ar an Eachréidh. B’as na hAille a athair, Pádraic, ó thús agus b’as an gCaorán a mháthair, Nóra. Bhí ochtar clainne acu, cúigear iníon agus triúr mac – Meaig, Nóra, Bríd, Sarah, Máire, Micheal, Andy, agus Meáirt féin.
  • An Phleanáil Teanga
    Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ghlac an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta le Plean Teanga Fhóram Chois Fharraige ag deireadh na bliana seo caite. €100,0000 agus fostaí amháin a thairg an Roinn leis an bplean a chur i bhfeidhm. B’é tuairim thomhaiste an Fhóraim, agus é sin léirithe go grinn, beacht sa bplean, go dteastódh €250,000 agus triúr fostaithe san áireamh ar an airgead sin, in aghaidh na bliana, leis an bplean a chur i bhfeidhm. Rinne an Roinn athbhreithniú ar a raibh á thairiscint aici, leasaíodh na critéir mhaoinithe agus cuireadh tairiscint eile faoi bhráid an Fhóraim: €150,000 in aghaidh na bliana agus beirt fhostaithe an babhta seo.
  • Cúrsaí ag Pastime Chonamara i nGaillimh
    Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Le tamall anuas tá ceangal láidir cothaithe idir an eagraíocht Pastime Chonamara agus Scoil an Oideachas le Chéile i gCnoc na Cathrach, Gaillimh. D’fhreastal daltaí Rang 1 agus Rang 2 ar Ranganna Ceardaíochta Bunúsacha Dátheangacha faoi stiúir an Teagascóra, Máirtín Davy. Bhí na ranganna ar siúl ar feadh cúig seachtainí agus, ag críochnú dóibh le gairid, bhronn an tAire Stáit ag an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, Sean Kyne, T.D., teastais ar na daltaí in Áras Bhóthar na Trá, Gaillimh. Tá daltaí as roinnt mhaith tíortha ar fud na Cruinne ag freastal ar Scoil an Oideachas le Chéile i gCnoc na Cathrach agus roinnt mhaith Gaeilge foghlamtha acu mar go bhfuil an chuid is mó den fhoireann teagaisc líofa i nGaeilge.
  • An Connacht Tribune 1918
    Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ach an oiread le gach áit ar domhan eile tháinig an Fliú chomh fada le Conamara i bhfómhar na bliana 1918. Cé go dtugtar an ‘Fliú Spáinneach’ air, ceaptar gur i Meiriceá a thosaigh sé agus gur leathnaigh sé go dtí an Eoraip le saighdiúirí ag tíocht ó Mheiriceá ag troid taobh leis an mBreatain in aghaidh na Gearmáine, le linn an Chogaidh Mhóir. Leathnaigh sé sna hospidéil míleata agus thug saighdiúirí an víreas abhaile leo ag filleadh ón gcogadh. Ceaptar gur cailleadh thart ar 50 milliún duine leis an bhfliú, nó 5% de dhaonra an domhain ag an am. An rud ab aistí faoin bhfliú in 1918, gur mharaigh sé níos mó daoine a bhí i mbarr a sláinte ná mar a mharaigh sé seandaoine.
  • An Fliú Mór 1918-19
    Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bhí an ghráin shíolta dhearg shíoraí ag na seandaoine ar an ngaoth anoir. Deiridís nár tháinig tada maith ariamh aiste ach aicíd agus chuile shórt dá dhonacht. Amach sa Márta ba mhó a shéideadh an ghaoth chéanna, láidir fuar feannta dhá réir. Chloisinn iad a rá, “is as an deabhal d’áit sin thoir a tháinig an fliú an chéad lá ariamh”, cothrom an ama seo anois, céad bliain ó shin le linn an Chéad Chogaidh Mhór. Siúráilte go maith féin a bhí siad, agus chuala mé na céadta uair, gur tháinig an aicíd as na trínsí sa bhFhrainc, na coirp a bhí ag lobhadh a ceapadh. Tugtar an fliú Spáinneach air freisin ach go háitiúil níor chuala mise mórán tagairt dó sin ag fás aníos.
  • Toghchán 1918 i gConamara
    Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is beag atá ar eolas faoi thoghchán 1918 i gCois Fharraige. ’Sé an peaca é ach, sin mar atá sa gcás seo. Ceann d’éachtaí móra Éirí Amach na Cásca ná cur in iúl do náisiúntóirí na hÉireann go raibh rogha eile ar fáil dóibh, mar ionadaithe pobail, seachas an Páirtí an Rialtais Dúchais. Roimhe sin, níor tuigeadh é sin i ndáiríre cé go raibh mionpháirtithe ar nós Sinn Féin ann. Is annamh a thug na mionpháirtithe sin dúshlán Pháirtí an Rialtais Dúchais. Bagairtí fisiciúla agus eacnamaíochta, easpa misnigh, easpa tacaíochta sna meáin agus easpa infreastruchtúir pholaitiúil chomh maith le tuiscint ar an stádas pobail a bhí ag Páirtí an Rialtais Dúchais. An rud a thug an tÉirí Amach do dhaoine ná an tuiscint go raibh daoine ann a bhí sásta príosún a dhéanamh, troid agus fiú bás a fháil ar son na poblachta (nó saoirse éigin a bhí níos iomláine ná Rialtas Dúchais).
  • Tigh Johnny Sheáin, Ceannáras Fíbín
    Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Nuair a bunaíodh Fíbín in 2003 is i seomra codlata i Leithrinn a bhí muid lonnaithe agus thug muid faoi dhráma amháin a dhéanamh, ‘An Gabha agus a Ghasúir’. Níor chreid mé go deo go mbeadh muid, ní hamháin fós anseo agus dhá chomhlacht faoi leith againn (drámaíocht agus teilifís), ach go mbeadh an teach tábhairne cáiliúil Tigh Johnny Sheáin á thógáil ar láimh againn freisin. Cé go gcaithfidh mé a admháil nár ól mé fhéin ann an-mhinic, bhí cáil ar an áit mar gheall ar na daoine a bhíodh ann, Johnny Chóil Mhaidhc ina measc. Craoladh Murphy’s Irish Stout Commercial óna 1990í ann agus atá le fáil ar YouTube fós agus is fiú breathnú air aríst, agus craoladh cláracha ar nós Geantraí ón teach céanna ag tús ré TG4 nó TnaG mar a tugadh air in 1996. Tá an-áthas orainn go mbeidh muid ag cur fúinn sa teach seo faoinar scríobh nó ar chum Johnny Chóil Mhaidce roinnt mhaith drámaí, rannta agus scéalta.
  • Scoil Nua Sailearna
    Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is sa mbliain 1999 a cuireadh an plean i dtoll a chéile ar dtús. Ba iad Douglas & Wallace na hailtirí a bhí ceaptha ag an Roinn Oideachais don chúram. Ba é Tomás Ó Ráighne príomhoide na scoile ag an am agus ba é an tAthair Míchéal Ó Flannabhra a bhí mar chathaoirleach ar an mBord Bainistíochta. Ba ceannródaithe agus ceannairí pobail iad an bheirt uasal seo agus faraor, tá siad beirt ar shlí na fírinne anois, beannacht Dé lena n-anam uasal.
  • An tSlat Cainte
    Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Chaith mé deich mbliana i gCalifornia. Bhí cónaí orm i Saratoga i nGleann Silicon, timpeall leathchéad míle ó dheas de San Francisco. Bhí cúram orm fhéin agus ar an sagart eile a bhí liom dul ag pharóistí áithrid a thug cuireadh dhúinn, le labhairt leis an bpobal faoi obair mhisinéireachta Chumann Naomh Pádraig san Aifric agus sa mBrasaíl. Bhí muid ag brath go mór ar na deontais ó na paróistí sin. Bhí go leor taistil i gceist mar bhí na paróistí scaipthe i sé Stát: Washington, Oregon, California (atá 800 míle óna thuaisceart go dtína dheisceart) Nevada, Arizona agus, ó am go chéile, cúpla paróiste i Texas.
  • Leagan Giorraithe d’Agallamh a chuir Seán Ó Tuairisg ar Tim Johnny do Raidió na Gaeltachta
    Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Rugadh é an bhliain chéanna ar tógadh Scoil Shailearna ar an gCnoc, Indreabhán, sa mbliain 1885. Bhí sé ina gharraíodóir ag an sean-Lord Killanin. Chuaigh sé isteach sna seanphóilíos, nó san RIC, an bhliain ar bhásaigh Micheál Breathnach, 1908. D’imigh sé as an RIC sa mbliain 1922. Ansin chuaigh sé go Maryland, sna Stáit Aontaithe, áit ar chaith sé geábh sna State Police agus bhí motorbike aige ansin, a deir sé. Tamall eile mar oifigeach príosúin i mBaltimore agus ina dhiaidh sin tháinig sé abhaile go dtí a bhaile dhúchais, an Spidéal, áit ar cheannaigh sé teach ósta, a bhí aige go ceann i bhfad ina dhiaidh sin agus atá fós cáiliúil mar An Crúiscín Lán. Sin é Tim Johnny, nó Tadhg Ó Cualáin. I mBoth Chuanna, díreach taobh thiar de dhroichead an Spidéil, a rugadh é, ach cér daoibh é?
  • An Garraí Glas
    Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Uaireanta éiríonn le daoine an rud a dheanamh a dheireann chuile dhuine nach féidir. Agus nach maith an rud é sin nuair a stopann tú isteach sa siopa glasraí, An Gharraí Glas, in Indreabhán i rith an tsamhraidh le do chuid glasraí úra orgánacha, a cheannach ón úinéir agus an feirmeoir Aonghus Chóil Mhaidhc.
  • Billeachaí, An Fear agus an Bád
    Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. An Fear: De réir scéil ba aniar as an nGleann Mór ar an gCeathrú Rua a tháinig Liam Mór ’ac Conghaile go Tóin an Chnoic i Ros an Mhíl, cé gurbh as Leitir Mealláin ó dhúchas é. Ba as Sruthail i gCo. Mhaigh Eo do Julia Acton, an bhean a phós Liam Mór. Tháinig sí mar chailín aimsire ag a dearthair, a bhí ina shagart ar an gCeathrú Rua.. Bhásaigh sí go hóg, in aois a naoi mbliana agus dhá scór, agus tá sí curtha i reilig Mhaighrois ar an mBánrainn, an reilig sin tá in aice le bád agus toibreacha Cholm Cille. Ba col ceathrar Liam Mór agus Páraig Mhicíl a bhí pósta ag Máireóg Deáirbe sa Rinn ar an gCeathrú Rua, agus ba col ceathracha dhó freisin Marcaisín Mhichíl Phádraig, an saothar báid as Cladhnach, agus Tón Mór ’ac Conghaile, captaen an Brig St. John, de réir an tseanchais, cé nach a bhfuil a ainm luaite ar aon cháipéis oifigiúil a bhain leis an mBrig údaí a báthadh amach ó chósta Bhostúin. Lucht farraige agus bádóirí a bhí iontu siúd ar fad.
  • Pádraic Mór Ó Fátharta
    Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá mé a cheapadh anois dá mairfeadh sé go mbeadh sé cúig scóir agus ceithre bliana. Chítear dhom go ndeiridís gur in 1914 a rugadh é. Mhair sé amach go lár na naochaidí. Páidín Ó Fátharta a thugtaí ar a sheanathair agus go réir mar a chloisinn go mba aniar as Leitir Caladh é. Chaith sé tamall ina chónaí ar an Teach Mór sul má chuaigh sé amach go Clochar na gCon. Tá a fhios agam go bhfuil garraí ar an Teach Mór a dtugtar Garraí Pháidín Uí Fhátharta air. Fear ard láidir a bhí ann.
  • Ros na Rún sa 23ú Séasúr agus anois in HD
    Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Aithníonn daoine Ros na Rún mar shobaldráma ar TG4 agus níl aon dabht ach go bhfuil an-tóir ag an lucht féachana ar na carachtair agus iad anois ag dul thríd an saol sa 23ú séasúr. Ach meas tú an bhfuil an oiread áirde tughta ar an sobal seo mar ghnó, mar áis agus mar thionscal sa gceantar atá ag cur fostaíochta agus traenála ar fáil le os cionn scór bliain.
  • Clár Monitor an BBC 1961
    Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Fágann teacht TG4 gur ar nós chuma liom anois a bhíonn pobal Chois Fharraige nuair a fheiceann siad criú teilifíse i mbun a gcuid oibre thart timpeall an cheantair sin. Mise á rá leat nach amhlaidh a bhí in 1961 nuair a tháinig lucht an BBC chuig teach mo sheanathar Micilín Mháirtín Eoghain Ó Neachtain i mBaile an Domhnalláin sa Spidéal, áit ar chaith siad dhá oíche i mbun taifeadadh ar chlár de shraith teilifíse darbh ainm Monitor a bhí an stáisiún a chraoladh ag an am. Clár ealaíne ab ea Monitor a craoladh idir 1958 agus 1965. Feicim anois gur Breathnach a raibh Huw Wheldon air a bhí ina cheannas (déanadh ridire dó in 1976) agus b’fhéidir go mba é an ceangal Ceilteach a chuir ina chloigeann siúd in 1961 gur bhfiú clár a dhéanamh faoin gcaoi ar mhair pobal beag Gaeltachta i gceantar a bhí iargúlta go leor ag an am.
  • Dumhach na Leanbh: Comhthéacs
    Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ní mór an t-iniúchadh is gá a dhéanamh ar an mbealach traidisiúnta ina ndéileáiltí le bás linbh sula dtabharfar faoi deara gur lú an t-aitheantas a tugadh tráth don bhás sin ná mar is gnách a thabhairt dó inniu. Tá meon i leith an linbh agus dearcadh ar a stádas léirithe i ndeasghnátha traidisiúnta atá an-difriúil ar fad ón tslí ina láimhseáiltear agus ina mbreathnaítear ar bhás linbh sa lá atá inniu ann. Is cuid den láimhseáil thraidisiúnta ar an mbás, mar shampla, iad na comharthaí a thugann réamheolas ina thaobh de réir an tseanchais. Tá siad seo bunaithe ar an tuiscint go mbíonn treoir le fáil ón dúlra nó ón saol eile faoi bhás atá le tarlú agus tugtar le fios sa tslí sin gur cúram dóibh é. Níor ghnách a leithéidí á lua le bás linbh agus is annamh ar fad a luaitear tuairisc ar an gceann is aithnidiúla díobh, caoineadh na mná sí, amhail is nár spéis léi bás linbh.
  • Coisín Chríost
    Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Sleamhnaíonn uisce an phortaigh timpeall mo chuid buataisí. Sheas mé ansin ar feadh tamaill agus líon mé mo chuid scamhóg le haer úr; níl aon áit ar domhan chomh deas le portaigh Cor na Rón. Níl a fhios ag mórán cá bhfuil Coisín Chríost nó lorg choiscéim Chríost atá i gcloch i lár na portaigh i gCor na Rón Láir. Níor thug mé cuairt ar an áit bheannaithe seo ó bhí mé i mo chailín óg, ach le gairid thosaigh mé fhéin agus mo Dhaidí ag labhairt faoi agus ó bhí an mhóin críochnaithe againn, chuaigh muid ar thóir clocha beaga beannaithe nach raibh feicthe againn leis na blianta.
  • An Gorta Mór i gCois Fharraige
    Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Dar le daonáireamh na bliana 1841, 11,278 duine a bhí ina gcónaí i bparóiste sibhialta Chill Aithnín ina bhfuil Cois Fharraige suite (2,000 teaghlach – díobh sin bhí 1,710 ag plé le talmhaíocht). Den mhéid sin, bhí léamh agus scríobh ag 593 duine; léamh amháin ag 264 duine, agus bhí 8,763 nach raibh léamh ná scríobh acu. Áiríodh 1,920 teach sa bparóiste sibhialta. Díobh sin, bhain trí cinn leis an gcéad ghrád; 27 leis an tríú grád; 872 leis an tríú grád; 1,018 teach a bhí sa gceathrú grád. Níorbh ann don chúigiú grád. Mar sin, sa gcuid seo den tír, is féidir a rá go raibh an pobal beo bocht, ag plé le talmhaíocht amháin, agus gan léamh ná scríobh acu – dream a bhí ag brath ar an mbarr sin a bhí éirithe chomh forleathan sin le céad bliain anuas, agus a mba chúis, cuid mhaith, le fás mór sa daonra ó trí mhilliún i 1750 go dtí ocht milliún in 1841. Agus, ar ndóigh, dá fhaide síos an dréimire dá raibh duine, ba mhó an seans go raibh siad i dtuilleamaí fataí amháin mar phríomhchothú bia. Agus dá gclisfeadh ar na fataí, mar sin, iadsan ba mhó a bheadh thíos leis. Tháinig an tuar faoin tairngreacht.
  • Ruaidhrí Ó Flaitheartaigh agus Ceantar an Spidéil
    Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ba mhór le rá é Ruaidhrí Ó Flaitheartaigh i gcaint agus i gcomhrá na ndaoine i gceantair an Spidéil. Nuair a thagadh comhluadar le chéile ar cuairt thart timpeall an teaghlaigh san am a caitheadh bhíodh Flaitheartach na Páirce go mór faoi chaibidil acu. Ba údar iontais agus mórtais dhíobh go raibh an scoláire mór seo ina chónaí ina measc agus is iomaí insint a bhí ar na tréithe léinn agus oideachais a bhain leis. Ba díobh féin é, de shliocht uasal Gaelach a raibh flaitheas acu ar an taobh seo tíre san am a caitheadh. Cosúil leo féin, díshealbhaíodh é óna thalamh dhúchais chun cur faoi sa stráice achrannach seo in aice na farraige. Nárbh é an Flaitheartach a bhaist an taobh tíre seo den chéad uair i Laidin nuair a thug sé mar seoladh “Armorica Galviensi” nó Cois Fharraige na Gaillimhe.
  • Ruairí Ó Flaitheartaigh, Ardfhear Léinn Iar-Chonnacht
    Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Scoláire cumasach a tharraing cáil ar a cheantar dúchais, Iar-Chonnacht, mar gheall ar a shaothar léinn ab ea Ruairí mac Aodha Uí Fhlaitheartaigh. Rugadh Ruairí i Maigh Cuillinn – i gcaisleán a athar is dócha – sa bhliain 1629. Cailleadh a athair in 1631 nuair a bhí Ruairí fós ina leanbh. Phós a mháthair, Eilís Ní Dhorchaí, an dara huair; ba é Seán Mac Fheorais (John Bermingham), deartháir le barún Bhaile Átha an Rí, an dara fear céile aici. Deirtear gur cailleadh Eilís sa bhliain 1636, ach tá fianaise áirithe ann gur botún cló é ‘1636’, agus gurb é ‘1666’ an dáta ceart. Chaill Ruairí cuid mhór de thailte a shinsear in Iar-Chonnacht sa choigistiú a lean Cogadh Chromail sna 1650í, agus chaith sé na blianta fada ina dhiaidh sin ag iarraidh, trí mheán an dlí ghallda, na tailte sin a fháil ar ais, ach is beag rath a bhí ar na hiarrachtaí céanna.
  • Micheál Ó Droighneán, ‘the most dangerous man at large’
    Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Céad bliain ó shin bhí Micheál Ó Droighneán, ón Tuar Beag, ar cheann de na ceannairí ba thábhachtaí a bhí ag Sinn Féin in Iarthar na hÉireann. Ball den IRB a bhí ann, curtha faoi mhóid an Bhráithreachais roimh Éirí Amach na Cásca ag Éamonn Ceannt, a bhíodh ag tarraingt ar an Spidéal ag an am. Tá Micheál luaite go minic sna tuairiscí rialta a chuireadh RIC an Spidéil agus na Gaillimhe go Caisleán Bhleá Cliath, an ceanncheathrú a bhí ag an fórsaí an choróin in Éirinn. I dtuairisc amháin a cuireadh go Bleá Cliath i Meán Fómhair 1918, dúradh faoin Droighneánach gurb é ‘the most dangerous man at large in the Riding and that he is responsible for the Sinn Féinism that prevails in the Spiddal district’. Tá an cód a bhí á choinneál ag an RIC ar an Droighneánach scrúdaithe agam agus is ar na tuairiscí sin atá an t-alt seo bunaithe.
  • Muintir Leaice as na hAille
    Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Seo scéal beag faoi Mhalachy Concannon (20/03/1796 go dtí 12/02/1875) agus a bhean, Ellen nó Helen Costello (18/02/1801 go dtí 25/02/1886) arbh as na hAille di. Is é an t-eolas a fuair mé ná go dtáinig seisean as Tuaim Dhá Ghualainn ina fhear óg, phós sé Ellen Costello agus chuir siad fúthu sna hAille. Tugadh ‘Leaice’ mar leasainm ar Mhalachy. Is dóigh go raibh an t-ainm ‘Malachy’ cloiste ag muintir a’ bhaile agus lean an t-ainm a chlann agus a gharchlann. Bhí ceathrar clainne acu, Timothy, Bríd, Páidín agus Catherine. Chuaigh Tim agus Páidín go Meiriceá. Phós Catherine agus Bríd go háitiúil. Faoi Bhríd Leaice an scéal seo.
  • Seansiopaí a bhíodh idir an Spidéal agus Ros an Mhíl
    Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. “A nation of shopkeepers’ a thug Napoleon ar an mBreatain. Dúirt daoine gur le drochmheas a dúirt sé é sin, ach dúirt sé féin gurbh iad na siopaí beaga a chuir an Bhreatain chun cinn i saol na tráchtála. D’fhéadfaí an rud céanna a thabhairt ar an tír seo san am a caitheadh. Sa bpíosa seo tá cur síos ar na siopaí a bhí ann idir an Spidéal agus Ros an Mhíl ach nach bhfuil ann níos mó. Bhí siopa nó dhó i chuile bhaile fearainn. Bhí siad ann mar ní raibh carranna ann agus chaithfeadh duine siúl. Bhí go leor daoine i chuile theach agus bhí go leor earraí ag teastáil. Bhí go leor curadóireachta ar siúl. Dhíol na siopaí ar fad mórán na rudaí céanna, tae, siúcra, tobac, snaoisín, milseáin, subh, ola mhór, (pairifín), earraí a theastaigh i chuile theach ach bhí cuid acu a dhíol málaí móra plúir, bran, iasc saillte i mbairillí, suimint, láí, speal, sleán, etc. Bhí siopa i gcuid de na tithe ósta.
  • Comhrá le Seán Ó Tuairisg, Cathaoirleach nua Chomhairle Chontae na Gaillimhe
    Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. I mí Iúil seo caite roghnaíodh mo chomharsa, Seán Ó Tuairisg, ina Chathaoirleach ar an gComhairle Chontae. Chas mé leis ina theach sna hAille, i mí Lúnasa seo caite, le labhairt leis faoina shaol agus faoin gcúram nua atá air. Mar chathaoirleach ar an gComhairle Chontae bíonn ar Sheán freastal ar an iliomad ócáidí: ag bronnadh duaiseanna; ag oscailt féilte is ócáidí; ag fáiltiú roimh cuairteoirí go Gaillimh chomh maith le cruinnithe an Chomhairle Chontae a stiúradh. As an ualach breise oibre, tugtar liúntas €10,000 don chathaoirleach. “Bíonn an t-uafás taistil i gceist agus bíonn orainn íoc as roinnt ócáidí as an liúntas sin. Ní chlúdaíonn sé na costais, ach is onóir é domsa”, a dúirt sé liom.
  • Biseach: Eagarfhocal 2018
    Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Rud amháin a tháinig as an gcruinniú poiblí a thionól an Cumann Forbartha faoi cheist na talún trasna ó Shéipéal an Chnoic ná gur léirigh sé tacaíocht don Chomharchumann i measc na ndaoine a bhí ann. Ach léiríodh chomh maith smaointí éagsúla i measc na ndaoine a bhí i láthair faoi na áiseanna a theastaíonn ón bpobal nach bhfuil againn faoi láthair: ionad spóirt ina mbeadh gym agus fiú linn snámha; ‘Cró na bhFear’; áit a bhféadfadh mná le páistí óga tíocht le chéile ar maidin le haghaidh cupán tae nó caifé; Mol nó Hub don Óige mar atá i mBearna; agus Reilig nua.
  • Blianta Tosaigh Chumann Micheál Breathnach
    Alt ó 'Biseach 2017', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bhí an t-alt Cumann Peile Mhichíl Bhreathnaigh sa Cló Gaelach, mar a bhí an t-ábhar ar fad i mBISEACH 1967 agus ba é ‘M.J.Sh.’ a scríobh é. Níl aon athrú curtha ar a alt ach go bhfuil an Cló Rómhánach curtha air agus go bhfuil corr-cheartúchán cló déanta.
  • Cumann Liathróid Láimhe MB
    Alt ó 'Biseach 2017', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá fás thar cuimse tagtha ar an líon imreoirí liathróid láimhe sa gceantar le blianta beaga anuas. Cumann fíorghníomhach muid agus muid ag glacadh páirte i gcomórtais ar fud na tíre agus go deimhin, ar fud an domhain. Pinniúr 40 x 20 d’ard chaighdeán, le balla cúil gloine agus áit féachana den scoth atá againn anseo ar an gCnoc. Thógamar cúirt Aon Bhalla seachtrach in 2016 ar a chúl agus tá an t-ádh linn go bhfuil úsáid halla Scoil Sailearna ag an gcumann – a mbuíochas sin le Fearghas Mac Lochlainn. Bíonn grúpa mná ón gcumann ag imirt gach Luan & Máirt i Scoil Sailearna agus baineann siad an-tairbhe as.
  • Sacar i gCois Fharraige faoi Bhláth
    Alt ó 'Biseach 2017', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bunaíodh Cumann Sacair Chois Fharraige sa bhliain 2004. Cuireadh foirne chun páirce faoi 14, faoi 16, faoi 18, chomh maith le foireann sóisir agus tugadh deis do chách ó cheantar Chois Fharraige sacar a imirt le foireann áitiúil, in áit dul ag imirt i nGaillimh nó le Cumann Sacair Mhac Dara ar an gCeathrú Rua.
  • An Club Óige
    Alt ó 'Biseach 2017', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Déanta na fírinne, ba go drogallach a ghlac baill nua choiste Chlub Óige Lurgan lena gcuid cúramaí bliain ó shin. Nach raibh aon duine eile a dhéanfadh é? Cé a d’fhéadfadh paca déagóirí a láimhseáil?
  • Claí na Teorann
    Alt ó 'Biseach 2017', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is iomaí sin scéal atá cloiste agus léite agam faoin drochbhail a cuireadh ar pháistí a rugadh do mháithreacha nach raibh pósta san am a d’imigh agus ar ndóigh an drochbhail a cuireadh ar na máithreacha freisin. Ach, tá scéalta eile nach bhfuil mórán cainte déanta fúthu fós, agus ’siad sin ná na scéalta a bhaineann leis na páistí a rugadh marbh, nó fuair bás gan iad a bheith baiste. Má fuair siad bás san ospidéal is deachar a rá cár cuireadh iad, agus má fuair siad bás sa mbaile cuireadh iad faoi chlaí na teorann nó i nDumhach na Leanaí.
  • Aistí faoi Logainmneacha Áitiúla an Cheantair
    Alt ó 'Biseach 2017', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Aistí faoi Logainmneacha Áitiúla an Cheantair
  • Club Foghlaimeoirí Gaeilge Chois Fharraige
    Alt ó 'Biseach 2017', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. I mí na Márta, 2016 shocraigh grúpa ‘díograiseoirí’ tús a chur le ‘Seisiúin Ghaeilge’ i gceantar an Spidéil, agus ghlaodar Club Foghlaimeoirí Gaeilge an Spidéil orthu féin. Athraíodh an t-ainm ó shin, mar go mbíonn foghlaimeoirí as ceantar Chois Fharraige ar fad ag freastal ar na seisiúin seo. Go deimhin féin, tagann foghlaimeoirí ó chomh fada ó bhaile leis an gCeathrú Rua chuig an seisiún a bhíonn ar siúl sa gCrúiscín Lán chuile mhaidin Dé Máirt le bliain go leith anois.
  • Peter Folan (Peadar Mac Fhualáin) Príomhchonstábla san RIC 1913-1921
    Alt ó 'Biseach 2017', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Rinne Peadar Mac Fhualáin cur síos ar a shaol san RIC i dtuairisc a thug sé don Bhiúró Staire Míleata sa mbliain 1947. Is i mBéarla a thug sé an tuairisc. Sa bPáirc, soir ón Spidéal a rugadh Peadar sa mbliain 1896. Máirtín a bhí ar a athair agus Mary Geraghty a bhí ar a mháthair. Bhí deichniúr sa gclann, ceathrar dearthár agus cúigear deirfiúr. Ba deartháir é le Johnny Folan, a raibh siopa aige i sráidbhaile an Spidéil tráth. Bhí Peadar pósta le Mairéad Bairéad as Magh Cuillinn, múinteoir i mBaile Átha Cliath.
  • Go Kilimanjaro
    Alt ó 'Biseach 2017', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ar an 8ú Iúil thug muid aghaidh ar an Tansáin chun tabhairt faoin sliabh is airde san Afraic a dhreapadh, Sliabh Kilimanjaro (Uhuru Peak). Bhuail muid lenár gcomhghleacaithe ar fad in aerfort Bhaile Átha Cliath. Bhí cúigear déag eile ag tabhairt faoin dúshlán céanna. Ina measc bhí ceannaire an ghrúpa, Mary Gunning ón gcomhlacht Earth’s Edge agus an dochtúir Edel McEntee. Ón gcéad nóiméad sin, ba léir go mbeadh atmaisféar gealgháireach agus réidh i measc na ndreapadóirí uile.
  • An Battery, Túr Martello Ros an Mhíl
    Alt ó 'Biseach 2017', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Sheas mé taobh amuigh den Bhattery cúpla geábh le roinnt bliana anuas, agus mé ag breathnú suas ar an doras dúshlánach, agus ar an rópa atá ag síleadh anuas as! Ag cuimhneamh ar dhul isteach ann a bhím, ach theip ar mo mhisneach chuile gheábh go dtí an lá cheana, agus thug mé faoi, ach ní dheachaigh mé thar an doras. Mar sin tá orm cuimhní cinn agus cuntas a thug mo uncail, Colm Ó Maoileoin, ar an mBattery a úsáid sa bpísín seo atá curtha le chéile agam faoi.
  • Beagán Eolais faoi Chuid de Ghasúir mo Cheantair a bhí i Seanscoil Sailearna Fadó
    Alt ó 'Biseach 2017', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Beagán Eolais faoi Chuid de Ghasúir mo Cheantair a bhí i Seanscoil Sailearna Fadó
  • Mo Chuimhne ar an Teilifís Bradach
    Alt ó 'Biseach 2017', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. An oíche ar taispeánadh an scannán faoin dornálaí Sean Ó Mainnín i Ros Muc bhí an Chrannóg lán go doras. Bhí muintir Ros Muc bródúil astu féin an oíche sin agus ar ndóigh bhí siad thar a bheith ríméadach as a raibh le feiceáil ar an scáileán acu. Ba tráthúil an ní é freisin gur trí TG4 a tháinig an scannán.
  • Muirísigh an Spidéil
    Alt ó 'Biseach 2017', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ba de shliocht Normannach iad Muirísigh na Gaillimhe. Bhíodar ar cheann de cheithre threibh dhéag na c thrach. Tá an chéad thrácht ar an gclann i saol Chathair na dTreabh in 1486 nuair a luathaítear Risteard Mares (an litriú a bhí ar an sloinne ag an am) ina bháille sa chathair. Ba é William Mares an chéad duine den chlann a bhí ina Mheara ar Ghaillimh sa tréimhse 1527-28. Ba ag tús an seachtú céad déag a chuirtear síos orthu faoin sloinne Morris agus ba mhór le rá iad i saol polaitiúil agus gnó an bhaile mhóir.
  • Muintir Thuathail agus Durkin
    Alt ó 'Biseach 2017', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ina leabhar ‘Oidhreacht na nOileán’ tá sé ráite ag Pádraic Ó Biadha gur tháinig Seán Ó Tuathail aniar as oileán Iomaí agus gur chuir sé faoi in aice le Laidhean in Eanach Mheáin. Bhí Seán ina stíobhard ag Sinéad Ní Sheachnasaigh a raibh cónaí uirthi in Lettermore House agus a bhí ina gníomhaire ag an Tiarna Talún, Christopher St. George. Rugadh R.H. Ó Tuathail in Eanach Mheáin in 1881 do Sheán Ó Tuathail agus dá bhean Sabina Ní Mháille. Richard a thugadh a mhuintir féin air, Dick Toole a thug muintir na háite air agus R.H. O’Toole an t-ainm gnó a bhí aige.
  • I gCuimhne an tSiopadóra
    Alt ó 'Biseach 2017', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ní raibh a leithéid ann agus ollmhargadh sna tuathcheantair agus mise ag fás aníos, caoga bliain ó shin. Bhíodh an cruth céanna, beagnach, ar na siopaí uile. Bhíodh cuma tí orthu ón taobh amuigh, le fógra de chuid ‘Players’ nó ‘Sweet Afton” crochta amuigh faoin díon, le cur in iúl do dhuine gur siopa a bhí ann. Bhíodh cannaí ‘Batchelors Beans’, agus boscaí púdar níocháin ‘Rinso’, leagtha ar an bhfuinneog taobh istigh, chomh maith le hearraí eile. Bhíodh an dath imithe de na boscaí agus na cannaí seo go minic, an dath glanta díobh ag an ngrian, dá bhfágfaí iad rófhada ar an bhfuinneog.
  • Litir an Phiarsaigh
    Alt ó 'Biseach 2017', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Cóip de litir ó Phádraig Mac Piarais, a chuir sé go dtí Seán a’ Ghabha ar an gCnocán Glas ar an 19 Deireadh Fómhair 1904. Tá an bhunchóip ag Breandán Ó Droighneáin ar an gCnocán Glas.
  • Muintir Mhic Giolla Phádraig, an Teach Mór agus Speireadh na mBó
    Alt ó 'Biseach 2017', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá scór bliain ann, beagnach, ó iarradh orm alt a réiteach do shraith cainteanna ar Raidió na Gaeltachta faoi stair na bpobal Gaeltachta, a foilsíodh ina dhiaidh sin sa leabhar Pobal na Gaeltachta: a scéal agus a dhán (Gearóid Ó Tuathaigh, eag., 2000). Thosaigh mé ag léamh agus ag déanamh taighde fúm agus tharam, agus mar chuid de seo tháinig mé ar chaiséad fuaime sa rannóg chlosamhairc i leabharlann na hollscoile i nGaillimh. ‘Scéalaíocht agus Filíocht’ a bhí scríofa ar an gclúdach, agus dánta, scéalta agus seanchas as Cois Fharraige an t-ábhar a bhí faoi chaibidil ag an mbeirt nó triúr cainteoir a bhí le cloisteáil air. Ach ní raibh a fhios cé a bhí ag caint, ná cén uair a rinneadh an taifeadadh, ná cé a thug don leabharlann an chéad lá riamh é. D’éist mé leis ar chuma ar bith agus luaigh duine de na cainteoirí agus é ag trácht ar an Teach Mór, nó Baile an Tí Mhóir, an baile fearainn atá idir an Lochán Beag agus Cor na Rón, go raibh tiarna talún ann sa seanreacht darbh ainm Éamonn Mac Giolla Phádraig agus go gcaithfear gur drochthiarna a bhí ann, mar gur speireadh a chuid beithíoch.
  • Liam Ging
    Alt ó 'Biseach 2017', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Aon uair amháin a leag mé súil ar Liam Ging. M’anam nach bhfuil mórán beo inniu a chonaic é má tá duine ar bith. Bhí mo mhuintir amuigh in áit éicint agus ní raibh istigh ach mé fhéin, a maise bhí mé an-óg ag an am. Ara ón gcaoi ar tháinig an seanfhear seo isteach agus folt fada liath féasóige air, ag iarraidh splaince le haghaidh tine an phortaigh a bhí sé. Bhí portach aige siar ó theach mo mhuintire i gClochar an Locha, siar píosa go bhóthar an Chnoic Bhig ó dheas go bhóthar san áit a dtugtar Gleann an Tairt air.
  • Cumann Béaloidis Chonamara
    Alt ó 'Biseach 2017', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Sa bhliain 1987 shocraigh an Cumann le Béaloideas Éireann tionól bliantúil a eagrú lasmuigh de Bhaile Átha Cliath mar chuid dá n-imeachtaí feasta agus tugadh an chéad tionól díobh sin le chéile ar an gCeathrú Rua, 24-6 Aibreán, an bhliain sin. Cuireadh foireann bhreá cainteoirí ar fáil agus ócáid spreagúil thaitneamhach a bhí inti inar deineadh cíoradh ar scéalaíocht, ceol, seanchas agus damhsa an cheantair. Ba le linn an tionóil sin, nuair a theip ar an Ollamh Caoimhín Ó Nualláin a nótaí féin a léamh agus é ag tabhairt léachta, a chaith sé an chaint atá athráite go minic ó shin: ‘Mo leithscéal,’ ar seisean, ‘nach féidir liom mo scríbhneoireacht féin a léamh, ach ar a laghad táim sásta an dearbhú sin a bheith agam nach púca mé.’
  • Acmhainní Nádúrtha i gCois Fharraige
    Alt ó 'Biseach 2017', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá an t-ádh orainn i gConamara Theas go bhfuil acmhainní nádúrtha den scoth againn, acmhainní nach bhfuil aon smál fágtha orthu ag an duine, den chuid is mó. Tá Cuan na Gaillimhe ann, portaigh Chonamara, iliomad de gharrantaí beaga, an coimín oscailte agus, ar ndóigh, an gréasán aibhneacha agus lochanna anoir ó Bhearna siar chomh fada le Baile na hAbhann.
  • Príomhfheidhmeannach nua an Údaráis, Micheál Ó hÉanaigh
    Alt ó 'Biseach 2017', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Chas mé le Micheál Ó hEanaigh in oifigí an Údaráis sna Forbacha ar an 19 Meán Fómhair. Ní raibh sé ach seachtain ina phost nua mar Phríomhfheidhmeannach ar Údarás na Gaeltachta. Is é Micheál an dara duine ón nGaeltacht agus an dara duine ó Pharóiste an Chnoic, mar a tharlaíonn, a ceapadh i gceannas ar an Údarás. Steve Ó Cúláin ó Bhoth Chuanna a bhí sa phost roimhe ar feadh cúig bliana.
  • Cois Fharraige 50 Bliain ó Shin de réir na Nuachtán
    Alt ó 'Biseach 2017', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Sa bhliain 1967 cuireadh an chéad eagrán den iris BISEACH os comhair an phobail, é foilsithe ag Cumann Forbartha Chois Fharraige, eagraíocht pobail a bunaíodh an bhliain roimhe sin. Is léir ó nuachtáin na bliana 1967 go raibh borradh faoi phobal Chois Fharraige leathchéad bliain ó shin agus spiorad nua sna daoine; go raibh scamall dorcha duairc an lagmhisnigh a d’éirigh as bánú an cheantair ag an imirce, ag ardú agus lóchrann an dóchais ag leathnú. Tugtar léargas sna scéalta seo thíos, atá pioctha ag Donncha Ó hÉallaithe ó na nuachtáin INNIU agus AN CURADH CONNACHTACH, ar a raibh ag tarlú sa gceantar leathchéad bliain ó shin.
  • Seanscoileanna ón gCoill Rua go dtí sruthán thiar an Locháin Bhig
    Alt ó 'Biseach 2017', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is iomaí scoil bheag a bhí scaipthe abhus is thall ar fud na tíre agus is amhlaidh a bhí sa gceantar seo freisin. Bhí ‘Scoil Scairte’ Liam Uí Laoi sa gclais ghainimh gar don áit a bhfuil mo theachsa sa lá atá inniu ann. Níl ‘fhios agam cé na blianta atá i gceist. Bhí scoil bheag ceann tuí i gCoill Rua sa mbliain 1026 agus ba é Riocard Ó Maoilruaidh an múinteoir a bhí sa scoil sin. Bhí scoil bheag eile sna hAille fadó síos Bóithrín Wallace, ó dheas de Choláiste Cholm Cille.
  • Cuimhneachán an ‘Mine’ 2017
    Alt ó 'Biseach 2017', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. “Lá uaigneach, a dúirt Pádraig Willie”, nuair a bheannaigh muid dá chéile taobh amuigh den Phoitín Stil, trathnóna Déardaoin, an 15ú Mheitheamh, Lá Cuimhneacháin an Mine. Bhí deora troma sillte ag na spéartha o mhaidneachan lae. Lá salach. “Timpeall an ama seo, a dúirt sé, “céad bliain ó shin, lá salach gruama a bhí ann.”
de 5
1–100 de 496