Skip to main content

Féile Scoildrámaíochta na Gaillimhe 2011

Item

Teideal
Féile Scoildrámaíochta na Gaillimhe 2011
Cur Síos
Alt ó 'Biseach 2011', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Idir an 14-18 Feabhra 2011 chruinnigh 40 scoil (idir bhunscoileanna agus mheánscoileanna) as Co. na Gaillimhe le chéile in Amharclann Chois Fharraige, Seanscoil Sailearna, chun drámaí as Gaeilge a chur ar stáitse. Bhí meascán iontach drámaí le feiceáil idir dhrámaí nuascríofa, sheandrámaí agus cheoldrámaí. Lean an Fhéile ar aghaidh ar feadh na seachtaine agus ba iad Norette Ní Laoithe agus Seán Ó Murchú a rinne an mholtóireacht. Bhíodar antógtha leis an gcaighdeán fíorard a bhí ar an stáitse. Bhain na gasúir ar fad antaitneamh as na drámaí agus bhí an Halla lán go doras chuile lá. D’éirigh chomh maith leis an bhFéile gur reáchtáladh Féile Chonnacht ann coicís ina dhiaidh sin agus d’éirigh thar cionn leis sin freisin.
Údar
Fil Uí Dhubhghaill
Ábhar na hIrise
Drámaíocht
Bliain
2011
Aitheantóir
BI2011A05
Réimse Tíreolaíochta
Na hAille
Cineál Míre
Téacs
Teanga
ga
Foinse
Bailiúchán Biseach
Cearta
© Cumann Forbartha Chois Fharraige