-
Teideal
-
Seán T. Ó Ceallaigh sa Phríosún (25/06/1987)
-
Achoimre
-
Eolas faoi Sheán T. Ó Ceallaigh ar shuíomh an Uachtaráin
-
Cur Síos
-
San eagrán seo de Cothrom an Lae tugtar tuairisc ar an tréimhse a chaith Seán T. Ó Ceallaigh (Uachtarán na hÉireann 1945-1959) sa phríosún tar éis Éirí Amach na Cásca 1916. Cuireadh i mBeairic Mhíleata ar dtús é ar chúl Chaisleán Átha Cliath. Bhí comhluadar maith ann, ina measc bhí an Cunta Pluincéad agus Noel Lemass, ach ní raibh an bia go maith (tae agus brioscaí crua). An mhaidin dár gcionn, máirseáladh go Beairic Richmond iad. Is anseo a bhí ceannaire ó na Royal Irish Rifles, a cheistigh cé acu a bhí leonta. Thug sé aire don triúr a bhí leonta – Seán T. Ó Ceallaigh, Noel Lemass agus Douglas ffrench-Mullen. Fear an-chineálta ab ea an ceannaire. Bhí aithne aige ar mhuintir Uí Cheallaigh agus dúirt sé go mbuailfeadh sé isteach chucu lena rá leo go raibh Seán beo. Chinntigh sé freisin go raibh na príosúnaithe in ann litreacha a sheoladh amach ón bpríosún. Tugadh Ó Ceallaigh os comhair Cúirt Mhíleata tar éis cúpla seachtain, agus ansin cuireadh go príosún Wandsworth, Londain, é. Chaith sé tréimhsí freisin i bPríosún Woking agus i bPríosún Frongoch, i measc príosúin eile, nó gur scaoileadh saor é oíche Nollag 1916. Dhá bhliain ina dhiaidh sin toghadh ina Theachta Dála é, agus bhí sé ina TD gur ceapadh ina Uachtarán ar Éirinn é 42 bliain ón lá ar craoladh an mhír seo.
-
Léiritheoir
-
Ní Ghlinn, Áine
-
Dáta
-
25-06-1987
-
Tréimhsí Ama
-
24/04/1916-29/04/1916: Éirí Amach na Cásca
-
1945-1959: Seán T. Ó Ceallaigh mar Uachtarán na hÉireann
-
1882-1966: Seán T. Ó Ceallaigh
-
Raon Tíreolaíochta
-
Caisleán Áth Cliath, Baile Átha Cliath
-
Wandsworth, Londain, Sasana
-
Woking, Sasana
-
Frongoch, An Bhreatain Bheag
-
Fad na Míre
-
00:03
-
Contae
-
Contae Bhaile Átha Cliath
-
Ábhar na Míre
-
Seán T. Ó Ceallaigh
-
Éirí Amach 1916
-
Príosún Frongoch
-
Príosún Wandsworth
-
Príosún Woking
-
Douglas ffrench-Mullen
-
Noel Lemass
-
Aitheantóir
-
19151
-
Teanga
-
ga
-
Cearta
-
© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.
-
Foinse
-
Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta
-
Cineál Mír
-
Fuaim