-
Teideal
-
Niall Mac Fhionnghaile ag trácht ar an gCogadh Mór (11/11/1993)
-
Achoimre
-
An leabhar Donegal, Ireland and the First World War i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
-
Cur Síos
-
Craoladh an clár seo 75 bliain ó tháinig deireadh leis an gCéad Chogadh Domhanda. Cuireann Timlín Ó Cearnaigh agallamh ar Cháit Nic Giolla Bhríde agus ar Niall Mac Fhionnghaile. Is staraí é Niall Mac Fhionnghaile a scríobh leabhar Donegal, Ireland and the First World War agus tá béaloideas áitiúil ag Cáit Nic Giolla Bhríde. Labhraítear faoi dhaoine as Dún na nGall a throid sa Chéad Chogadh Domhanda. Throid ar a laghad céad duine as Leitir Ceanainn amháin, mar sin is léir go raibh go leor as Tír Chonaill sa chogadh. Ba chogadh salach, gránna a bhí ann, dar le Mac Fhionnghaile. Déantar trácht ar an riocht ina raibh na trinsí, ar chath an Somme, agus ar na Dardanelles. Déantar cur síos ar an lorg a fágadh go síceolaíoch orthu siúd a raibh orthu na coirp a bhailiú tar éis gach cath.
Pléitear freisin an tionchar ar bhí ag an gCogadh Mór ar an gceantar áitiúil, an fliú agus tionchar síceolaíochta an Chogaidh mar shampla. Luadh cúiseanna ar liostáil daoine, an chaoi ar liostáil buachaillí faoi aois, agus an gaol idir ól agus liostáil. Déantar tagairt d’fheirmeoirí sa Bhreatain a chuir oibrithe i bhfolach, d’obair na mban, agus an dóigh a bhfuair Gaoth Dobhair scéala go raibh an Cogadh críochnaithe. Luaitear fear de chuid na háite, Charlie Collins as Leitir Ceanainn. Chaith sé trí bliana leis na Royal Inniskilling Fusiliers in Gallipoli, san Éigipt, sa Phalaistín, agus sa Bheilg, agus níor gortaíodh é go dtí gur tháinig sé abhaile. Liostáil sé in Arm na hÉireann, agus caitheadh sa tsúil trí thimpiste é i nDroim Bó. Labhraíonn Cait Nic Giolla Bhríde ag [25.15].
Tá mír fuaime eile sa bhailiúchán ag tógáil ar an gceann seo (Uimh 56100).
-
Léiritheoir
-
Ó Cearnaigh, Timlín
-
Aoi
-
Bhríde, Cáit Nic Giolla
-
Mac Fhionnghaile, Niall
-
Dáta
-
11-11-1993
-
Tréimhsí Ama
-
28/07/1914-11/11/1918: An Cogadh Mór
-
Raon Tíreolaíochta
-
Gaoth Dobhair, Co. Dhún na nGall
-
Somme, An Fhrainc
-
Fad na Míre
-
00:40
-
Contae
-
Contae Dhún na nGall
-
Ábhar na Míre
-
An Cogadh Mór
-
Gaoth Dobhair
-
An Tionchar Áitiúil
-
Aitheantóir
-
56099
-
Teanga
-
ga
-
Cearta
-
© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.
-
Foinse
-
Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta
-
Cineál Mír
-
Fuaim