-
Teideal
-
Pátrún Cholm Cille
-
Cur Síos
-
Alt ó 'Biseach 2009', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Déantar ceiliúradh go fóill i gceantar na Tulaí ar Lá Cholm Cille, nó Lá an Phatrúin mar a tugadh riamh air, ar an 9ú lá de Mheitheamh. Sna blianta siar bhíodh gasúir na háite, idir sean agus óg ag tnúthán leis an lá mór seo mar gheall ar an aonach spraoi a thagadh chuig an áit le haghaidh na hócáide, agus bhíodh an-fháilte go speisialta roimh na mbád luasctha, nó na swinging-boats, dá dtagaidís, gan trácht ar na milseáin agus na rudaí deasa eile nach mbíodh aon fháil go fairsing orthu sna blianta sin. Bhíodh comórtais eile ar siúl chomh maith agus is díol suntais ann fhéin an fearas a feistíodh thíos le cladach ag Reilig Mhaírois, agus atá ina sheasamh ansin go fóill go deimhin, le deis traenála a thabhairt d’fhoirne tarraint téide.
-
Údar
-
Coiste Eagarthóireachta Biseach
-
Ábhar na hIrise
-
Cultúr
-
Bliain
-
2009
-
Aitheantóir
-
BI2009A21
-
Cineál Míre
-
Téacs
-
Teanga
-
ga
-
Foinse
-
Bailiúchán Biseach
-
Cearta
-
© Cumann Forbartha Chois Fharraige