Skip to main content

Agallamh le Pádraig Ó Cualáin (09/02/1980)

Item

Teideal
Agallamh le Pádraig Ó Cualáin (09/02/1980)
Cur Síos
Sa mhír ghearr fuaime seo as an tsraith chlár Blianta faoi Bhláth, tá Pádraig Pheter Ó Cualáin as Cor na Rón, Indreabhán, ag labhairt le Máirtín Davy Ó Coistealbha faoi eachtra a tharla dá athair le linn Chogadh na Saoirse. Bhí a athair i ndiaidh na mbeithíoch sa gharraí agus nuair a tháinig sé abhaile, bhain sé de a chuid bróg agus bhí siad lán le fuil. Is cosúil gur tháinig leoraí lán le Dúchrónaigh air i lár an gharraí. Dúirt siad i mBéarla ‘Hands up’, agus chaitheadar é le gránghunna. Nuair a tháinig sé abhaile, dúirt a mháthair lena athair an teach a fhágáil, agus dul síos ag an gcladach, ach ní scaoilfeadh Pádraig, a bhí ina ghasúr óg ag an am, leis. Thosaigh Pádraig ag screadach agus ag caoineadh, níor lig sé cead dá athair imeacht, agus d’fhan sé in éineacht leis sa teach. B’in an chuimhne is faide siar a bhí ag Pádraig Ó Cualáin.
Léiritheoir
Ó Coisdealbha, Máirtín Davy
Aoi
Ó Cualáin, Pádraig (Pheter)
Dáta
09-02-1980
Tréimhsí Ama
21/01/1919-11/07/1921: Cogadh na Saoirse
Raon Tíreolaíochta
Cor na Rón, Indreabhán, Co. na Gaillimhe
Fad na Míre
00:30
Contae
Contae na Gaillimhe
Ábhar na Míre
Cogadh na Saoirse
Na Dúchrónaigh
Aitheantóir
19415
Teanga
ga
Cearta
© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.
Foinse
Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta
Cineál Mír
Fuaim