Skip to main content

An tÉireannach 1934-37: Páipéar in Aghaidh Stuif

Item

Teideal
An tÉireannach 1934-37: Páipéar in Aghaidh Stuif
Cur Síos
Deir údair mhóra gurb é Inniu an chéad nuachtán seachtainiúil Gaeilge a dhírigh ar chúrsaí nuachta seachas ar ghnóthaí na Gaeilge. Ach bhí páipéar eile ann roimhe, a foilsíodh i mBaile Átha Cliath gach uile Shatharn ó Mheitheamh 1934 go Feabhra 1937. Rinne an nuachtán An t-Éireannach léirmheas géar ar imeachtaí Hitler, Mussolini agus deachtóirí eile. Ba mhar a chéile an pholaitíocht a bhí le brath taobh thiar de agus an pholaitíocht a chleacht an Chomhdháil Phoblachtach (Republican Congress), comhdháil de ghrúpaí ceardchumann, de shóisialaithe agus de Phoblachtóirí sóisialacha (1934-36). Bhí difríocht mhór eile idir An t-Éireannach agus Inniu, agus b'shin gur '... cainteoirí dúchais na daoine a bhailigh Seán Beaumont le chéile mar scríbhneoirí don pháipéar seo agus le cuidiú leis ar dhóigheanna eile', mar a scríobh an t-iriseoir Cathal Ó Tuathail agus é ag fógairt teacht an pháipéir nua i 1934.
Údar
Éamon Ó Ciosáin
Ábhar na hIrise
Stair; Polaitíocht; An Ghaeilge; Na Meáin Ghaeilge
An Ghaeilge
Na Meáin Ghaeilge
Polaitíocht
Stair
Bliain
1993
Aitheantóir
PL1993A05
Cineál Míre
Téacs
Teanga
ga
Foinse
Cartlann an Phléaráca, faoi chúram Ollscoil na hÉireann Gaillimh
Cearta
© Pléaráca. Gach Ceart ar Cosaint.