-
Teideal
-
Sconsa Scoil Shailearna
-
Cur Síos
-
Alt ó 'Biseach 2011', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is beag duine a théann siar bóthar Chois Fharraige ó dheireadh an tsamhraidh seo caite nach dtugann faoi deara an sconsa breá atá ag síneadh amach roimhe ar thaobh na láimhe deise ag ceann thiar chlós Scoil Náisiúnta Shailearna agus leath bealaigh ó thuaidh comhthreomhar leis an scoil. Tógadh an sconsa nuair a leagadh na crainnte idir ‘Tigh Kheane’ / ‘Tigh Mhiss Conneely’ agus an scoil. Tosaíodh ar an obair thart ar mhí an Mheithimh 2010 agus cuireadh an chloch dheiridh in áit thart ar dheireadh an tsamhraidh 2011.
-
Údar
-
Máire Ní Fhlathartaigh
-
Ábhar na hIrise
-
Oideachas
-
Bliain
-
2011
-
Aitheantóir
-
BI2011A10
-
Cineál Míre
-
Téacs
-
Teanga
-
ga
-
Foinse
-
Bailiúchán Biseach
-
Cearta
-
© Cumann Forbartha Chois Fharraige