Skip to main content

Agallamh le Seosamh Breathnach (13/11/1985)

Item

Teideal
Agallamh le Seosamh Breathnach (13/11/1985)
Cur Síos
San eagrán seo den tsraith chlár Seo Mar a Bhí cuireann Seosamh Ó Cuaig agallamh ar Sheosamh Breathnach (Josie Johnny Walsh), as Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe. Déanann Breathnach trácht ar an tionchar a bhí ag Cogadh na Saoirse air féin agus ar a mhuintir. Bhí sé ina ghasúr óg ag am, ach bhí deartháireacha leis sna hÓglaigh. Bhí ceann acu, Cóilín, ag seachaint na bpóilíní mar gheall ar eachtra a tharla idir é féin agus fear áitiúil, Peadar Mac an Iomaire (Peadar Shéamuis Sheáin) a bhí in arm Shasana. Nuair a d’fhill Peadar ar an mbaile, thosaigh sé ag ól, agus mar go raibh Cóilín sna hÓglaigh, d’ionsaigh sé oíche amháin é. Mhaígh Peadar gurb é Cóilín a rinne an t-ionsaí, agus tháinig sáirsint de chuid an RIC i gCarna, darbh ainm Pryall, chuig an teach chun é a ghabháil. Níor éirigh leis agus d’éalaigh Cóilín. Deir Breathnach go mbíodh faitíos ar lucht an RIC mar go mbaintí díoltas as a gcuid ban sa bhaile dá n-ionsófaí muintir na háite. Tugann sé le fios, freisin, gur beag trócaire a bhí aige do spíodóirí.
Léiritheoir
Ó Cuaig, Seosamh
Aoi
Breathnach, Seosamh
Dáta
13-11-1985
Tréimhsí Ama
1919-1921: Cogadh na Saoirse
Raon Tíreolaíochta
Cill Chiaráin, Co. na Gaillimhe
Carna, Co. na Gaillimhe
Ábhar na Míre
Cogadh na Saoirse
Na Dúchrónaigh
An RIC
Spiadóirí
Aitheantóir
33168
Teanga
ga
Cearta
© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.
Foinse
Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta
Cineál Mír
Fuaim