Skip to main content

Gearóid Ó Tuathaigh agus Liam Ó Dochartaigh (Gan Dáta)

Item

Teideal
Gearóid Ó Tuathaigh agus Liam Ó Dochartaigh (Gan Dáta)
Achoimre
Oireachtas 1913 - Tuairisc ar Oireachtas 1913 ar shuíomh Amharclann na Cathrach Colm Ó Gaora ar ainm.ie
Cur Síos
Sa chlár seo, [0:00 to 14:27] tá Gearóid Ó Tuathaigh ag caint le Breandán Feiritéar faoi Éirí Amach na Cásca, faoi choincheap na híobairte agus faoi thionchar an Éirí Amach ar stair na tíre. Déanann an láithreoir iontas go bhfuil a laghad staidéir agus taighde déanta ar an Éirí Amach in Éirinn, i gcomparáid le réabhlóidí eile (réabhlóid na Fraince, mar shampla). Ina dhiaidh sin, pléann Liam Ó Dochartaigh an tÉirí Amach, agus díríonn sé ar dhá thaifead scríofa a d’fhág Tomás Bairéad agus Colm Ó Gaora. Léann sé amach an cur síos fileata a rinne an Gaorach ar Sheán Mac Diarmada nuair a casadh dó é ag an Oireachtas i nGaillimh i 1913. Labhraíonn sé faoi na difríochtaí idir na hÓglaigh sa chathair agus na hÓglaigh sa chontae. I 1913 bhí cruinniú i Halla na Cathrach i nGaillimh le díorma de na hÓglaigh a bhunú i gceantar na Gaillimhe. Bhí an Piarsach agus Ruairí Mac Easmainn ann – ach ní mórán Óglach a bhí i láthair le hais cruinniú mór a d’eagraigh Liam Ó Maoilíosa i mBaile Áth an Rí inar measadh go raibh os cionn 800 duine ann. Murach Óglaigh an cheantair sin agus na nparóistí eile thart timpeall, ní bheadh Éirí Amach ar bith ann i nGaillimh.

Labhraítear faoin Éirí Amach siar ó chathair na Gaillimhe. Cé nach raibh captaen ar Óglaigh Mhaigh Cuilinn - mar gur gabhadh an ceannaire, Marcus de Búrca, nuair a chuadar ag máirseáil Lá Fhéile Pádraig na bliana sin – bhí a gcuid orduithe tugtha dóibh. Bhí siad leis an mbeairic (agus na gunnaí laistigh), teach an phoist agus stáisiún na traenach a thógáil ar lámh, agus bualadh le hÓglaigh an Spidéil agus Bhearna i gcathair na Gaillimhe. Ansin bhí siad le beairic na ‘bPeelers’ ar Shráid Eglinton a thógáil, chomh maith le beairic Shráid Dominic agus Beairic an Airm ar an Rinn Mhór. Bhí orthu dul go Baile Átha Luain ansin. Ceaptar nár tharla mórán i gConamara, le hais cheantar an Eachréidh, mar, toisc an caidreamh a bhí ag an bPiarsach le Ros Muc agus Conamara, bhí Óglaigh an Ghaoraigh faoi cheannas an Phiarsaigh agus Liaim Uí Mhaoilíosa. Déanann Liam Ó Dochartaigh cur síos freisin ar an gcaoi ar chaith Colm Ó Gaora maidin an Éirí Amach.
Léiritheoir
Feiritéar, Breandán
Aoi
Ó Dochartaigh, Liam
Ó Tuathaigh, Gearóid
Dáta
Gan Dáta
Tréimhsí Ama
1913: Cruinnithe le hÓglaigh a earcú
26/07/1913: An tOireachtas i nGaillimh
24/04/1916-29/04/1916: Éirí Amach na Cásca
Raon Tíreolaíochta
Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe
Cathair na Gaillimhe
Ros Muc, Co. na Gaillimhe
Maigh Cuilinn, Co. na Gaillimhe
Halla na Cathrach, Cathair na Gaillimhe
An Rinn Mhór, Cathair na Gaillimhe
Fad na Míre
00:25
Contae
Contae na Gaillimhe
Ábhar na Míre
Éirí Amach na Cásca
An tOireachtas
Colm Ó Gaora
Liam Ó Maoilíosa
Seán Mac Diarmada
Na hÓglaigh
Aitheantóir
41399
Teanga
ga
Cearta
© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.
Foinse
Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta
Cineál Mír
Fuaim