Skip to main content

Aithreacha sa Chogadh Mór (12/11/1993)

Item

Teideal
Aithreacha sa Chogadh Mór (12/11/1993)
Achoimre
An leabhar Donegal, Ireland and the First World War i Leabharlann Náisiúnta na hÉireann
Cur Síos
Sa gclár seo, a craoladh ar an 12 Samhain 1993, cuireann Timlín Ó Cearnaigh agallamh ar bheirt as Tír Chonaill. Throid a gcuid aithreacha in Arm na Breataine sa Chéad Chogadh Domhanda. Labhraíonn Pádraig Mac Ruaidhrí as Leitir Catha, in aice le Loch an Iúir, ar dtús. Tháinig a athair slán as an gCogadh Mór. Throid sé sa chogadh ó 1914 go 1919. Throid sé sna Dardanelles, sa Ghréig agus sa Phalaistín. Is beag a bhí le rá ag a athair faoina thréimhse sa chogadh. Ba léir gur ghoill sé go mór air. Labhraíonn Pádraig faoi na deacrachtaí a bhí aige eolas a fháil ó údaráis Shasana faoin tréimhse a chaith a athair san arm.
Labhraíonn Tomás Ó Maoilchiaráin as Cloich Cheann Fhaola faoina athair féin. Bhí sé 18 mbliana d’aois agus bhí cónaí air in Albain nuair a chuaigh sé isteach sna Royal Innioskilling Fusiliers. Gortaíodh sa Chogadh é (chaill sé leathlámh) agus ceapann Tomás gur i gCath an Somme a tharla sé, cé nach bhfuil sé cinnte faoi sin. Chuir an cogadh isteach ar a athair agus ní raibh fonn cainte air faoi ina dhiaidh. Deir Tomás go mbíodh oifigigh ó Arm Shasana sa chontae agus go dtugaidís cuairt air. Bhreathnaigh siad i ndiaidh a chéile. Léirigh sé seo go raibh comrádaíocht láidir a eatarthu tar éis an chogaidh. Cailleadh i 1978 é.
Tá mír fuaime eile sa bhailiúchán ag tógáil ar an gceann seo (Uimh 56099).
Léiritheoir
Ó Cearnaigh, Timlín
Aoi
Mac Ruaidhrí, Pádraig
Ó Maoilchiaráin, Tomás
Dáta
12-11-1993
Tréimhsí Ama
28/07/1914-11/11/1918: An Cogadh Mór
Raon Tíreolaíochta
Cloich Chionnaola, Co. Dhún na nGall
Leitir Catha, Loch an Iúir, Co. Dhún na nGall
Fad na Míre
00:12
Contae
Contae Dhún na nGall
Ábhar na Míre
An Cogadh Mór
Gaoth Dobhair
An Tionchar Áitiúil
Aitheantóir
56100
Teanga
ga
Cearta
© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.
Foinse
Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta
Cineál Mír
Fuaim