Míreanna
-
C.M.E. Teoranta Alt ó 'Biseach 1981', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Soláthraíonn C.M.E. Teoranta réimse leathan trucailí agus iomparán sábhála airgid agus taisceadán oíche do bhancanna agus d'institiúid í eile airgead ais. -
Filíocht Biseach 1981 Alt ó 'Biseach 1981', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Filíocht Biseach 1981 -
Dumhach na Leanbh Alt ó 'Biseach 1981', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Rinnín a thugadh na sean daoine air, agus fós féin is é a thugas daoine air. Tá an áit seo ar chladach Bhaile an Tí Mhóir. Creidim gur Rinnín a bhí ann, mar bhí sé i bhfad níos limistéirí ná mar atá sé faoi láthair gur tháinig oíche stoirmiúil agus farraige láidir a thug stiall mhór dó chun bealaigh idir conrachaí agus eile. Is dóigh gur páistí a cuirtÍ ann ó thús mar bhí sé cóngarach, mar nach raibh aon reilig eile ní ba ghoire ná an Spidéal nó Maoiris, freisin cuirtí daoine bochta agus a leithéidí ann. Cuireadh roinnt daoine fásta ann bliain an "Flu Mhóir" as na baile thart timpeall. -
Ar chiumhais na coille Alt ó 'Biseach 1981', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ar chiumhais na coille i gceann thóir an pharáiste a rugadh mé agus mo mhuintir romham. Ansiúd a tháinig mé in inmhe. Ionad mar sin ar bhruach abhann, le taobh coille, ar cholbhú sléibhe, téann sé i gcionn ort i ngan fhios duit más óg nó aosta tú. Bhí bochtanas ann agus géar-chall agus anró - cá bhfuil an áit Ón ngeal-chathair siar nach raibh amhlaidh an tráth úd? Ach bhí follántas ann - aer Úr na farraige ag déanamh a bhealaigh chun an tsléil:ihe agus leoithne anuas ó na tamhnaí ag castáil air ag Aill na Groigh ag béal an dorais againn, nó sin mar a cheapas. Éalaíonn torann agus diamhaireacht as coill. Áit aduain í. An cruthú, an beo, agus an bás ag carraíocht agus ag coimhlint le chéile inti Ó éirí go fuineadh gréine. Géagáin na gcrann ag lubarnaíl faoi threifíd an dúlra a chuireann beocht agus bíogacht iontu ó phréimh go duilleog. Scréach scáfar na corr-éisce agus é ar a theitheadh Ón madra crainn, tafann giortach an tsionnaigh ag mealladh chuige a chéile, meábhaíl na gcat fiáin a bhfuil scéin iontu le dúil sa gcreach a mbeidh a gcrúba ann gan mhoill - sin agus na céadta corr agus mothú eile a ghníos áit bheo aduain de choill agus a chuaigh go minic idir mé agus néal. Thuigeas go hóg nuair a bhíodh athrú aimsire air: an raibh ceo ar an abhainn nó ar an sliabh; an raibh tóchar an chláirín glórach doicheallach; an raibh an faoileán ag teannadh amach go hOgúil agus go Loch Coirib; an dtáinig tuirse ar an smólach agus an ndeachaigh sé fhéin agus an chéirseach ina dtost le duifeann nó go bhfille grian agus te as arís? -
Micheál Breathnach Alt ó 'Biseach 1981', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá leacht le nochtadh i mbliana ar láthair an tí, san áit ar rugadh Mike Mhicil Teada nó Mícheál Breathnach. Chuala mé caint ar Mhícheál Breathnach ó bhí mé 'mo ghasúr óg ag muintir mo bhaile féin, baile fearainn an Locháin Bhig. Ní iontas mór é sin mar rugadh Mícheál ar an Lochán Beag, tuairim is chúig mhíle déag as Gaillimh, siar bóthar Chois Fharraige, ar an 16ú lá de Mheán Fómhair, 1881. Micil Teada a tugadh ar a athair agus Saile Ní Fhinneadh ar a mháthair. B'as an gceantar seo an bheirt acu. -
Club Lurgan Alt ó 'Biseach 1979', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is é Club Lurgan an club don óige, idir chailíní agus bhuachaillí, sa bparáiste. Tá an t-ádh orainn sa mhéid go gcuireann an Comharchumann Coláiste Lurgan ar fáil agus, dá bhrí sin, tá áit againn le teacht le chéile atá ar a laghad chomh maith le club óige ar bith eile sa nGaeltacht. -
Spailpínteacht Alt ó 'Biseach 1979', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Spailpínteacht, dán le Máirtín Ó Currín. -
An Cornúb Alt ó 'Biseach 1979', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. An 21 Nollaig, 1922, a thárla an eachtra seo ar Chladach an Locháin. Dán le Cóil Learaí. -
C.M.E. Teoranta: Fearas le haghaidh an Bhainc Cheannais Alt ó 'Biseach 1979', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Le deireanas cheannaigh an Banc Ceannais coinsíneacht scipéad speisialta airgid ó C.M.E. Teo., Indreabhán - an t-aon chomhlacht fíor-Éireannach a dhéanann an fearas seo. -
Éigse Scoile Biseach 1979 Alt ó 'Biseach 1979', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Éigse Scoile Biseach 1979 -
Cath an Chnoic 1879 Alt ó 'Biseach 1979', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bhí fómhar na bliana 1879 an-dona agus an barr íseal dá réir. Ba é seo an tríú bliain i ndiaidh a chéile don fhómhar a bheith go dona de bharr droch-aimsire. De réir an tseanfhocail bhí dhá rud nach raibh dul uathu: "cíos do thiarna nó bia do leanbh". Muna mbeadh an cíos don tiarna ní raibh an dara rogha ag daoine ach taobh an bhóthair a bheith acu. -
An Caisdeach Bán Alt ó 'Biseach 1979', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. An Caisdeach Bán, Máirtín Pheaits a sholátharaigh. -
Naíscoil Lurgan Alt ó 'Biseach 1979', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bunaíodh an chéad naíscoil i gConamara i 1975 agus seo mar a tharla sé. Tar éis dom naíscoileanna a fheiceáil i Sasana, agus an tairbhe a bhain gasúir astu, chuir mé féin spéis iontu agus bheartaigh mé ar chúrsa traenála a dhéanamh i stiúradh naíscoile. Nuair a d'fhill mé ar Chonamara chonaic mé go raibh easpa mór ar na gasúir bheaga agus, tar éis suirbhé a dhéanamh i measc na dtuismitheoirí, ba léir dom go raibh siadsan den tuairim gur theastaigh naíscoil san áit. De bharr an tsuirbhé seo bunaíodh an chéad naíscoil i gColáiste Lurgan. D'éirigh thar cionn léi agus tá naíscoileanna eile sa Spidéal agus ar an gCeathrú Rua anois. Chonaic Bord na Gaeilge go raibh naíscoileanna riachtanach i gConamara agus cheap siad feitheoir le naíscoileanna eile a bhunú. -
Club Badmantain na Tulaí Alt ó 'Biseach 1979', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá seacht mbliana bainte amach ag Club Badmantain na Tulaí i mbliana. Is iomaí torann atá bainte as na cláir ag imreoirí as gach ceard de Chonamara, Gaillimh Thoir agus Conamara Theas i gcaitheamh an ama sin. Bhíodh daoine á rá fadó go mbíodh síoga soir siar idir an Caisleán agus Bóthar Loch an lolra, ach cinnte má théann tú thart timpeall meán oíche tá na síoga fós ann agus bataí acu! -
An Pháirc nua Peile Alt ó 'Biseach 1979', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Sciorr brúcht mhór dóibe siar le fána, lean brúcht agus brúisc eile í. Bhí cumhacht an ollscartaire ag aimsiú agus ag alpadh cnocán Gharraí an tSagairt nó gur fhág sí an tulach árd gainimh agus dóibe ina trá chothrom os cionn bog-easca seileastram. -
Seanchas Spóirt: Trí déag agus a dó a cuíg déag Alt ó 'Biseach 1979', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. An dara bliain deiridh den chogadh a bhí ann. Bhí ciondáil ar beagnach gach earra agus cuimse earraí do-fhaighte. Ní raibh leath-dhosaen carranna sa bparóiste uilig agus formhór na rothar a bhí ann bhíodar caite ina scaoinsí cois claí de dheasca boinn. Bhíodh faire ar an gcladach ar ghaoth ag súil le bruith-fá-thír. An té a n-éireodh meall ruibéir leis - agus bhí corr-cheann ag teacht isteach - bheadh a hocht nó a naoi de phunta agus dhá bhonn Dunlop le fáil aige. B'shin toirtín na haimsire. Ba iad sin blianta na gclogs is an chaife, blianta na mine duibhe is an easba mhóir. Ar a sheans go raibh Cré na Cille dá goradh nó ar thob a ginte. -
Ainm an Cheantair Alt ó 'Biseach 1979', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Dá bhfiafrófaí de dhuine inniu cárb as é, b'fhéidir go ndéarfadh sé leat gurb as Conamara é agus d'fhéadfaí a chiallú leis sin áit ar bith idir Gaillimh agus an Clochán. Ach ní mar sin a bhí sa tseanreacht. Sa dúthaí sin a dtugtar Conamara anois air, is iad na daoine a bhí i gceannas ann agus ar leo é na Conmaicne agus fuair siad an t-ainm sin mar seo. -
An Cumann Forbartha Alt ó 'Biseach 1979', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Dá mbeadh an oiread le taispeáint ag chuile chumann forbartha sa nGaeltacht is atá le taispeáint ag an gCumann seo againne ar obair na dtrí bliana déag seo caite ní bheadh cailleadh ar bith ar an nGaeltacht. Is iomaí cor atá tagtha ar an saol ón am ar bunaíodh an Cumann Forbartha i mi na Márta 1966. -
Biseach 1979: Eagarfhocal Alt ó 'Biseach 1979', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Seo chugaibh eagrán nua de Bhiseach, iris Chumann Forbartha Chois Fharraige (Coiste Paráiste an Chnoic). Is é an aidhm atá ag Biseach soiscéal agus obair an Chumann Forbartha a chur os comhair an phobail, chomh maith le filíocht, seanchas, agus béaloideas na háite a chur ar pháipéar. Níor foilsíodh aon eagrán de Bhiseach le roinnt bliain ach ní hionann sin agus a rá nach raibh an Cumann ag obair.