-
Teideal
-
Ceird an Fhocail: Scríbhneoireacht Chonamara Inniu
-
Cur Síos
-
Alt ó 'Biseach 2016', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Dúirt Máirtín Ó Cadhain, mórscríbhneoir Chonamara agus go deimhin duine de mhórscríbhneoirí na Gaeilge riamh anall, ina thiomna liteartha dheireadh saoil, Páipéir Bhána agus Páipéir Bhreaca, go raibh sé ag scríobh i gcaitheamh a shaoil ar uireasa traidisiúin liteartha, ‘cés moite de na filí tuaithe’. Bhí cuid áirithe den cheart aige sa méid sin, ar ndóigh, má tá i ndán is go gciallaíonn traidisiún liteartha riar scríbhneoirí ardréime a bheith romhat sa líne a mbeadh corpus canónda úrscéalta, drámaí, filíochta (i gciall liteartha na hardfhilíochta, go háirithe) agus gearrscéalta foilsithe acu agus léitheoirí iomadúla acu, gan trácht ar litríocht fhairsing chritice a bheith ar fáil lena saothar a “mhíniú” don domhan mór.
-
Údar
-
Gearóid Denvir
-
Ábhar na hIrise
-
Scríbhneoireacht
-
Bliain
-
2016
-
Aitheantóir
-
BI2016A05
-
Cineál Míre
-
Téacs
-
Teanga
-
ga
-
Foinse
-
Bailiúchán Biseach
-
Cearta
-
© Cumann Forbartha Chois Fharraige