-
Teideal
-
Laochra na Rinne (Gan Dáta)
-
Cur Síos
-
Déanann Dóirín Mhic Mhurchú cur síos ar Laochra na Rinne i 1916, i gclár cainte agus filíochta. Déantar tagairt shonrach do bheirt as an Rinn a throid in éineacht leis an bPiarsach in Ardoifig an Phoist. Ba iad sin Liam Ó Riagáin ón tSeanchill agus Seán Ó Gríofain ó Heilbhic. Bhí siopa ag fear darbh ainm Dónall Ó Buachalla i Maigh Nuad agus is minic a thugadh sé cuairt ar an Rinn. Thug sé an bheirt ón Rinn leis le bheith ag obair sa siopa, agus thaistil siad ó Mhaigh Nuad go Baile Átha Cliath le páirt a ghlacadh san Éirí Amach. Déanann an láithreoir cur síos orthu seo agus luaitear daoine eile ón Rinn a ghlac páirt san Éirí Amach freisin.
-
Léiritheoir
-
(in easnamh)
-
Aoi
-
Mhic Mhurchadha, Dóirín
-
Dáta
-
Gan Dáta
-
Tréimhsí Ama
-
24/04/1916-29/04/1916: Éirí Amach na Cásca
-
Raon Tíreolaíochta
-
Maigh Nuad, Co. Chill Dara
-
An tSeanchill, An Rinn, Co. Phort Láirge
-
Heilbhic, An Rinn, Co. Phort Láirge
-
Ard Oifig an Phoist, Baile Átha Cliath.
-
Fad na Míre
-
00:08
-
Contae
-
Contae Chill Dara
-
Ábhar na Míre
-
An Rinn
-
Liam Ó Riagáin
-
Seán Ó Gríofain
-
Éirí Amach na Cásca 1916
-
Aitheantóir
-
40832
-
Teanga
-
ga
-
Cearta
-
© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.
-
Foinse
-
Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta
-
Cineál Mír
-
Fuaim