Skip to main content

Biseach: Eagarfhocal 2011, Focal ó Chathaoirleach

Item

Teideal
Biseach: Eagarfhocal 2011, Focal ó Chathaoirleach
Cur Síos
Alt ó 'Biseach 2011', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. “Ní neart go cur le chéile” adeir an seanfhocal agus, ar ndóigh, seasann an ráiteas sin gan dabht do pharóiste an Chnoic. Níl orainn ach breathnú taobh istigh agus taobh amuigh den iris Biseach agus is léir dúinn an cur le chéile agus an obair iontach atá ag tarlú ó cheann ceann an pharóiste, go háirithe ar son na hóige. Is iontach an éacht atá déanta ag lucht na liathróide láimhe agus iad ag treabhadh leo ar fud na tíre gan trácht ar na huaireanta feighleoireachta a déantar an fhad agus a bhíonn óige an cheantair ag cur allais thoir sa bpinniúr. Ní haon eisceacht iad Cumann Peile agus Iománaíochta Mhícheál Breathnach ná lucht peile na mban ná, ar ndóigh, na gaiscígh chamógaíochta.
Údar
Coiste Eagarthóireachta Biseach
Ábhar na hIrise
Forbairt Phobail
Bliain
2011
Aitheantóir
BI2011A01
Cineál Míre
Téacs
Teanga
ga
Foinse
Bailiúchán Biseach
Cearta
© Cumann Forbartha Chois Fharraige