Skip to main content

Clár faoi Phádraig Ó Siochfhradha (05/04/1983)

Item

Teideal
Clár faoi Phádraig Ó Siochfhradha (05/04/1983)
Achoimre
Pádraig Ó Siochfhradha ar ainm.ie
Cur Síos
Craoladh an clár seo faoi Phádraig Ó Siochfhradha (‘an Seabhac’), údar na leabhar Jimmy Mháire Thaidhg agus An Baile S'Againne, i measc foilseachán eile. Rugadh é i mBaile an Ghóilín, siar ón Daingean, in 1883 - 100 bliain sular craoladh an clár seo. D'oibrigh sé mar thimire Gaeilge agus mar bhailitheoir béaloidis. Bhí sé ina rúnaí ar Choimisiún na Lámhscríbhinní, ina chathaoirleach ar an gCumann le Béaloideas Éireann, agus bhí sé ina eagarthóir leis an nGúm agus le Comhlucht Oideachais na hÉireann freisin. Bhí sé ina chathaoirleach freisin ar Chomhairle Contae Chiarraí agus cheap Éamon de Valera ina Sheanadóir é. Bhí sé ina eagarthóir ar an Lóchrann agus rinne sé eagarthóireacht freisin ar leabhair Thomáis Uí Chriomhthain - Allagar na hInse agus An tOileánach. Bhí sé sna hÓglaigh ó bunaíodh iad (i 1913) agus bhí sé ina chaptaen ar an 5ú Cathalán de Bhriogáid Chorca Dhuibhne. Bhí sé i ngéibheann idir 1918 agus 1922.
Léiritheoir
Feiritéar, Breandán
Dáta
05-04-1983
Tréimhsí Ama
1883-1964: Pádraig Ó Siochfhradha
Raon Tíreolaíochta
Baile an Ghóilín, Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí
Contae
Contae Chiarraí
Ábhar na Míre
An Seabhac
Pádraig Ó Siochfhradha
Na hÓglaigh
Aitheantóir
41450
Teanga
ga
Cearta
© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.
Foinse
Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta
Cineál Mír
Fuaim