Skip to main content

Na hÓglaigh i gCorca Dhuibhne (Gan Dáta)

Item

Teideal
Na hÓglaigh i gCorca Dhuibhne (Gan Dáta)
Achoimre
Seán Caomhánach (Seán a’Chóta) ar ainm.ie Tomás Ághas ar ainm.ie
Cur Síos
Labhraítear anseo faoi shaol na nÓglach i gCorca Dhuibhne i gCogadh na Saoirse. Ba é Seán Caomhánach, nó Seán a’ Chóta mar a thugtaí air, a thraenáil na hÓglaigh. Is trí Ghaeilge a rinneadh an traenáil, cé go raibh Béarla aige freisin. Mar go raibh an t-iasc flúirseach ag an am, bhí airgead ag na hÓglaigh le púdar agus raidhfil – a chosain idir £6 agus £7 - an duine a cheannach. Bhídís ag máirseáil le Seán a’ Chóta timpeall Cheann Trá agus an Daingin. Cuimhníonn an t-agallaí ar an Lá Fhéile Pádraig ar tháinig Aibhistín de Staic, a bhí i gceannas ar bhuíon Chiarraí de na hÓglaigh, ón Daingean leis an bparáid a stiúradh. Is cosúil go raibh sé an-sásta leo. Rinne Cumann na mBan bricfeasta dóibh sa scoil ar an lá sin, agus chas beirt dheartháireacha (Halloran an t-ainm a bhí orthu) na píoba.
I measc na scéalta eile atá aige, déanann an t-agallaí cur síos ar an lá ar thugadar suas na gunnaí – ar fhógra ó Eoin Mac Néill chuig Seán a’ Chóta. Choinnigh an t-agallaí na piléir i bhfolach sa teach. Níos déanaí d’iarr sé ar an bhfear a tháinig in áit Sheán a’ Chóta (Cinnéideach a bhí ann) iad a thógáil uaidh mar gur fhág sé féin na hÓglaigh nuair a phós sé. Níor tógadh in am iad, agus is beag nár aimsigh na Dúchrónaigh na hurchair nuair a rinneadar ruathar ar an teach níos déanaí. Bheadh an t-agallaí gafa acu dá bhfeicfidís an púdar.

Tá cur síos freisin sa mhír fuaime [15:00] ar an tsiúlóid mhór i 1916, nuair a mháirseáil Óglaigh Pharóiste an Fheirtéaraigh isteach go Trá Lí le bualadh leis an Aud, a bhí ag tabhairt gunnaí i dtír. Labhraíonn ceathrar a ghlac páirt sa tsiúlóid sin faoin eachtra - Séamus Ó Dúbháin ón bhFearann, Séamas Máirtín agus Mícheál Ó Bric as na Gorta Dubha, agus Pádraig Ó Flaithearta as an gClochar.

Le críoch a chur leis an bpíosa fuaime tá píosa cainte faoi Thomás Ághas [22:17]. Déanann Caoimhín Ó Cinnéide, as Baile an Mhúraigh, cur síos ar an réabhlóidí úd. Insíonn sé go raibh ócáid chuimhneacháin ann d’Ághas i 1967 i bPáirc an Ághasaigh sa Daingean. D’fhreastail an tUachtarán de Valera agus Risteard Ó Maolchatha – a bhí i gCath Chill Dhéagláin in éineacht le Tomás Ághas i 1916 – ar an ócáid agus ba rud suntasach agus stairiúil a bhí ann nuair a chroitheadar lámh lena chéile. Casann an Cinnéideach amhrán a chum sé féin faoi Thomás Ághas ag deireadh an chláir.
Léiritheoir
(in easnamh)
Aoi
Ó Bric, Mícheál (Maidhc)
Ó Dubháin, Séamus
Ó Máirtín, Séamus
Dáta
Gan Dáta
Tréimhsí Ama
22/04/1916: Máirseáil go Trá Lí le bualadh leis an Aud
1916: Éirí Amach na Cásca
1967: Ócáid Chuimhneacháin do Thomás Ághas
Raon Tíreolaíochta
Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí
Ceann Trá Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí
An Daingean, Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí
Baile an Fheirtéaraigh, Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí
An Fearann, Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí
Clochar, Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí
Na Gorta Dubha, Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí
Páirc an Ághasaigh, An Daingean, Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí
Contae
Contae Chiarraí
Ábhar na Míre
Na hÓglaigh
Cogadh na Saoirse
Éirí Amach na Cásca
Seán a’Chóta
An Aud
Máirseáil gTrá Lí
Tomás Ághas
Risteárd Ó Maolchatha
Cath Chill Dhéagláin
Éamon de Valera
Aitheantóir
43259
Teanga
ga
Cearta
© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.
Foinse
Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta
Cineál Mír
Fuaim