-
Teideal
-
Agallamh le Pádraig Ó Céidigh (01/05/1987)
-
Achoimre
-
Frank Fahy ar WikipediaTuairisc faoi Mhicheál Ó DroighneáinEolas faoi Mhícheál Ó Droighneáin Galway Advertiser
-
Cur Síos
-
Cuireann Seán Bán Breathnach agallamh ar Phádraig Ó Céidigh (Pat Choilm Phádraig). Bhí Pat 93 bliain d'aois nuair a rinneadh an taifeadadh seo (ar an 1 Bealtaine 1987). Deir Pádraig go gcuimhníonn sé go ndeachaigh Mícheál Ó Droighneáin isteach go Gaillimh ar a rothar maidin an Éirí Amach ag fiosrú faoin scéal. Dar le Pádraig, tógadh Ó Droighneáin, Colm Ó Gaora* agus Pádraig Ó Máille agus caitheadh isteach ar minesweeper [An Guillemot] a bhí ar ancaire i nduganna na Cathrach iad. Déanann Pádraig cur síos ar mhná an Chladaigh ag tabhairt amach dóibh.
Go gairid ina dhiaidh sin chuaigh Pádraig isteach san IRB - bhí complacht beag thart ar an Spidéal ag an am - agus d’fhan sé leo gur tháinig an scoilt. Bhí sé le Briogáid Oirthear Chonamara, a chlúdaigh an ceantar idir Gaillimh, Casla agus Uachtar Ard. Bhí siad traenáilte go maith, dar leis. Bhí sé ina Aidiúnach Catha, agus ina Cheannfort Catha (nuair a d’éirigh Pat Sheáin Tom as an ról sin). Labhraíonn sé faoin gCogadh Cathartha, agus maíonn sé go bhféadfaí é a sheachaint, murach gníomhaíochtaí de Valera. Bhí an Coileánach mar laoch aige. Dar leis, ní mhairfeadh an chríochdheighilt i bhfad murach an cogadh (luaigh sé ráitis David Lloyd George ina leith seo). Labhraíonn sé freisin faoi chuairt a thug de Valera ar Ghaillimh i 1917, agus an fháilte a chuir Frank Fahy agus Mícheál Ó Droighneáin roimhe. Casann sé amhrán - ceann a fuair sé ó Mhicilín Nana as an Spidéal.
*Gabhadh Colm Ó Gaora i gConga, agus cuireadh go Caisleán an Bharraigh é.
-
Léiritheoir
-
Breathnach, Seán Bán
-
Aoi
-
Ó Céidigh, Pádraig (Pat Choilm Phádraig)
-
Dáta
-
01-05-1987
-
Tréimhsí Ama
-
24/04/1916-29/04/1916: Éirí Amach na Cásca
-
1917: Cuairt de Valera ar Ghaillimh
-
Raon Tíreolaíochta
-
An Spidéal, Co. na Gaillimhe
-
Conamara, Co. na Gaillimhe
-
Cathair na Gaillimhe
-
An Cladach, Cathair na Gaillimhe
-
Fad na Míre
-
00:32
-
Contae
-
Contae na Gaillimhe
-
Ábhar na Míre
-
Éirí Amach na Cásca
-
Colm Ó Gaora
-
Mícheal Ó Droighneáin
-
An tIRB
-
Cogadh na Saoirse
-
Mícheal Ó Coileán
-
Éamon de Valera
-
Aitheantóir
-
19537
-
Teanga
-
ga
-
Cearta
-
© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.
-
Foinse
-
Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta
-
Cineál Mír
-
Fuaim