Skip to main content

Nach aoibhinn beatha an scoláire!

Item

Teideal
Nach aoibhinn beatha an scoláire!
Cur Síos
Alt ó 'Biseach 2011', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bhí bliain eachtrúil, shuimiúil, spreagúil, lomlán le himeachtaí éagsúla againn i Scoil Sailearna i mbliana. Teicneolaíocht an Eolais: Bhí clár bán idirghníomhaíochta nó teilgeoir digiteach againn i ngach seomra ranga den chéad uair i mbliana. Bhain scoláirí agus múinteoirí an-leas, tairbhe agus taitneamh as na háiseanna nua-aimseartha seo. Tá buíochas mór ag gabháil do Mhícheál Ó Foighil (Coláiste Lurgan) a thug trí cinn de chláir bhána idirghníomhaíochta ar iasacht don scoil! Go bhfága Dia an tsláinte aige! Bhain muid úsáid as an gcóras Textaparent den chéad uair i mbliana freisin le tuismitheoirí na scoile a choinneáil ar an eolas faoi imeachtaí na scoile. Ar ndóigh, tá suíomh idirlín ag an scoil anois agus chuile eolas agus scéal nua le fáil ar www.scoilsailearna.ie!
Údar
Fearghas Mac Lochlainn
Ábhar na hIrise
Oideachas
Bliain
2011
Aitheantóir
BI2011A04
Réimse Tíreolaíochta
Na hAille
Cineál Míre
Téacs
Teanga
ga
Foinse
Bailiúchán Biseach
Cearta
© Cumann Forbartha Chois Fharraige