Míreanna
-
Filíocht Biseach 1987 Alt ó 'Biseach 1987', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Filíocht Biseach 1987 -
Mo Shaol san Afraic Theas Alt ó 'Biseach 1987', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Le dhá bhliain anuas bhí mé ag déanamh obair dheonach i Durban san Afraic Theas mar bhall den eagras Viatores Christi. Cuireann an t-eagras seo oiliúint ar fáil do dhaoine gur mian leo oibriú mar mhisinéirí tuata i measc daoine bochta. Bhí mé ag obair i ndílleachtlann do ghasúir den chine daite . Ba mhná rialta den Ord Naomh Aibhistín a bhí ag breathnú i ndiaidh na ngasúr seo agus bhí timpeall céad buachaill faoina gcúram ó aois a ceathair go bliain is fiche. Chomh maith le dílleachtaí bíonn buachaillí ann a fhaigheann drochíde sa mbaile nó nach bhfuil a gcuid tuismitheoirí in ann an aire cheart a thabhairt dóibh. Tá formhór a gcuid tuismitheoirí scartha ó chéile agus ní minic aithne acu ar a gcuid aithreacha. -
Club Óige Lurgan Alt ó 'Biseach 1987', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is féidir le muintir an pharóiste seo bheith fíormhórtasach as an slua breá daoine óga atá páirteach i gClub Óige Lurgan. Aon duine a thiocfadh isteach sa chlub Aoine ar bith, d'fheicfidís an bealach éifeachtach ina n-eagraíonn na daoine óga féin, baill an choiste agus eile, na cluichí éagsúla ag tús na hoíche, na córais a oibríonn siad i gcaoi is go mbeidh cothrom na Féinne le fáil ag gach ball, óg is aosta, sna himeachtaí éagsúla agus an bealach ina gcuidíonn chuile dhuine nuair atá na boird agus an trealamh le stóráil agus an halla le glanadh ag deireadh na hoíche. -
Comhar Creidmheasa Alt ó 'Biseach 1987', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Comhar Creidmheasa is ea grúpa daoine a shábháileann airgead le chéile ionas gur féidir iasachtaí airgid a thabhairt i gcóir riachtanaisí torthúla ar rátaí úis réasúnacho Is ar bhunphrionsabail na féin-chabhrach atá gluaiseacht na gComhar Creidmheasa bunaithe agus is é atá i gceist go príomhdha ná: (i) Cothú coigiltis i measc daoine; (ii) Cruthú creidmheasa dhá chéile; (iii) Cothú leas an phobail. -
Eanlaith Fiáine Alt ó 'Biseach 1987', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. I mbéal an dorais agam mé óg bhí dhá choill: ceann an taobh s'againne den abhainn agus an ceann eile ar an taobh thall. Níor bheo mise agus gasúir m'aoise gan seáirse a thabhairt ins na coillte sin. Aeraíl na hóige dár saighdeadh an uair úd. Bhíodh cineál draíocht ag baint leis ag teacht na huaire bhreá tráth mbíodh an dúlra 'na dhúiseacht, an lá gafa i bhfad agus gléineacht an tsuaircis le tabhairt chun cruinnis sa ngrian, sa ngealach, sa spéir ó mhaidin go moch go camhaoir an tráthnóna. Na héanlaith a raibh a dtarraingt ar mhong, ar chrann, ar aill, ar thamhnach, ar riasc, ar thom nó ar sceich taobh istigh nó taobh amuigh de na coillte úd, sin iad a mheall sinne lena nglaoch, le torann a gcuid sciathán agus le niamhracht a gcuid ceoil. Chualamar cois teallaigh faoi Úna Bhán " ... a glór ba binne ná glór an éin ar chraoibh". Dúradh linn freisin "go n-imthíonn an mheánfach ó dhuine go duine mar a imthíonn an t-éinín ó bhile go bile". -
Céibh an Spidéil 1867-1871 Alt ó 'Biseach 1987', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bhí earrach na bliana go dona. Fuair 2,000 beithíoch bás i gConamara in earrach na bliana sin agus bhí gorta ag bagairt arís. Mar ba ghnáthach i gcásanna dá Ieithéid sin moladh oibreacha poiblí a chur ar bun sa gcaoi go mbeadh saothrú ag na daoine a chuirfeadh ar a gcumas beatha a cheannach agus an cíos a íoc. -
Biseach 1987: Cumann Forbartha Chois Fharraige Alt ó 'Biseach 1987', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. I 1966, ní raibh aon mhonarcha ag Gaeltarra Éireann ó abhainn an Spidéil go dtí abhainn Chruimlinn . Ní raibh aon phíopaí uisce ag dul le bóthar. Ní raibh mórán turasóirí ag fanacht ar lóistín san áit, cé is móite de Choiste na bPáistí, agus gasúir na mBráithre. Bhí líon na ngasúr sa Scoil Náisiúnta ag ísliú. Ba chaol sheans go bhfaighfeadh an duine a fuair deis oideachas tríú leibhéal a fháil, obair ina cheantar féin. B 'í an imirce a bhí ag briseadh croí aithreacha agus máithreacha a bhí tar éis clann mhór a thógáil. -
Cumann Micheál Breathnach Alt ó 'Biseach 1983', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Céard é Cumann Micheál Breathnach? Scata buachaillí óga ag dul timpeall ag ciceáil liathróide? Cúpla duine ag dul timpeall ag díol ticéidí nó ag iarraidh airgid le haghaidh seo nó siúd gach ré seachtain. Ar ndóigh níl tada eile le déanamh ag a bhformhór ar aon nós! -
Lios na Gréine Alt ó 'Biseach 1983', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Dé hAoine 3 Meitheamh rinne an Dr Oirmh. Éamonn Ó Cathasaigh Easpag na Gaillimhe an oscailt oifigiúil ar Lios na Gréine, an t-áras nua i gCor na Rón. Teach fairsing slachtmhar é a bhfuil an fhéile, an cineáltas agus an Chríostaíocht le mothú ann. -
Club Lurgan Alt ó 'Biseach 1983', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Don dara bliain as a chéile ghnóthaigh Club Lurgan an trófaí agus duais (400 don Chlub Óige ab'fhearr sa Ghaeltacht i 1982, i gcomórtas 'Forbairt' Údarás na Gaeltachta. D'fhág seo nach raibh cead againn cuir isteach air arís i 1983, ach níor chuir sé seo bac ar bith ar ár gcuid gníomhaíochtaí ná ar ár ndíogras. Bhí an bhlian 1982-83 chomh lán d'imeachtaí le ceachtar den dá bhlian a d'imigh roimpe – go deimhin chuir muid cúpla smaoineamh nua i gcríoch. -
Tomás Bán Mac Aodhgáin Alt ó 'Biseach 1983', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tomás Bán Mac Aodhgáin, Máirtín Pheaits a sholáthar. -
Blúiríní Nuaíochta Alt ó 'Biseach 1983', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Blúiríní Nuaíochta Biseach 1983. -
Éigse Scoile Biseach 1983 Alt ó 'Biseach 1983', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Éigse Scoile Biseach 1983 -
Sgéal - sgéalaí agus sgéalíocht Alt ó 'Biseach 1983', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ó thús m'óige i mo ghasúirín bheag dhom agus sula ndeacha mé ag aon scoil ariamh bhí sgéalta agam agus an spéis agam thairis sin ionta. Sgéalta grinn, sgéalta sídhe, finnsgéalta, sgéalta beaga a tharla thart sa limistéar a raibh baint aca le féiltí na bliana, le piosreógaí agus le go leór leór d'imeachtaí nádúrtha na ndaoiní agus an cheantair. Ina dhiaidh sin sea thosaigh mé cur suime agus a'teacht isteach ar na sgéalta fada agus ar a'bhfiánníocht. Bhí seisear nó mór-sheisear de shean-seansachaí ar a'mbaile a bhí chomh maith le aon seanchaí ó Chnoc Cathrach na Gaillimhe siar le cósta chomh fada le Tower-Cheann Gólaim. Ní thagadh iabh ortha nó foras ó thráthnóna nó go dtéigheadh an oíche thar druimín, ach a' sgéalíocht go dtí thar éis an mheán-oíche. Ó dá gcloisfeá Pádhraic Pháidín a cur síos ar 'Thuras na Féinne go Crích-Lochlain' nó Beartla Tom ar 'Thriúr Clainne na barr-Sgolóige', nó Seáinín Beag ag innseacht 'Céadhtach Mac Ri na gCor'. -
Scoil Sailearna Alt ó 'Biseach 1983', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Eolas faoi imeachtaí na scoile. -
Séipéal an Chnoic Alt ó 'Biseach 1983', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Fuair an tAth. Seán Ó Ceannabháin, Sagart Paráiste an Chnoic, bás ar an 1ú Márta, 1840. Bhí sé sean nuair a fuair sé bás ach le tamail roimhe sin bhí sé ar a dhícheall ag iarraidh seipéal nua a thoigeál ar an Tulach mar nach raibh sa seipéal a bhí á úsáid ar na Creagáin ach bráicín nach raibh in ann dhá scór duine a choinneál. Bhí Bláca an Chaisleáin an-mhór leis an Ath. ó Ceannabháin agus bhí cúnamh á thabhairt acu dhó Ie ballaí an tseipéil a thóigeál san áit a bhfuil Seipéal na Tulaí inniu. Bhí na daoine ag tabhairt aolchloch as Árainn ina gcuid bád agus bhí an Blácach ag dó an aoil thíos in aice leis an gCaisleán. -
Biseach i Zambia Alt ó 'Biseach 1983', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá mé ar ais i Zambia i gceart lár na hAfraice. Ó thárla gur ar maidin (an lá deire de mhí na Nollag) a bhí m'eiteallán ag imeacht as Bleá Cliath b'éigean dom an baile a fhágáil an lá roimhe sin agus an oíche a chaith i mBleá Cliath. Thug mo cháirde ansin chuig seó Nollag Mháirín Potter mé (“Na Páistí sa gCoill”). Ní raibh sé thar moladh beirte, b'fhacthas dom. Beag an ghoir a bhí aige ar an oíche roimhe sin i nGairm-Scoil Choilm Cille. Ní fhéadfadh an oíche chéanna a theacht ní ba thráthúla dhomsa. Ó ba í an oíche dheire sa mbaile agam í, agus fuair mé an-tsásamh ar chuile shórt idir phoirt, amhráin, damhsa an cupán tae agus ar ndó ní áirím an comhluadar. Chruthaigh Joe Steve thar cionn mar fhear a' tí, nár laga Dia é. Rinne mé fhéin agus mo mhama ceapairín beag de waltz, a mh'anam; ba mhaith uaithi-se lá den tsaol, ach shílfeá gur dhá chois chlí atá orm fhéin, fairíor. Thug mé mo chuid deiseanna ceoil ar ais liom agus bím a' baint corr-shinneán astu. Seo é an chéad uair agam na píobaí uilleann a thabhairt liom; shíl mé i gcónaí nach seasfaidís an teas ach dheamhan blas mairg orthu, fós ar aon chaoi . -
File Bhaile na mBroghach Alt ó 'Biseach 1983', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá leabhar filíochta Fhile Bhaile na mBroghach le bheith ar an margadh taobh istigh de mhí. Saothar filíochta leathchéad bliain atá sa leabhar seo. Níl aon ghá an file seo a chur in aithne do mhuintir Chois Fharraige. Ní hé amháin go bhfuil a cháil mar fhile ar fud Chois Fharraige ach tá eolas ar an mbua filíochta atá aige ar fud Chonamara agus áiteanna thairis. -
Reilig Chois Fharraige Alt ó 'Biseach 1981', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. An Dán "Reilig Chois Fharraige" le Seosamh Ó Donnchadha (Joe Shéamais Sheáin). -
Amhrán Mhuighnise agus an Fothrach Alt ó 'Biseach 1981', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Amhrán Mhuighnise agus an Fothrach. -
Blúiríní Nuaíochta Alt ó 'Biseach 1981', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Osclaíodh Brú Óige in Indreabhán ar an 5 Aibreán le bunú "An Óige" leithchéad bliain ó shin a chomóradh. Sé Taoiseach na linne, Cathal Ó hEachaidh a rinne an oscailt oifigiúil agus bhí slua de mhaithe agus móruaisle Gael, idir cléir agus tuath i láthair don ócáid. Tá leapacha do 66 duine sa mBrú agus tuairiscítear go bhfuil sé lán go doras d'eachtrannaigh agus d'Éireannaigh óga ó thús an tSamhraidh. Ba le Pádraig Mac Donncha (Pádraig Terry) an teach to dtí gur cheannaigh An Óige é. Chosain sé os cionn £100,000 an Brú a chóiriú. D'íoc Bord Fáilte 80% den chostas. -
C.M.E. Teoranta Alt ó 'Biseach 1981', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Soláthraíonn C.M.E. Teoranta réimse leathan trucailí agus iomparán sábhála airgid agus taisceadán oíche do bhancanna agus d'institiúid í eile airgead ais. -
Filíocht Biseach 1981 Alt ó 'Biseach 1981', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Filíocht Biseach 1981 -
Dumhach na Leanbh Alt ó 'Biseach 1981', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Rinnín a thugadh na sean daoine air, agus fós féin is é a thugas daoine air. Tá an áit seo ar chladach Bhaile an Tí Mhóir. Creidim gur Rinnín a bhí ann, mar bhí sé i bhfad níos limistéirí ná mar atá sé faoi láthair gur tháinig oíche stoirmiúil agus farraige láidir a thug stiall mhór dó chun bealaigh idir conrachaí agus eile. Is dóigh gur páistí a cuirtÍ ann ó thús mar bhí sé cóngarach, mar nach raibh aon reilig eile ní ba ghoire ná an Spidéal nó Maoiris, freisin cuirtí daoine bochta agus a leithéidí ann. Cuireadh roinnt daoine fásta ann bliain an "Flu Mhóir" as na baile thart timpeall. -
Ar chiumhais na coille Alt ó 'Biseach 1981', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ar chiumhais na coille i gceann thóir an pharáiste a rugadh mé agus mo mhuintir romham. Ansiúd a tháinig mé in inmhe. Ionad mar sin ar bhruach abhann, le taobh coille, ar cholbhú sléibhe, téann sé i gcionn ort i ngan fhios duit más óg nó aosta tú. Bhí bochtanas ann agus géar-chall agus anró - cá bhfuil an áit Ón ngeal-chathair siar nach raibh amhlaidh an tráth úd? Ach bhí follántas ann - aer Úr na farraige ag déanamh a bhealaigh chun an tsléil:ihe agus leoithne anuas ó na tamhnaí ag castáil air ag Aill na Groigh ag béal an dorais againn, nó sin mar a cheapas. Éalaíonn torann agus diamhaireacht as coill. Áit aduain í. An cruthú, an beo, agus an bás ag carraíocht agus ag coimhlint le chéile inti Ó éirí go fuineadh gréine. Géagáin na gcrann ag lubarnaíl faoi threifíd an dúlra a chuireann beocht agus bíogacht iontu ó phréimh go duilleog. Scréach scáfar na corr-éisce agus é ar a theitheadh Ón madra crainn, tafann giortach an tsionnaigh ag mealladh chuige a chéile, meábhaíl na gcat fiáin a bhfuil scéin iontu le dúil sa gcreach a mbeidh a gcrúba ann gan mhoill - sin agus na céadta corr agus mothú eile a ghníos áit bheo aduain de choill agus a chuaigh go minic idir mé agus néal. Thuigeas go hóg nuair a bhíodh athrú aimsire air: an raibh ceo ar an abhainn nó ar an sliabh; an raibh tóchar an chláirín glórach doicheallach; an raibh an faoileán ag teannadh amach go hOgúil agus go Loch Coirib; an dtáinig tuirse ar an smólach agus an ndeachaigh sé fhéin agus an chéirseach ina dtost le duifeann nó go bhfille grian agus te as arís? -
Micheál Breathnach Alt ó 'Biseach 1981', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá leacht le nochtadh i mbliana ar láthair an tí, san áit ar rugadh Mike Mhicil Teada nó Mícheál Breathnach. Chuala mé caint ar Mhícheál Breathnach ó bhí mé 'mo ghasúr óg ag muintir mo bhaile féin, baile fearainn an Locháin Bhig. Ní iontas mór é sin mar rugadh Mícheál ar an Lochán Beag, tuairim is chúig mhíle déag as Gaillimh, siar bóthar Chois Fharraige, ar an 16ú lá de Mheán Fómhair, 1881. Micil Teada a tugadh ar a athair agus Saile Ní Fhinneadh ar a mháthair. B'as an gceantar seo an bheirt acu. -
Club Lurgan Alt ó 'Biseach 1979', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is é Club Lurgan an club don óige, idir chailíní agus bhuachaillí, sa bparáiste. Tá an t-ádh orainn sa mhéid go gcuireann an Comharchumann Coláiste Lurgan ar fáil agus, dá bhrí sin, tá áit againn le teacht le chéile atá ar a laghad chomh maith le club óige ar bith eile sa nGaeltacht. -
Spailpínteacht Alt ó 'Biseach 1979', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Spailpínteacht, dán le Máirtín Ó Currín. -
An Cornúb Alt ó 'Biseach 1979', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. An 21 Nollaig, 1922, a thárla an eachtra seo ar Chladach an Locháin. Dán le Cóil Learaí. -
C.M.E. Teoranta: Fearas le haghaidh an Bhainc Cheannais Alt ó 'Biseach 1979', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Le deireanas cheannaigh an Banc Ceannais coinsíneacht scipéad speisialta airgid ó C.M.E. Teo., Indreabhán - an t-aon chomhlacht fíor-Éireannach a dhéanann an fearas seo. -
Éigse Scoile Biseach 1979 Alt ó 'Biseach 1979', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Éigse Scoile Biseach 1979 -
Cath an Chnoic 1879 Alt ó 'Biseach 1979', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bhí fómhar na bliana 1879 an-dona agus an barr íseal dá réir. Ba é seo an tríú bliain i ndiaidh a chéile don fhómhar a bheith go dona de bharr droch-aimsire. De réir an tseanfhocail bhí dhá rud nach raibh dul uathu: "cíos do thiarna nó bia do leanbh". Muna mbeadh an cíos don tiarna ní raibh an dara rogha ag daoine ach taobh an bhóthair a bheith acu. -
An Caisdeach Bán Alt ó 'Biseach 1979', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. An Caisdeach Bán, Máirtín Pheaits a sholátharaigh. -
Naíscoil Lurgan Alt ó 'Biseach 1979', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bunaíodh an chéad naíscoil i gConamara i 1975 agus seo mar a tharla sé. Tar éis dom naíscoileanna a fheiceáil i Sasana, agus an tairbhe a bhain gasúir astu, chuir mé féin spéis iontu agus bheartaigh mé ar chúrsa traenála a dhéanamh i stiúradh naíscoile. Nuair a d'fhill mé ar Chonamara chonaic mé go raibh easpa mór ar na gasúir bheaga agus, tar éis suirbhé a dhéanamh i measc na dtuismitheoirí, ba léir dom go raibh siadsan den tuairim gur theastaigh naíscoil san áit. De bharr an tsuirbhé seo bunaíodh an chéad naíscoil i gColáiste Lurgan. D'éirigh thar cionn léi agus tá naíscoileanna eile sa Spidéal agus ar an gCeathrú Rua anois. Chonaic Bord na Gaeilge go raibh naíscoileanna riachtanach i gConamara agus cheap siad feitheoir le naíscoileanna eile a bhunú. -
Club Badmantain na Tulaí Alt ó 'Biseach 1979', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá seacht mbliana bainte amach ag Club Badmantain na Tulaí i mbliana. Is iomaí torann atá bainte as na cláir ag imreoirí as gach ceard de Chonamara, Gaillimh Thoir agus Conamara Theas i gcaitheamh an ama sin. Bhíodh daoine á rá fadó go mbíodh síoga soir siar idir an Caisleán agus Bóthar Loch an lolra, ach cinnte má théann tú thart timpeall meán oíche tá na síoga fós ann agus bataí acu! -
An Pháirc nua Peile Alt ó 'Biseach 1979', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Sciorr brúcht mhór dóibe siar le fána, lean brúcht agus brúisc eile í. Bhí cumhacht an ollscartaire ag aimsiú agus ag alpadh cnocán Gharraí an tSagairt nó gur fhág sí an tulach árd gainimh agus dóibe ina trá chothrom os cionn bog-easca seileastram. -
Seanchas Spóirt: Trí déag agus a dó a cuíg déag Alt ó 'Biseach 1979', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. An dara bliain deiridh den chogadh a bhí ann. Bhí ciondáil ar beagnach gach earra agus cuimse earraí do-fhaighte. Ní raibh leath-dhosaen carranna sa bparóiste uilig agus formhór na rothar a bhí ann bhíodar caite ina scaoinsí cois claí de dheasca boinn. Bhíodh faire ar an gcladach ar ghaoth ag súil le bruith-fá-thír. An té a n-éireodh meall ruibéir leis - agus bhí corr-cheann ag teacht isteach - bheadh a hocht nó a naoi de phunta agus dhá bhonn Dunlop le fáil aige. B'shin toirtín na haimsire. Ba iad sin blianta na gclogs is an chaife, blianta na mine duibhe is an easba mhóir. Ar a sheans go raibh Cré na Cille dá goradh nó ar thob a ginte. -
Ainm an Cheantair Alt ó 'Biseach 1979', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Dá bhfiafrófaí de dhuine inniu cárb as é, b'fhéidir go ndéarfadh sé leat gurb as Conamara é agus d'fhéadfaí a chiallú leis sin áit ar bith idir Gaillimh agus an Clochán. Ach ní mar sin a bhí sa tseanreacht. Sa dúthaí sin a dtugtar Conamara anois air, is iad na daoine a bhí i gceannas ann agus ar leo é na Conmaicne agus fuair siad an t-ainm sin mar seo. -
An Cumann Forbartha Alt ó 'Biseach 1979', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Dá mbeadh an oiread le taispeáint ag chuile chumann forbartha sa nGaeltacht is atá le taispeáint ag an gCumann seo againne ar obair na dtrí bliana déag seo caite ní bheadh cailleadh ar bith ar an nGaeltacht. Is iomaí cor atá tagtha ar an saol ón am ar bunaíodh an Cumann Forbartha i mi na Márta 1966. -
Biseach 1979: Eagarfhocal Alt ó 'Biseach 1979', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Seo chugaibh eagrán nua de Bhiseach, iris Chumann Forbartha Chois Fharraige (Coiste Paráiste an Chnoic). Is é an aidhm atá ag Biseach soiscéal agus obair an Chumann Forbartha a chur os comhair an phobail, chomh maith le filíocht, seanchas, agus béaloideas na háite a chur ar pháipéar. Níor foilsíodh aon eagrán de Bhiseach le roinnt bliain ach ní hionann sin agus a rá nach raibh an Cumann ag obair.