Skip to main content

An tAthair Mícheál Ó Gríofa (05/12/1975)

Item

Teideal
An tAthair Mícheál Ó Gríofa (05/12/1975)
Achoimre
An tAth. Mícheál Ó Gríofa ar WikipediaAn tAth. Mícheál Ó Gríofa: Tuairisc faoin Eachtra
Cur Síos
San eagrán seo den chlár Tráthnóna Inniu ó Chasla (05 Samhain 1975) cuireann Seán Ó Tuairisg agallamh ar fhear as Co. Chiarraí [00:00-11:36], agus ar fhear as ceantar Iorrais i Maigh Eo [13:44-21:40]. Ag [23:30] labhraíonn Pádraig Ó Flaithearta faoin sagart poblachtánach, an tAthair Mícheál Ó Gríofa. Mealladh amach as a theach é idir 11pm agus 12am oíche Dé hAoine, ar an 14 Samhain 1920, agus mharaigh baill d’fhórsaí na Corónach é. Cuireadh a chorp sa phortach ó thuaidh de shráidbhaile Bhearna (Cloch Scoilte, an áit ina bhfuil Pádraig ina chónaí), ach fritheadh é ar an 20 Samhain 1920. Cuireadh sochraid mhór air. Labhraíonn Ó Flaithearta faoin mbéaloideas áitiúil agus an méid a bhí le rá ag finnéithe difriúla faoin eachtra.

Tá mír eile sa bhailiúchán seo faoin Athair Ó Gríofa anseo (Uimh 22324).
Léiritheoir
Ó Tuairisg, Seán
Aoi
Ó Flaithearta, Pádraig
Dáta
05-12-1975
Tréimhsí Ama
20/11/1920: Fritheadh corp an Athar Uí Ghríofa
Raon Tíreolaíochta
Bearna, Co. na Gaillimhe
Fad na Míre
00:29
Contae
Contae na Gaillimhe
Ábhar na Míre
An tAthair Mícheál Ó Gríofa
Cogadh na Saoirse
Aitheantóir
54955
Teanga
ga
Cearta
© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.
Foinse
Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta
Cineál Mír
Fuaim