'Orán Árann.', sliocht (tras-scríofa) tógtha as Lámhscríbhinn 54 ó Bhailiúchán Sheáin Mhic Giollarnáth. Bailiúchán de bhéaloideas agus de scéalta seanchais atá sa lámhscríbhinn. Breacadh uimhreacha ar na leathanaigh agus cuimsíonn sí 76 leathanach ar fad. Ní hé Mac Giollarnáth an scríobhaí. Cuireadh isteach bailiúchán de véarsaí i mBéarla dar teideal Stories that the Old Folks used to tell.
'Amhrán A’ Charraigín.', sliocht (tras-scríofa) tógtha as Lámhscríbhinn 54 ó Bhailiúchán Sheáin Mhic Giollarnáth. Bailiúchán de bhéaloideas agus de scéalta seanchais atá sa lámhscríbhinn. Breacadh uimhreacha ar na leathanaigh agus cuimsíonn sí 76 leathanach ar fad. Ní hé Mac Giollarnáth an scríobhaí. Cuireadh isteach bailiúchán de véarsaí i mBéarla dar teideal Stories that the Old Folks used to tell.
'Sgéul Rí ‘N Éirinn', sliocht (tras-scríofa) tógtha as Lámhscríbhinn 54 ó Bhailiúchán Sheáin Mhic Giollarnáth. Bailiúchán de bhéaloideas agus de scéalta seanchais atá sa lámhscríbhinn. Breacadh uimhreacha ar na leathanaigh agus cuimsíonn sí 76 leathanach ar fad. Ní hé Mac Giollarnáth an scríobhaí. Cuireadh isteach bailiúchán de véarsaí i mBéarla dar teideal Stories that the Old Folks used to tell.
'Pádraic An Píobaire.', sliocht (tras-scríofa) tógtha as Lámhscríbhinn 54 ó Bhailiúchán Sheáin Mhic Giollarnáth. Bailiúchán de bhéaloideas agus de scéalta seanchais atá sa lámhscríbhinn. Breacadh uimhreacha ar na leathanaigh agus cuimsíonn sí 76 leathanach ar fad. Ní hé Mac Giollarnáth an scríobhaí. Cuireadh isteach bailiúchán de véarsaí i mBéarla dar teideal Stories that the Old Folks used to tell.
'An Bhanrioghan Sholasach', sliocht (tras-scríofa) tógtha as Lámhscríbhinn 55 ó Bhailiúchán Sheáin Mhic Giollarnáth. An scéal An Bhainrioghan Sholasach (ar lean), amhrán dár teideal Amhrán an tSionnaigh agus foclóir a bhaineann le báid agus an fharraige atá sa lámhscríbhinn. Níl uimhreacha ar na leathanaigh.
'Amhrán an tSionnaigh', sliocht (tras-scríofa) tógtha as Lámhscríbhinn 55 ó Bhailiúchán Sheáin Mhic Giollarnáth. An scéal An Bhainrioghan Sholasach (ar lean), amhrán dár teideal Amhrán an tSionnaigh agus foclóir a bhaineann le báid agus an fharraige atá sa lámhscríbhinn. Níl uimhreacha ar na leathanaigh.
'An Chailleach', sliocht (tras-scríofa) tógtha as Lámhscríbhinn 55 ó Bhailiúchán Sheáin Mhic Giollarnáth. An scéal An Bhainrioghan Sholasach (ar lean), amhrán dár teideal Amhrán an tSionnaigh agus foclóir a bhaineann le báid agus an fharraige atá sa lámhscríbhinn. Níl uimhreacha ar na leathanaigh.
'Na Báid i gCarna', sliocht (tras-scríofa) tógtha as Lámhscríbhinn 55 ó Bhailiúchán Sheáin Mhic Giollarnáth. An scéal An Bhainrioghan Sholasach (ar lean), amhrán dár teideal Amhrán an tSionnaigh agus foclóir a bhaineann le báid agus an fharraige atá sa lámhscríbhinn. Níl uimhreacha ar na leathanaigh.
'Bád Iomartha', sliocht (tras-scríofa) tógtha as Lámhscríbhinn 55 ó Bhailiúchán Sheáin Mhic Giollarnáth. An scéal An Bhainrioghan Sholasach (ar lean), amhrán dár teideal Amhrán an tSionnaigh agus foclóir a bhaineann le báid agus an fharraige atá sa lámhscríbhinn. Níl uimhreacha ar na leathanaigh.
'Maith in Aghaidh an Uilc', sliocht (tras-scríofa) tógtha as Lámhscríbhinn 56 ó Bhailiúchán Sheáin Mhic Giollarnáth. An scéal An Bhainrioghan Sholasach (ar lean), amhrán dár teideal Amhrán an tSionnaigh agus foclóir a bhaineann le báid agus an fharraige atá sa lámhscríbhinn. Níl uimhreacha ar na leathanaigh.
'Tadhg na Buile', sliocht (tras-scríofa) tógtha as Lámhscríbhinn 57 ó Bhailiúchán Sheáin Mhic Giollarnáth. Bailiúchán de scéalta seanchais atá sa lámhscríbhinn. Breacadh uimhreacha ar na leathanaigh agus cuimsíonn sí 45 leathanach ar fad. Tugann inscríbhinn ag tús na lámhscríbhinne le fios gurb é Micilín Mac Donnchadha, Roisín na mBan Ioch, Cárna an scéalaí. Tugtar eolas sa lámhscríbhinn maidir le foinse na scéalta.
'Sgeal faoi Dhomhnall Ó Flaithbearta', sliocht (tras-scríofa) tógtha as Lámhscríbhinn 57 ó Bhailiúchán Sheáin Mhic Giollarnáth. Bailiúchán de scéalta seanchais atá sa lámhscríbhinn. Breacadh uimhreacha ar na leathanaigh agus cuimsíonn sí 45 leathanach ar fad. Tugann inscríbhinn ag tús na lámhscríbhinne le fios gurb é Micilín Mac Donnchadha, Roisín na mBan Ioch, Cárna an scéalaí. Tugtar eolas sa lámhscríbhinn maidir le foinse na scéalta.
'Flaithbeartach eile a bhí ina chomhnuidhe ar loch Scainnibh i gCárna.', sliocht (tras-scríofa) tógtha as Lámhscríbhinn 57 ó Bhailiúchán Sheáin Mhic Giollarnáth. Bailiúchán de scéalta seanchais atá sa lámhscríbhinn. Breacadh uimhreacha ar na leathanaigh agus cuimsíonn sí 45 leathanach ar fad. Tugann inscríbhinn ag tús na lámhscríbhinne le fios gurb é Micilín Mac Donnchadha, Roisín na mBan Ioch, Cárna an scéalaí. Tugtar eolas sa lámhscríbhinn maidir le foinse na scéalta.
'Réamon a Túrla agus na Flaithbhearta a bhí i gCaislean Ach na nIúr.', sliocht (tras-scríofa) tógtha as Lámhscríbhinn 57 ó Bhailiúchán Sheáin Mhic Giollarnáth. Bailiúchán de scéalta seanchais atá sa lámhscríbhinn. Breacadh uimhreacha ar na leathanaigh agus cuimsíonn sí 45 leathanach ar fad. Tugann inscríbhinn ag tús na lámhscríbhinne le fios gurb é Micilín Mac Donnchadha, Roisín na mBan Ioch, Cárna an scéalaí. Tugtar eolas sa lámhscríbhinn maidir le foinse na scéalta.
'Sgéal eile faoi na Flathbhearta agus faoi mhuinntir Laoidhe.', sliocht (tras-scríofa) tógtha as Lámhscríbhinn 57 ó Bhailiúchán Sheáin Mhic Giollarnáth. Bailiúchán de scéalta seanchais atá sa lámhscríbhinn. Breacadh uimhreacha ar na leathanaigh agus cuimsíonn sí 45 leathanach ar fad. Tugann inscríbhinn ag tús na lámhscríbhinne le fios gurb é Micilín Mac Donnchadha, Roisín na mBan Ioch, Cárna an scéalaí. Tugtar eolas sa lámhscríbhinn maidir le foinse na scéalta.
'Sgéul faoi Cruaidh na Cara', sliocht (tras-scríofa) tógtha as Lámhscríbhinn 57 ó Bhailiúchán Sheáin Mhic Giollarnáth. Bailiúchán de scéalta seanchais atá sa lámhscríbhinn. Breacadh uimhreacha ar na leathanaigh agus cuimsíonn sí 45 leathanach ar fad. Tugann inscríbhinn ag tús na lámhscríbhinne le fios gurb é Micilín Mac Donnchadha, Roisín na mBan Ioch, Cárna an scéalaí. Tugtar eolas sa lámhscríbhinn maidir le foinse na scéalta.
'Sgéul faoi Chruaidh Na Caoile', sliocht (tras-scríofa) tógtha as Lámhscríbhinn 57 ó Bhailiúchán Sheáin Mhic Giollarnáth. Bailiúchán de scéalta seanchais atá sa lámhscríbhinn. Breacadh uimhreacha ar na leathanaigh agus cuimsíonn sí 45 leathanach ar fad. Tugann inscríbhinn ag tús na lámhscríbhinne le fios gurb é Micilín Mac Donnchadha, Roisín na mBan Ioch, Cárna an scéalaí. Tugtar eolas sa lámhscríbhinn maidir le foinse na scéalta.
'An chéad fhear dhe chlann Dhonnachadha a tháinig isteach go gleann Iarr Chonachta.', sliocht (tras-scríofa) tógtha as Lámhscríbhinn 57 ó Bhailiúchán Sheáin Mhic Giollarnáth. Bailiúchán de scéalta seanchais atá sa lámhscríbhinn. Breacadh uimhreacha ar na leathanaigh agus cuimsíonn sí 45 leathanach ar fad. Tugann inscríbhinn ag tús na lámhscríbhinne le fios gurb é Micilín Mac Donnchadha, Roisín na mBan Ioch, Cárna an scéalaí. Tugtar eolas sa lámhscríbhinn maidir le foinse na scéalta.
'Caib IV. An Tráigh.', sliocht (tras-scríofa) tógtha as Lámhscríbhinn 58 ó Bhailiúchán Sheáin Mhic Giollarnáth. An Tráigh II is teideal don lámhscríbhinn agus tá dréachtchaibidlí IVVIII inti mar aon le nótaí. Níl uimhreacha ar na leathanaigh.
'Caib V. Gliomaigh agus an gCineálacha. 11', sliocht (tras-scríofa) tógtha as Lámhscríbhinn 58 ó Bhailiúchán Sheáin Mhic Giollarnáth. An Tráigh II is teideal don lámhscríbhinn agus tá dréachtchaibidlí IVVIII inti mar aon le nótaí. Níl uimhreacha ar na leathanaigh.
'Caibidil VI. Péisteacha Mara 16', sliocht (tras-scríofa) tógtha as Lámhscríbhinn 58 ó Bhailiúchán Sheáin Mhic Giollarnáth. An Tráigh II is teideal don lámhscríbhinn agus tá dréachtchaibidlí IVVIII inti mar aon le nótaí. Níl uimhreacha ar na leathanaigh.
'Caib VII ', sliocht (tras-scríofa) tógtha as Lámhscríbhinn 58 ó Bhailiúchán Sheáin Mhic Giollarnáth. An Tráigh II is teideal don lámhscríbhinn agus tá dréachtchaibidlí IVVIII inti mar aon le nótaí. Níl uimhreacha ar na leathanaigh.
'Caib VIII An Súmaire Mara agus an Sgéith Róin', sliocht (tras-scríofa) tógtha as Lámhscríbhinn 58 ó Bhailiúchán Sheáin Mhic Giollarnáth. An Tráigh II is teideal don lámhscríbhinn agus tá dréachtchaibidlí IVVIII inti mar aon le nótaí. Níl uimhreacha ar na leathanaigh.
'Nótaí', sliocht (tras-scríofa) tógtha as Lámhscríbhinn 59 ó Bhailiúchán Sheáin Mhic Giollarnáth. Nótaí a bhaineann le scéalta i gcomhaid eile sa bhailiúchán agus le hábhar cráifeach atá sa lámhscríbhinn mar aon le dréachtchaibidlí XV-XVII de Emil agus na Lorgairí (Mac Giollarnáth, Seán. 1937). Cuireadh isteach gearrthóg ón Irish Independent Iúil 14, 1937.
'Altú bídh roimh béile', sliocht (tras-scríofa) tógtha as Lámhscríbhinn 59 ó Bhailiúchán Sheáin Mhic Giollarnáth. Nótaí a bhaineann le scéalta i gcomhaid eile sa bhailiúchán agus le hábhar cráifeach atá sa lámhscríbhinn mar aon le dréachtchaibidlí XV-XVII de Emil agus na Lorgairí (Mac Giollarnáth, Seán. 1937). Cuireadh isteach gearrthóg ón Irish Independent Iúil 14, 1937.
'Loinnir Mhic Leabhar', sliocht (tras-scríofa) tógtha as Lámhscríbhinn 59 ó Bhailiúchán Sheáin Mhic Giollarnáth. Nótaí a bhaineann le scéalta i gcomhaid eile sa bhailiúchán agus le hábhar cráifeach atá sa lámhscríbhinn mar aon le dréachtchaibidlí XV-XVII de Emil agus na Lorgairí (Mac Giollarnáth, Seán. 1937). Cuireadh isteach gearrthóg ón Irish Independent Iúil 14, 1937.
'Donn Mhac agus Dubh Mhac', sliocht (tras-scríofa) tógtha as Lámhscríbhinn 59 ó Bhailiúchán Sheáin Mhic Giollarnáth. Nótaí a bhaineann le scéalta i gcomhaid eile sa bhailiúchán agus le hábhar cráifeach atá sa lámhscríbhinn mar aon le dréachtchaibidlí XV-XVII de Emil agus na Lorgairí (Mac Giollarnáth, Seán. 1937). Cuireadh isteach gearrthóg ón Irish Independent Iúil 14, 1937.
'Emil. Foclóir', sliocht (tras-scríofa) tógtha as Lámhscríbhinn 59 ó Bhailiúchán Sheáin Mhic Giollarnáth. Nótaí a bhaineann le scéalta i gcomhaid eile sa bhailiúchán agus le hábhar cráifeach atá sa lámhscríbhinn mar aon le dréachtchaibidlí XV-XVII de Emil agus na Lorgairí (Mac Giollarnáth, Seán. 1937). Cuireadh isteach gearrthóg ón Irish Independent Iúil 14, 1937.
'XV Tugann Emil Cuairt ar Priomh Staisiún na Síothmhaor', sliocht (tras-scríofa) tógtha as Lámhscríbhinn 59 ó Bhailiúchán Sheáin Mhic Giollarnáth. Nótaí a bhaineann le scéalta i gcomhaid eile sa bhailiúchán agus le hábhar cráifeach atá sa lámhscríbhinn mar aon le dréachtchaibidlí XV-XVII de Emil agus na Lorgairí (Mac Giollarnáth, Seán. 1937). Cuireadh isteach gearrthóg ón Irish Independent Iúil 14, 1937.
'XVI The Chief Criminal Investigator sends his regards', sliocht (tras-scríofa) tógtha as Lámhscríbhinn 59 ó Bhailiúchán Sheáin Mhic Giollarnáth. Nótaí a bhaineann le scéalta i gcomhaid eile sa bhailiúchán agus le hábhar cráifeach atá sa lámhscríbhinn mar aon le dréachtchaibidlí XV-XVII de Emil agus na Lorgairí (Mac Giollarnáth, Seán. 1937). Cuireadh isteach gearrthóg ón Irish Independent Iúil 14, 1937.
'Emil féin', sliocht (tras-scríofa) tógtha as Lámhscríbhinn 59 ó Bhailiúchán Sheáin Mhic Giollarnáth. Nótaí a bhaineann le scéalta i gcomhaid eile sa bhailiúchán agus le hábhar cráifeach atá sa lámhscríbhinn mar aon le dréachtchaibidlí XV-XVII de Emil agus na Lorgairí (Mac Giollarnáth, Seán. 1937). Cuireadh isteach gearrthóg ón Irish Independent Iúil 14, 1937.
'Frau Tischbein Máthair Emil', sliocht (tras-scríofa) tógtha as Lámhscríbhinn 59 ó Bhailiúchán Sheáin Mhic Giollarnáth. Nótaí a bhaineann le scéalta i gcomhaid eile sa bhailiúchán agus le hábhar cráifeach atá sa lámhscríbhinn mar aon le dréachtchaibidlí XV-XVII de Emil agus na Lorgairí (Mac Giollarnáth, Seán. 1937). Cuireadh isteach gearrthóg ón Irish Independent Iúil 14, 1937.
'Caráiste ar leith den traein', sliocht (tras-scríofa) tógtha as Lámhscríbhinn 59 ó Bhailiúchán Sheáin Mhic Giollarnáth. Nótaí a bhaineann le scéalta i gcomhaid eile sa bhailiúchán agus le hábhar cráifeach atá sa lámhscríbhinn mar aon le dréachtchaibidlí XV-XVII de Emil agus na Lorgairí (Mac Giollarnáth, Seán. 1937). Cuireadh isteach gearrthóg ón Irish Independent Iúil 14, 1937.
'Fear an Sgála Hata', sliocht (tras-scríofa) tógtha as Lámhscríbhinn 59 ó Bhailiúchán Sheáin Mhic Giollarnáth. Nótaí a bhaineann le scéalta i gcomhaid eile sa bhailiúchán agus le hábhar cráifeach atá sa lámhscríbhinn mar aon le dréachtchaibidlí XV-XVII de Emil agus na Lorgairí (Mac Giollarnáth, Seán. 1937). Cuireadh isteach gearrthóg ón Irish Independent Iúil 14, 1937.
'Pony Hutchen, colceathar Emil.', sliocht (tras-scríofa) tógtha as Lámhscríbhinn 59 ó Bhailiúchán Sheáin Mhic Giollarnáth. Nótaí a bhaineann le scéalta i gcomhaid eile sa bhailiúchán agus le hábhar cráifeach atá sa lámhscríbhinn mar aon le dréachtchaibidlí XV-XVII de Emil agus na Lorgairí (Mac Giollarnáth, Seán. 1937). Cuireadh isteach gearrthóg ón Irish Independent Iúil 14, 1937.
'Buachaill agus Bonnán Gluaisteáin aige', sliocht (tras-scríofa) tógtha as Lámhscríbhinn 59 ó Bhailiúchán Sheáin Mhic Giollarnáth. Nótaí a bhaineann le scéalta i gcomhaid eile sa bhailiúchán agus le hábhar cráifeach atá sa lámhscríbhinn mar aon le dréachtchaibidlí XV-XVII de Emil agus na Lorgairí (Mac Giollarnáth, Seán. 1937). Cuireadh isteach gearrthóg ón Irish Independent Iúil 14, 1937.
'Seomra an chló-chur ag nuachtán mór', sliocht (tras-scríofa) tógtha as Lámhscríbhinn 59 ó Bhailiúchán Sheáin Mhic Giollarnáth. Nótaí a bhaineann le scéalta i gcomhaid eile sa bhailiúchán agus le hábhar cráifeach atá sa lámhscríbhinn mar aon le dréachtchaibidlí XV-XVII de Emil agus na Lorgairí (Mac Giollarnáth, Seán. 1937). Cuireadh isteach gearrthóg ón Irish Independent Iúil 14, 1937.
'Máthair Mhór Emil', sliocht (tras-scríofa) tógtha as Lámhscríbhinn 59 ó Bhailiúchán Sheáin Mhic Giollarnáth. Nótaí a bhaineann le scéalta i gcomhaid eile sa bhailiúchán agus le hábhar cráifeach atá sa lámhscríbhinn mar aon le dréachtchaibidlí XV-XVII de Emil agus na Lorgairí (Mac Giollarnáth, Seán. 1937). Cuireadh isteach gearrthóg ón Irish Independent Iúil 14, 1937.
'Paidreacha', sliocht (tras-scríofa) tógtha as Lámhscríbhinn 59 ó Bhailiúchán Sheáin Mhic Giollarnáth. Nótaí a bhaineann le scéalta i gcomhaid eile sa bhailiúchán agus le hábhar cráifeach atá sa lámhscríbhinn mar aon le dréachtchaibidlí XV-XVII de Emil agus na Lorgairí (Mac Giollarnáth, Seán. 1937). Cuireadh isteach gearrthóg ón Irish Independent Iúil 14, 1937.
Alt ó 'Biseach 1979', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Seo chugaibh eagrán nua de Bhiseach, iris Chumann Forbartha Chois Fharraige (Coiste Paráiste an Chnoic). Is é an aidhm atá ag Biseach soiscéal agus obair an Chumann Forbartha a chur os comhair an phobail, chomh maith le filíocht, seanchas, agus béaloideas na háite a chur ar pháipéar. Níor foilsíodh aon eagrán de Bhiseach le roinnt bliain ach ní hionann sin agus a rá nach raibh an Cumann ag obair.
Alt ó 'Biseach 1979', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Dá mbeadh an oiread le taispeáint ag chuile chumann forbartha sa nGaeltacht is atá le taispeáint ag an gCumann seo againne ar obair na dtrí bliana déag seo caite ní bheadh cailleadh ar bith ar an nGaeltacht. Is iomaí cor atá tagtha ar an saol ón am ar bunaíodh an Cumann Forbartha i mi na Márta 1966.
Alt ó 'Biseach 1979', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Dá bhfiafrófaí de dhuine inniu cárb as é, b'fhéidir go ndéarfadh sé leat gurb as Conamara é agus d'fhéadfaí a chiallú leis sin áit ar bith idir Gaillimh agus an Clochán. Ach ní mar sin a bhí sa tseanreacht. Sa dúthaí sin a dtugtar Conamara anois air, is iad na daoine a bhí i gceannas ann agus ar leo é na Conmaicne agus fuair siad an t-ainm sin mar seo.
Alt ó 'Biseach 1979', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. An dara bliain deiridh den chogadh a bhí ann. Bhí ciondáil ar beagnach gach earra agus cuimse earraí do-fhaighte. Ní raibh leath-dhosaen carranna sa bparóiste uilig agus formhór na rothar a bhí ann bhíodar caite ina scaoinsí cois claí de dheasca boinn. Bhíodh faire ar an gcladach ar ghaoth ag súil le bruith-fá-thír. An té a n-éireodh meall ruibéir leis - agus bhí corr-cheann ag teacht isteach - bheadh a hocht nó a naoi de phunta agus dhá bhonn Dunlop le fáil aige. B'shin toirtín na haimsire. Ba iad sin blianta na gclogs is an chaife, blianta na mine duibhe is an easba mhóir. Ar a sheans go raibh Cré na Cille dá goradh nó ar thob a ginte.
Alt ó 'Biseach 1979', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Sciorr brúcht mhór dóibe siar le fána, lean brúcht agus brúisc eile í. Bhí cumhacht an ollscartaire ag aimsiú agus ag alpadh cnocán Gharraí an tSagairt nó gur fhág sí an tulach árd gainimh agus dóibe ina trá chothrom os cionn bog-easca seileastram.
Alt ó 'Biseach 1979', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá seacht mbliana bainte amach ag Club Badmantain na Tulaí i mbliana. Is iomaí torann atá bainte as na cláir ag imreoirí as gach ceard de Chonamara, Gaillimh Thoir agus Conamara Theas i gcaitheamh an ama sin. Bhíodh daoine á rá fadó go mbíodh síoga soir siar idir an Caisleán agus Bóthar Loch an lolra, ach cinnte má théann tú thart timpeall meán oíche tá na síoga fós ann agus bataí acu!
Alt ó 'Biseach 1979', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bunaíodh an chéad naíscoil i gConamara i 1975 agus seo mar a tharla sé. Tar éis dom naíscoileanna a fheiceáil i Sasana, agus an tairbhe a bhain gasúir astu, chuir mé féin spéis iontu agus bheartaigh mé ar chúrsa traenála a dhéanamh i stiúradh naíscoile. Nuair a d'fhill mé ar Chonamara chonaic mé go raibh easpa mór ar na gasúir bheaga agus, tar éis suirbhé a dhéanamh i measc na dtuismitheoirí, ba léir dom go raibh siadsan den tuairim gur theastaigh naíscoil san áit. De bharr an tsuirbhé seo bunaíodh an chéad naíscoil i gColáiste Lurgan. D'éirigh thar cionn léi agus tá naíscoileanna eile sa Spidéal agus ar an gCeathrú Rua anois. Chonaic Bord na Gaeilge go raibh naíscoileanna riachtanach i gConamara agus cheap siad feitheoir le naíscoileanna eile a bhunú.
Alt ó 'Biseach 1979', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bhí fómhar na bliana 1879 an-dona agus an barr íseal dá réir. Ba é seo an tríú bliain i ndiaidh a chéile don fhómhar a bheith go dona de bharr droch-aimsire. De réir an tseanfhocail bhí dhá rud nach raibh dul uathu: "cíos do thiarna nó bia do leanbh". Muna mbeadh an cíos don tiarna ní raibh an dara rogha ag daoine ach taobh an bhóthair a bheith acu.
Alt ó 'Biseach 1979', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Le deireanas cheannaigh an Banc Ceannais coinsíneacht scipéad speisialta airgid ó C.M.E. Teo., Indreabhán - an t-aon chomhlacht fíor-Éireannach a dhéanann an fearas seo.
Alt ó 'Biseach 1979', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is é Club Lurgan an club don óige, idir chailíní agus bhuachaillí, sa bparáiste. Tá an t-ádh orainn sa mhéid go gcuireann an Comharchumann Coláiste Lurgan ar fáil agus, dá bhrí sin, tá áit againn le teacht le chéile atá ar a laghad chomh maith le club óige ar bith eile sa nGaeltacht.
Alt ó 'Biseach 1981', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá leacht le nochtadh i mbliana ar láthair an tí, san áit ar rugadh Mike Mhicil Teada nó Mícheál Breathnach. Chuala mé caint ar Mhícheál Breathnach ó bhí mé 'mo ghasúr óg ag muintir mo bhaile féin, baile fearainn an Locháin Bhig. Ní iontas mór é sin mar rugadh Mícheál ar an Lochán Beag, tuairim is chúig mhíle déag as Gaillimh, siar bóthar Chois Fharraige, ar an 16ú lá de Mheán Fómhair, 1881. Micil Teada a tugadh ar a athair agus Saile Ní Fhinneadh ar a mháthair. B'as an gceantar seo an bheirt acu.
Alt ó 'Biseach 1981', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ar chiumhais na coille i gceann thóir an pharáiste a rugadh mé agus mo mhuintir romham. Ansiúd a tháinig mé in inmhe. Ionad mar sin ar bhruach abhann, le taobh coille, ar cholbhú sléibhe, téann sé i gcionn ort i ngan fhios duit más óg nó aosta tú. Bhí bochtanas ann agus géar-chall agus anró - cá bhfuil an áit Ón ngeal-chathair siar nach raibh amhlaidh an tráth úd? Ach bhí follántas ann - aer Úr na farraige ag déanamh a bhealaigh chun an tsléil:ihe agus leoithne anuas ó na tamhnaí ag castáil air ag Aill na Groigh ag béal an dorais againn, nó sin mar a cheapas. Éalaíonn torann agus diamhaireacht as coill. Áit aduain í. An cruthú, an beo, agus an bás ag carraíocht agus ag coimhlint le chéile inti Ó éirí go fuineadh gréine. Géagáin na gcrann ag lubarnaíl faoi threifíd an dúlra a chuireann beocht agus bíogacht iontu ó phréimh go duilleog. Scréach scáfar na corr-éisce agus é ar a theitheadh Ón madra crainn, tafann giortach an tsionnaigh ag mealladh chuige a chéile, meábhaíl na gcat fiáin a bhfuil scéin iontu le dúil sa gcreach a mbeidh a gcrúba ann gan mhoill - sin agus na céadta corr agus mothú eile a ghníos áit bheo aduain de choill agus a chuaigh go minic idir mé agus néal. Thuigeas go hóg nuair a bhíodh athrú aimsire air: an raibh ceo ar an abhainn nó ar an sliabh; an raibh tóchar an chláirín glórach doicheallach; an raibh an faoileán ag teannadh amach go hOgúil agus go Loch Coirib; an dtáinig tuirse ar an smólach agus an ndeachaigh sé fhéin agus an chéirseach ina dtost le duifeann nó go bhfille grian agus te as arís?
Alt ó 'Biseach 1981', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Rinnín a thugadh na sean daoine air, agus fós féin is é a thugas daoine air. Tá an áit seo ar chladach Bhaile an Tí Mhóir. Creidim gur Rinnín a bhí ann, mar bhí sé i bhfad níos limistéirí ná mar atá sé faoi láthair gur tháinig oíche stoirmiúil agus farraige láidir a thug stiall mhór dó chun bealaigh idir conrachaí agus eile. Is dóigh gur páistí a cuirtÍ ann ó thús mar bhí sé cóngarach, mar nach raibh aon reilig eile ní ba ghoire ná an Spidéal nó Maoiris, freisin cuirtí daoine bochta agus a leithéidí ann. Cuireadh roinnt daoine fásta ann bliain an "Flu Mhóir" as na baile thart timpeall.
Alt ó 'Biseach 1981', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Soláthraíonn C.M.E. Teoranta réimse leathan trucailí agus iomparán sábhála airgid agus taisceadán oíche do bhancanna agus d'institiúid í eile airgead ais.
Alt ó 'Biseach 1981', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Osclaíodh Brú Óige in Indreabhán ar an 5 Aibreán le bunú "An Óige" leithchéad bliain ó shin a chomóradh. Sé Taoiseach na linne, Cathal Ó hEachaidh a rinne an oscailt oifigiúil agus bhí slua de mhaithe agus móruaisle Gael, idir cléir agus tuath i láthair don ócáid. Tá leapacha do 66 duine sa mBrú agus tuairiscítear go bhfuil sé lán go doras d'eachtrannaigh agus d'Éireannaigh óga ó thús an tSamhraidh. Ba le Pádraig Mac Donncha (Pádraig Terry) an teach to dtí gur cheannaigh An Óige é. Chosain sé os cionn £100,000 an Brú a chóiriú. D'íoc Bord Fáilte 80% den chostas.
Alt ó 'Biseach 1983', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá leabhar filíochta Fhile Bhaile na mBroghach le bheith ar an margadh taobh istigh de mhí. Saothar filíochta leathchéad bliain atá sa leabhar seo. Níl aon ghá an file seo a chur in aithne do mhuintir Chois Fharraige. Ní hé amháin go bhfuil a cháil mar fhile ar fud Chois Fharraige ach tá eolas ar an mbua filíochta atá aige ar fud Chonamara agus áiteanna thairis.
Alt ó 'Biseach 1983', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá mé ar ais i Zambia i gceart lár na hAfraice. Ó thárla gur ar maidin (an lá deire de mhí na Nollag) a bhí m'eiteallán ag imeacht as Bleá Cliath b'éigean dom an baile a fhágáil an lá roimhe sin agus an oíche a chaith i mBleá Cliath. Thug mo cháirde ansin chuig seó Nollag Mháirín Potter mé (“Na Páistí sa gCoill”). Ní raibh sé thar moladh beirte, b'fhacthas dom. Beag an ghoir a bhí aige ar an oíche roimhe sin i nGairm-Scoil Choilm Cille. Ní fhéadfadh an oíche chéanna a theacht ní ba thráthúla dhomsa. Ó ba í an oíche dheire sa mbaile agam í, agus fuair mé an-tsásamh ar chuile shórt idir phoirt, amhráin, damhsa an cupán tae agus ar ndó ní áirím an comhluadar. Chruthaigh Joe Steve thar cionn mar fhear a' tí, nár laga Dia é. Rinne mé fhéin agus mo mhama ceapairín beag de waltz, a mh'anam; ba mhaith uaithi-se lá den tsaol, ach shílfeá gur dhá chois chlí atá orm fhéin, fairíor. Thug mé mo chuid deiseanna ceoil ar ais liom agus bím a' baint corr-shinneán astu. Seo é an chéad uair agam na píobaí uilleann a thabhairt liom; shíl mé i gcónaí nach seasfaidís an teas ach dheamhan blas mairg orthu, fós ar aon chaoi .
Alt ó 'Biseach 1983', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Fuair an tAth. Seán Ó Ceannabháin, Sagart Paráiste an Chnoic, bás ar an 1ú Márta, 1840. Bhí sé sean nuair a fuair sé bás ach le tamail roimhe sin bhí sé ar a dhícheall ag iarraidh seipéal nua a thoigeál ar an Tulach mar nach raibh sa seipéal a bhí á úsáid ar na Creagáin ach bráicín nach raibh in ann dhá scór duine a choinneál. Bhí Bláca an Chaisleáin an-mhór leis an Ath. ó Ceannabháin agus bhí cúnamh á thabhairt acu dhó Ie ballaí an tseipéil a thóigeál san áit a bhfuil Seipéal na Tulaí inniu. Bhí na daoine ag tabhairt aolchloch as Árainn ina gcuid bád agus bhí an Blácach ag dó an aoil thíos in aice leis an gCaisleán.
Alt ó 'Biseach 1983', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ó thús m'óige i mo ghasúirín bheag dhom agus sula ndeacha mé ag aon scoil ariamh bhí sgéalta agam agus an spéis agam thairis sin ionta. Sgéalta grinn, sgéalta sídhe, finnsgéalta, sgéalta beaga a tharla thart sa limistéar a raibh baint aca le féiltí na bliana, le piosreógaí agus le go leór leór d'imeachtaí nádúrtha na ndaoiní agus an cheantair. Ina dhiaidh sin sea thosaigh mé cur suime agus a'teacht isteach ar na sgéalta fada agus ar a'bhfiánníocht. Bhí seisear nó mór-sheisear de shean-seansachaí ar a'mbaile a bhí chomh maith le aon seanchaí ó Chnoc Cathrach na Gaillimhe siar le cósta chomh fada le Tower-Cheann Gólaim. Ní thagadh iabh ortha nó foras ó thráthnóna nó go dtéigheadh an oíche thar druimín, ach a' sgéalíocht go dtí thar éis an mheán-oíche. Ó dá gcloisfeá Pádhraic Pháidín a cur síos ar 'Thuras na Féinne go Crích-Lochlain' nó Beartla Tom ar 'Thriúr Clainne na barr-Sgolóige', nó Seáinín Beag ag innseacht 'Céadhtach Mac Ri na gCor'.
Alt ó 'Biseach 1983', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Don dara bliain as a chéile ghnóthaigh Club Lurgan an trófaí agus duais (400 don Chlub Óige ab'fhearr sa Ghaeltacht i 1982, i gcomórtas 'Forbairt' Údarás na Gaeltachta. D'fhág seo nach raibh cead againn cuir isteach air arís i 1983, ach níor chuir sé seo bac ar bith ar ár gcuid gníomhaíochtaí ná ar ár ndíogras. Bhí an bhlian 1982-83 chomh lán d'imeachtaí le ceachtar den dá bhlian a d'imigh roimpe – go deimhin chuir muid cúpla smaoineamh nua i gcríoch.
Alt ó 'Biseach 1983', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Dé hAoine 3 Meitheamh rinne an Dr Oirmh. Éamonn Ó Cathasaigh Easpag na Gaillimhe an oscailt oifigiúil ar Lios na Gréine, an t-áras nua i gCor na Rón. Teach fairsing slachtmhar é a bhfuil an fhéile, an cineáltas agus an Chríostaíocht le mothú ann.
Alt ó 'Biseach 1983', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Céard é Cumann Micheál Breathnach? Scata buachaillí óga ag dul timpeall ag ciceáil liathróide? Cúpla duine ag dul timpeall ag díol ticéidí nó ag iarraidh airgid le haghaidh seo nó siúd gach ré seachtain. Ar ndóigh níl tada eile le déanamh ag a bhformhór ar aon nós!
Alt ó 'Biseach 1987', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. I 1966, ní raibh aon mhonarcha ag Gaeltarra Éireann ó abhainn an Spidéil go dtí abhainn Chruimlinn . Ní raibh aon phíopaí uisce ag dul le bóthar. Ní raibh mórán turasóirí ag fanacht ar lóistín san áit, cé is móite de Choiste na bPáistí, agus gasúir na mBráithre. Bhí líon na ngasúr sa Scoil Náisiúnta ag ísliú. Ba chaol sheans go bhfaighfeadh an duine a fuair deis oideachas tríú leibhéal a fháil, obair ina cheantar féin. B 'í an imirce a bhí ag briseadh croí aithreacha agus máithreacha a bhí tar éis clann mhór a thógáil.
Alt ó 'Biseach 1987', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bhí earrach na bliana go dona. Fuair 2,000 beithíoch bás i gConamara in earrach na bliana sin agus bhí gorta ag bagairt arís. Mar ba ghnáthach i gcásanna dá Ieithéid sin moladh oibreacha poiblí a chur ar bun sa gcaoi go mbeadh saothrú ag na daoine a chuirfeadh ar a gcumas beatha a cheannach agus an cíos a íoc.
Alt ó 'Biseach 1987', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. I mbéal an dorais agam mé óg bhí dhá choill: ceann an taobh s'againne den abhainn agus an ceann eile ar an taobh thall. Níor bheo mise agus gasúir m'aoise gan seáirse a thabhairt ins na coillte sin. Aeraíl na hóige dár saighdeadh an uair úd. Bhíodh cineál draíocht ag baint leis ag teacht na huaire bhreá tráth mbíodh an dúlra 'na dhúiseacht, an lá gafa i bhfad agus gléineacht an tsuaircis le tabhairt chun cruinnis sa ngrian, sa ngealach, sa spéir ó mhaidin go moch go camhaoir an tráthnóna. Na héanlaith a raibh a dtarraingt ar mhong, ar chrann, ar aill, ar thamhnach, ar riasc, ar thom nó ar sceich taobh istigh nó taobh amuigh de na coillte úd, sin iad a mheall sinne lena nglaoch, le torann a gcuid sciathán agus le niamhracht a gcuid ceoil. Chualamar cois teallaigh faoi Úna Bhán " ... a glór ba binne ná glór an éin ar chraoibh". Dúradh linn freisin "go n-imthíonn an mheánfach ó dhuine go duine mar a imthíonn an t-éinín ó bhile go bile".
Alt ó 'Biseach 1987', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Comhar Creidmheasa is ea grúpa daoine a shábháileann airgead le chéile ionas gur féidir iasachtaí airgid a thabhairt i gcóir riachtanaisí torthúla ar rátaí úis réasúnacho Is ar bhunphrionsabail na féin-chabhrach atá gluaiseacht na gComhar Creidmheasa bunaithe agus is é atá i gceist go príomhdha ná: (i) Cothú coigiltis i measc daoine; (ii) Cruthú creidmheasa dhá chéile; (iii) Cothú leas an phobail.
Alt ó 'Biseach 1987', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is féidir le muintir an pharóiste seo bheith fíormhórtasach as an slua breá daoine óga atá páirteach i gClub Óige Lurgan. Aon duine a thiocfadh isteach sa chlub Aoine ar bith, d'fheicfidís an bealach éifeachtach ina n-eagraíonn na daoine óga féin, baill an choiste agus eile, na cluichí éagsúla ag tús na hoíche, na córais a oibríonn siad i gcaoi is go mbeidh cothrom na Féinne le fáil ag gach ball, óg is aosta, sna himeachtaí éagsúla agus an bealach ina gcuidíonn chuile dhuine nuair atá na boird agus an trealamh le stóráil agus an halla le glanadh ag deireadh na hoíche.
Alt ó 'Biseach 1987', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Le dhá bhliain anuas bhí mé ag déanamh obair dheonach i Durban san Afraic Theas mar bhall den eagras Viatores Christi. Cuireann an t-eagras seo oiliúint ar fáil do dhaoine gur mian leo oibriú mar mhisinéirí tuata i measc daoine bochta. Bhí mé ag obair i ndílleachtlann do ghasúir den chine daite . Ba mhná rialta den Ord Naomh Aibhistín a bhí ag breathnú i ndiaidh na ngasúr seo agus bhí timpeall céad buachaill faoina gcúram ó aois a ceathair go bliain is fiche. Chomh maith le dílleachtaí bíonn buachaillí ann a fhaigheann drochíde sa mbaile nó nach bhfuil a gcuid tuismitheoirí in ann an aire cheart a thabhairt dóibh. Tá formhór a gcuid tuismitheoirí scartha ó chéile agus ní minic aithne acu ar a gcuid aithreacha.
Alt ó 'Biseach 1989', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is maith an seans go leighfear an iris seo i bhfad ó bhaile; i Meiriceá, i Sasana nó go deimhin i gcúinne ar bith den domhan. Tá na hÉireannaigh siúlach agus ar ndóigh, dár fia, níl aon leisce ar mhuintir Chois Fharraige bailiú leo agus greim a mbéil a shaothrú in aon áit ar dhroim na cruinne. Ach ní hé greim a mbéil amháin atá ag mealladh daoine ar imirce, mar tá go leor ag fágáil postanna a choinneodh greim 's griscín sa bputóg. Ba leor sin fadó. Ní raibh ag na daoine ach ón láimh go dtí an béal agus ba leor alias na gcnámh ag forsadh le cladach, le talamh agus le portach chun snáth a choinneáil faoin bhfiacail.
Alt ó 'Biseach 1989', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá an Coiste Cultúrtha agus Caitheamh Aimsire ar an saol le aon bhliain déag anois. Coiste beag gan mórán gleo ná torann a eagraíonn riar mhaith imeachtaí sa bparóiste. Bhí siad sách cruógach le bliain ag déiléail leis na nithe seo a leanas.
Alt ó 'Biseach 1989', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. An focal sin "tórramh" bhainfeadh sé stanga asat agus ní mó ná feiliúnach atá an t-amhrán beag ná mór dá bhfuil le scríobh agam; ach tá ceol agus gluaiseacht agus uaim chomh hálainn sin ann agus é cumtha chomh gasta sin gur cheapas go mba trua Mhuire gan an ceathrú a thabhairt in iomlán.
Alt ó 'Biseach 1989', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá os cionn 150 ball idir 12 agus 19 mbliana d'aois, idir bhuachaillí agus chailíní, sa chlub faoi láthair. Tagaimid le chéile i gColáiste Lurgan chuile oíche Dé hAoine ó Mheán Fómhair go Bealtaine, óna hocht a chlog go dtí a deich. Bíonn go leor le déanamh le linn an dá uair a chloig sin .... leadóg bhoird, snúcar, meascán de pheil agus socar taobh istigh, táiplis, ficheall, cúrsaí cócaireachta agus ealaíne, cleachtadh drámaíochta agus, ar ndóigh, ceol, caint agus comhrá.
Alt ó 'Biseach 1989', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Rinne foireann Camógaíochta Chois Fharraige éacht i mí Mheán Fómhair seo caite nuair a bhuaigh siad Cluiche Ceannais an Chontae (Grád Sóisireach B) don chéad uair. Chloígh siad cailíní Liatroma an lá sin thoir i dTurloch Mór leis an scór 6-3 in aghaidh 0- 1 .
Alt ó 'Biseach 1989', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ar nós mílte beaga faithne ar bhrat roicneach cruiteach nó mar a bheadh screamhógaí dóite ar dhroim míl móir agus lagáin bheaga fhoscúla, nár thaobhaigh an aicíd ghránna fós iad, spréite fada fairsing thall is abhus, a bhreathnaigh an tír fúinn ó d'fhág muid Muir na Seapáine agus cósta thoir Chóiré in ár ndiaidh. B'fhéidir gurbh í an aistiúlacht a bhí ar an gcuid is mó againn nach raibh an t-achar seo ó bhaile ariamh cheana nó a mba é an chéad uair againn é ar an taobh seo den domhan ba mhó ba chiontsiocair leis na hiontaisí a bhí faoi smacht na samhlaíochta le tamall a bheith gaibhte chomh-mór in aimhréidh faoi seo…ag tabhairt aghaidh ar an domhan thoir ach gur anoir a bhí muid ag teacht chomh fada leis an áit sin anois! Is glas iad na cnoic ach…
Alt ó 'Biseach 1989', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Samhlaigh an méid seo: tá tú tar éis cluiche crua a imirt i lár páirce agus tá an t-am caite…tá an cluiche imithe 2 nóiméad thar an am. Tá d’fhoireann 2 phointe amháin chun tosaigh ach tá tú anois ag seasamh sa gcúl i d'aonar agus tá fear tosaigh ón bhfoireann eile á réiteach féin le cic éirice a thógáil i d'aghaidh. An chic deireadh de Chraobh an Chontae faoi 14. Cumann Mícheál Breathnach in aghaidh Chortúin.
Alt ó 'Biseach 1989', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bhí scoil nua in úsáid ó Mheán Fómhair na bliana 1886. Scoil mheascaithe dhá sheomra a bhí ann roimhe sín ar an láthair chéanna. Cuireadh tús le tógáil na scoile nua sa bhliain 1884. Bheadh an scoil ar siúl sa séipéal faid a bheadh an scoil nua á thógáil. Cheithre sheomra a bheadh sa scoil nua - dhá sheomra le haghaidh na mbuachaillí taobh thiar agus an dá seomra taobh thoir le haghaidh na gcailíní. Chosain an scoil nua £459 agus fritheadh £306 mar dheontas. Chosain sé £41-19-6 balla a chur thart ar an scoil. An tAthair Hosty, an Sagart Paróiste, a bhí mar bhainisteoir ar an scoil nua.
Alt ó 'Biseach 1989', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is beag scailp ón gCré Dhubh go Cor na Rón nach raibh tine ar lasadh. An strainséir féin a thiocfadh an bealach, bheadh fhios aige go raibh traidisiún faoi Ieith á cheiliúradh. Is iontach go deo an t-athrú a bhí Ie tabhairt faoi deara agus tú ag imeacht ó bhaile go baile. Bhí tintreacha lasta ar chnocáin, sna gleannta agus fiú ar chosáin! Bhí slua maith ag gach baile cruinnithe timpeall ar gach tine. Cuid acu ina suí le cois an chlaí, áiteacha eile fós agus iad ina ngrúpaí beaga. Bhí duine amháin nó b'fhéidir beirt i gceannas an tine. Bhí sé riachtanach i gcónaí go mbeadh an tine i mbarr a réime.
Alt ó 'Biseach 1989', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tuige a n-oibríonn daoine ar choistí? Is beag buíochais a fhaigheann siad go hiondúil ach lochtaítear iad anois is arís. Agus cé go n-éiríonn an corr dhuine as an obair, gan an fíor chúis a lua b'fhéidir, leanann cuid mhór ar aghaidh ar feadh na mblianta, ar feadh ró- fhada, seans, i dtuairim chuid den chomhluadair. Is dóigh gur rud éigin idir gá agus grá a spreagann an duine le dul ar choiste. De bharr an ghrá atá aige/aici don chomharsan nó don cheantar is léir don duine go bhfuil gá le seirbhís nó le forbairt nó le cosaint de chineál éigin. Le fírinne, is dóigh gur naoimh iad coisteoirí, nó b'fhéidir go bhfuil siad beagáiní craiceáilte, nó an dá rud.
Alt ó 'Biseach 1989', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bunaíodh brainse de chumann na bpáistí lagintinneach agus mí-chumas m eabhrach i gceantar Chois Fharraige faoi Cháisc na bliana 1988. Siad seo a leanas an coiste a toghadh...
Alt ó 'Biseach 1989', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Níl a fhios agam ar casadh síos ar an Áill Fhinn le gairid thú. Ní go dtí an reilig is mó atá deifir ar aon duine ach, ar ndóigh, olc maith Iinn é, caithfidh chuile dhuine cuairt a thabhairt ar an ngarraí sin, más de shiúl a chos nó in aghaidh a chos é. Níl aon bhóthar sa bparóiste is mó a bhfuil buladh ar ná ar bhóthar na reilige agus nuair a bhíodh sochraide mhór ann bhíodh sé ina bhrú brú sa gcárnán ag carranaí ag iarraidh a' dhul thar a chéile.
Alt ó 'Biseach 1998', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá bliain eile bainte amach ag an gCumann Forbartha agus ag Paróiste an Chnoic fré chéile, paróiste atá aitheanta anois ar cheann de na ceantracha is méithiúla ó thaobh fostaíochta de in aon limistéir tuaithe sa tír. Ní i ngan fhios do mhuintir an cheantair a tharla an fhorbairt seo. Tharla sé de thoradh na hoibre agus na pleanála a rinne pobal na háite sna blianta a chuaigh thart agus atá ar siúl go fóill. Agus 'sé an t-allas coirp agus intinne céanna sin a choinneos an ceantar i mbarr réime sna blianta atá le theacht agus do na glúnta atá Ie theacht.
Alt ó 'Biseach 1998', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is é Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha as na Creagáin, Indreabhán, Co. na Gaillimhe atá molta ag Cumann Forbartha Chois Fharraige i mbliana do Ghradam an Phiarsaigh. Pearsa mór Gaeltachta é Johnny, fear a bhfuil teanga labhartha an phobail ar díobh é thar a bheith paiteanta aige. Scríbhneoir cruthaitheach é a bhfuil friotal binn curtha aige ar shaol a mhuintire. Tá ábhar grinn agus machnaimh curtha ar fáil aige sna drámaí a scríobh sé, leithéidí, An Tincéara Buí, Ortha na Seirce, An Cnuastóir, agus sna hagallaimh beirte ar mhinic duais Oireachtais buaite aige leo, leithéidí, Raiftearaí, An Fhaoistin, An Volkswagon agus An tAsal.
Alt ó 'Biseach 1998', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is é Meaití Joe Shéamais Ó Fátharta, as na hAille, Indreabhán, an fear a bhuadh Corn na bhFear ag Oireachtas na Gaeilge i dTrá Lí cúpla seachtain ó shin. Seo leagan den amhrán a scríobh Pádraig Learaí Ó Finneadha, Bóithríní an Locháin, mar gur amhrán é a chasann Meaití go minic.
Alt ó 'Biseach 1998', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Nuair a bhí Ciarán Ó Coincheanainn fós sa scoil Náisiúnta d'airigh sé Máire Ní Dhonnchadha ag casadh Caisleán Uí Néill agus cheap sé gurbh álainn an t-amhrán agus an modh amhránaíochta é. B'shin an uair ar chuir sé suim sa Sean-nós. Thosaigh sé ag freastal ar ranganna Sean-nóis ansin faoi stiúir Mháire Uí Dhroighneáin. Sa mbliain 1996 bhuadh Ciarán Fleadh Ceoil na hÉireann agus bhuadh sé Comórtas Phléaráca Chonamara i 1996 agus i 1997. I mbliana bhuadh sé Comórtas na nAmhrán Nuachumtha ag an bhFéile PanCeilteach, bhuadh sé ag Fleadh Ceoil na hÉireann i mBéarla agus i nGaeilge. bhuadh sé Comórtas Cuimhneacháin Tom Pháidín Tom Faoi-21, agus ansin ag Oireachtas na Gaeilge i dTrá Lí i mbliana bhuadh sé Comórtas amhránaíochta Sheosaimh Uí Éanaigh. Chomh maith leis an amhránaíocht sean-nóis tá suim ag Ciarán sa gceol - casann sé ar an Orgán - bhí sé le Cór na Tulaigh agus ba é an t-amhránaí aonair é ag an gcéad Aifreann a craoladh ar Theilifís na Gaeilge, Lá Nollag 1997. Nár laga Dia thú, a Chiaráin. Comhgháirdeachas leat agus ná lig leis na maidí ar a bhfaca tú riamh.
Alt ó 'Biseach 1998', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Rinneadh an oscailt oifigiúil ar mhéadú na scoile ar an 12ú lá de Dheireadh Fómhair '98. Ba é an tAire Oideachais, Micheál Ó Máirtín. T.D., agus an tAire Stáit. Éamonn Ó Cuív. T. D., a bhí i mbun an tsearmanais oscailte agus ar ndóighe beannaíodh an scoil féin, na gasúir scoile agus foireann na scoile ar ócáid na hoscailte. Lá mór a bhí ann, don scoil agus don phobal ar fad.
Alt ó 'Biseach 1998', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Thosaigh an séasúr thiar sa Márta le sraith an iarthar inar imir an cumann i gcoinne foirne cosúil le Rinn Maoile, Na Piarsaigh, An Cheathrú Rua, Maigh Cuilinn agus An Fhairche. Tar éis na gcluichí ar fad a bheith imirthe sa sraith bhí an cumann ag barr an tábla agus gan cluiche ar bith caillte acu. I lár mhí Mheán Fómhar d'imir muid Na Piarsaigh i gcraobh an iarthar i gCill Ainnín agus bhí bua slachtmhar de 4 phointe againn orthu rud a chuir isteach muid i gcluiche ceannais sraithe an chondae in aghaidh Ghleann Uisce ar an 28ú Samhain.
Alt ó 'Biseach 1998', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bliain na nAosach, 1993, a thug an spreagadh is an dúshlán do Loch Lurgan Teo. dhá theach déag a thógáil do sheandaoine ar an gCnoc.
Alt ó 'Biseach 1998', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Seo'd scéal a thaifead "An Ruaiteach" - Art Mac Risteáird - ó athair a mhná, Joe Shéamais Dhiarmaid, nach maireann, suas le deich mbliana fichead ó shin.