Skip to main content

Tomás Ó Domhnaill (28/08/2001)

Item

Teideal
Tomás Ó Domhnaill (28/08/2001)
Achoimre
Tomás Ó Domhnaill ar ainm.ie
Cur Síos
Is clár faisnéise é seo faoin náisiúnaí agus an polaiteoir Tomás Ó Domhnaill (1871-1943), as Lios Cearnaigh, An Baile Dubh, Co. Chiarraí. Bhí Ó Domhnaill ina fheisire i bParlaimint Westminster ó 1900 go 1918 do Chiarraí Thiar. Ba ghníomhaí a bhí ann freisin i gcúrsaí a bhain le cearta talún. Díbríodh a mhuintir óna gcuid talún nuair a bhí sé óg. Nuair a bhí clann le díshealbhú, bhí sé de nós ag an am iad a fhágáil sa teach go múchfaí an splanc dheiridh i dtine an teallaigh. Insítear sa chlár seo gur caitheadh uisce ar an tine ionas nach mbeadh moill ar dhíshealbhú chlann Uí Dhomhnaill (de réir leagan eile den seanchas, mhún an báille ar an tine chun í a mhúchadh). Ba léir go ndeachaigh sé seo i bhfeidhm ar Ó Domhnaill, agus chaith sé a shaol polaitiúil ag iarraidh córas na talún a leasú. Bhí sé ar dhuine de lucht leanta John Redmond, agus thacaigh sé leo siúd a throid sa Chogadh Mór. Chleachtaigh sé mar abhcóide i 1905 agus ceapadh ina bhreitheamh é i 1941.
Léiritheoir
Ní Bheaglaoich, Seosaimhín
Dáta
28-08-2001
Tréimhsí Ama
1900-1908: Tréimhse Thomáis Uí Dhomhnaill mar Fheisire
1871-1943: Tomás Ó Domhnaill
Raon Tíreolaíochta
Lios Cearnaigh, Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí
An Baile Dubh, Corca Dhuibhne, Co. Chiarraí
Westminster, Londain, Sasana
Contae
Contae Chiarraí
Ábhar na Míre
Tomás Ó Domhnaill
Parlaimint Westminster
Cogadh na Talún
Seán Mac Réamainn
An Cogadh Mór
Aitheantóir
56242
Teanga
ga
Cearta
© RTÉ Raidió na Gaeltacha. Gach Ceart Ar Cosaint.
Foinse
Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta
Cineál Mír
Fuaim