Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Rinneadh cur síos cuimsitheach in eagrán 2003 de Bhiseach ar an tacaíocht a tháinig ó phobal an Chnoic do chur chun cinn na hOllscolaíochta trí Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh óna fichidí i leith agus go háirithe na hiarrachtaí a rinneadh le roinnt de bhlianta le forbairt a dhéanamh ar ollscolaíocht sa Ghaeltacht. Ba feachtas éilitheach a bhí anseo i dtosach, ach leis an aimsir, d’iompaigh sé isteach ina chomhoibriú idir Ollscoil, pobal agus stát.
Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. D’fhreastail suas le 1,800 scoláire ar Choláiste Lurgan le linn samhradh 2003 agus bhí os cionn 110 duine, idir mhná tí, mhúinteoirí agus fostaithe eile ag obair go lánaimseartha leis an gColáiste le linn an ama seo. Le blianta anois tá an t-éileamh ar chúrsaí sa gColáiste chun cinn ar líon na náiteanna a bhíonn ar fáil. Ní féidir glacadh leis, áfach, go bhfanfaidh cúrsaí mar seo. De bharr cúinsí eacnamúla níl daoine chomh caifeach agus a bhí. Bíodh sin mar atá, tá muid fós dóchasach go mbeidh dóthain éilimh ar chúrsaí sa gColáiste chun go mbeidh muid in ann iad a fhorbairt agus a fheabhsú sna blianta atá romhainn.
Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Faoi láthair tá 212 scoláire agus dhá mhúinteoir déag sa scoil. Tá méadú i mbliana ar an líon scoláire agus is comhartha maith é seo. Chuaigh Bord Bainistíochta nua i mbun gnó sa scoil i mí na Samhna 2003.
Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá Comhar Creidmheasa Cholm Cille ag feidhmiú anois le os cionn seacht mbliana déag. Déanann sé freastal ar na pobail ó na Forbacha siar chomh fada leis an gCeathrú Rua, Ceantar na nOileán agus ó thuaidh chomh fada le Gleann Trasna. Thar na mblianta, tá fás agus forbairt tagtha ar an líon ball atá páirteach sa gComhar Creidmheasa. Le léargas a thabhairt ar an dul chun cinn atá déanta ag an gComhar Creidmheasa is fiú súil a chaith ar roinnt staitisticí.
Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. I dtús na bliana seo bunaíodh an eagraíocht dheonach, Seo Uait, i gceantar Chonamara le hairgead a bhailiú do Thaighde Ailse Brollaigh i gcomhar leis an Institiúid Náisiúnta um Thaighde Ailse Brollaigh (National Breast Cancer Research Institute) i nGaillimh atá faoi stiúir an Ollaimh Given. Grúpa deonach as Gaillimh, The Merlin Park Walkers, a chuir tús leis an bhfeachtas nuair a chuir siad fógra sna nuachtáin ag iarraidh cúnaimh. Chonaic Margó Ní Chonghaile an fógra agus chuaigh sí i dteagmháil leo. Eagraíodh cruinniú agus as sin a tháinig an eagraíocht Seo Uait agus ceapadh coiste ar a raibh Margó féin, Caitríona Uí Bhéarra, Coroline Uí Ráinne, Maria Griffin agus Máire Langan.
Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ná bíodh duine ar bith a rá liomsa nach bhfuil pobal fada fairsing ar bís le dhul ag breathnú ar dhráma maith Gaeilge. Cruthaíodh an méid sin don ghrúpa drámaíochta “Lóchrann” a bunaíodh i gceantar Chois Fharraige an bhliain seo caite. Grúpa gairmiúil a bheartaigh muid a bhunú agus é de aidhm againn drámaí traidisiúnta den ardchaighdeán a chur i láthair an phobail go rialta. Beidh béim againn ar dhrámaí nuascríofa agus ar an nGaeilge shaibhir nádúrtha atá i gcontúirt a tachtadh ag an nua-aois. Bhí sé i gceist againn freisin ár sciatháin a scaradh agus an ealaíon thraidisiúnta a thabhairt chomh fada leis na Gaeil atá sloigthe ag an imirce.
Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Céim 4 (an céim deireadh) den fhorbairt atá ar na bacáin againn ná Ionad Leighis (Dochtúra) a thógáil do Phobal Chois Fharraige a bhíonn ag freastal ar an Ionad Leighis ag an Tulaigh - ionad atá suite i bPortacabin le breis is scór bliain - ionad atá mífheiliúnach go hiomlán le freastal ar an bPobal agus ionad atá cáinte ag Dochtúirí, Banaltraí agus gnáthphobal na háite.
Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Díríonn an Cumann Forbartha ar mholtaí a chur chun cinn agus ar thacaíocht a thabhairt d’fhorbairtí fisiciúla agus imeachtaí cultúrtha a rachadh chun tairbhe don cheantair agus a chuirfeadh le saol an phobail.
Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is iad na feirmeoirí cnámh droma na Gaeilge agus na Gaeltachta ó thús ama. Sheas siad an fód i gcoinne gach cineál brú – ó ionsaithe ag eachtrannaigh, an Gorta Mór suas go dtí díchúpláil an lae inniu. Tá caomhnú teanga, cultúir agus timpeallachta ar siúl acu sa tír seo ó chuir na chéad lonnaitheoirí fúthu i dtuaisceart na hÉireann 10,000 bliain ó shin. Is í an cheird is sine ar domhan í. Tá saibhreas teanga agus scileanna ag feirmeoirí nach bhfuil ag aon aicme eile sa bpobal. Táim lánchinnte gur ag eascairt as na tréithe sin a thug an tAire Ó Cuív aitheantas dóibh le bunú Scéim Shóisialta na Tuaithe an 17 Bealtaine. Cuirfidh an Scéim obair phobalbhunaithe ar fáil, ar bhonn páirtaimseartha, do 2,500 feirmeoir/iascaire (nó dá gcéilí) nach bhfuil in ann slí bheatha inmharthana a bhaint amach dóibh féin ón bhfeirmeoireacht ná ón iascaireacht go lánaimseartha. Tá 250 áit ar fáil i gContae na Gaillimhe agus tá ochtú acu sin sa nGaeltacht. Tá 24 ar an scéim atá á reachtáil ag Comharchumann Sailearna.
Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tar éis seisiúin iontach tairbheacha den dráma Ar Shlí na Fírinne a léiriú i Seanscoil an Chnoic, i mBéal an Daingin, i dTír an Fhia, agus ar an gCeathrú Rua, thug Cumann Drámaíochta Chois Fharraige aghaidh ar Chicago Mheiriceá i mí na Samhna seo caite, áit ar chaith siad seacht lá san iomlán agus inar chuir siad trí léiriúchán den dráma ar stáitse.
Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tagann déagóirí an cheantair le chéile chuile oíche Aoine ó Meán Fómhair go Bealtaine i gColáiste Lurgan. Tá os cionn seachtú baill cláraithe leis an gClub i mbliana. Is ar an gceantar ó Abhainn an Chnoic siar go dtí abhainn Chromhghlinne a fhreastalaíonn an Club Óige air ach de bharr easpa clubanna óige ó Ros a’ Mhíl aniar tagann roinnt óna ceantair sin. Tá an Club ina bhall den eagraíocht Óige an Iarthair a bhíonn ag thabhairt tacaíochta agus comhairle ó thaobh árachais agus seirbhísí eile atá ar fáil do na clubanna óige.
Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is pobal fíorGhaeltachta an pobal seo, le 700 muirín, a shíneann idir droichead an Spidéil siar go droichead Chasla ach ceantar na Minna agus Ros a’ Mhíl a fhágáil as. Bhí an ceantar i bparóiste Chill Ainnín, deoise Eannachdúin, fadó agus tugadh Cill Ainnín ó dheas agus Cois Fharraige air. Siad Naomh Ainnín as Co. na Mí, a bhfuil a lá féile ar 18ú Eanáir, agus Naomh Colmcille, a bhfuil a lá féile ar 9ú Meitheamh, Naomh-Phatrúin an Pharóiste. Tá dhá shéipéal sa bparóiste faoi láthair – Séipéal Naomh Ainnín ar an gCnoc a tógadh i 1844 agus séipéal Naomh Colmcille ar an Tulaigh a tógadh i 1964 – an chéad séipéal in Éirinn agus sa mBreatain a bhí cóirithe don sagart leis an Aifrinn a léamh iompaithe i dtreo an phobail.
Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Cé lena aghaidh é? An fiú a leithéid a bheith ann? Breathnaigh siar ar a bhfuil déanta aige sul a dtabharfaidh tú do bhreith agus coinnigh do shúilín draíochta ar oscailt leis na féidearthachtaí atá le baint amach fós ag a leithéid a chur san áireamh. Ansin, le cúnamh Dé nuair a bhéas an cás pléite is tomhaiste go maith agat beidh tú in ann freagra ciallmhar a thabhairt ar an gceist a cuireadh.
Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is fada siar a théann draíocht na scéalaíochta agus na scríbhneoir-eachta san bparóiste seo. I dtosach, tagann an scéal, agus bhí scéalaithe riamh ann. Rugadh Peadar Mac Thuathaláin, an seanchaí, i mBaile an Tí Mhóir timpeall na bliana 1865. Mar a dúirt Seán Mac Giollarnáth ina leabhar faoi Pheadar, ‘ba i dteach Mháirtín Bhreathnaigh, fíodóir, ar an Lochán Beag, a d’fhoghlaim Peadar an seanchas, an scéalaíocht agus an ghontacht Ghaeilge.’
Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá an obair chothabhála ag dul ar aghaidh i gcónaí. Baineadh an féar sa dá Reilig go rialta i rith an tSamhraidh agus tá cúram ar leith déanta do chothabháil na Seanreilge i mbliana. Faoi dheireadh thiar thall tá slacht anois air agus tá an féar coinnithe go slachtmhar. Buaileadh péint ar an ngeata. Bailíodh dhá ualach bruscar de chuile chineál sa Seanreilig i mbliana.
Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is fadhb domhanda í an dramhaíl – fadhb atá ag cur an-chuid brú ar an timpeallacht mar nach bhfuil muid ag déanamh aon bhainistíocht cheart air. I mbliana, i gColáiste Cholmcille, thug Rang 3A1 O.S.S.P. faoi thogra a dhéanamh leis an mBrat Glas a fháil don scoil agus a gcion féin a dhéanamh don timpeallacht le scoláirí, múinteoirí agus an pobal i gcoitinn a chur ar an airdeall. Siombal idirnáisiúnta is ea An Brat Glas agus tá 9,000 scoil san Eoraip agus san Aifric Theas páirteach ann. Glacann An Taisce agus na Comhairlí Contae áitiúla freagracht as anseo in Éirinn.
Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá 164 cailín as ceantar Chois Fharraige cláraithe leis an gCumann don bhliain 2004. Cailíní ó aois 7 mbliana suas. Bíonn foirne ón gCumann páirteach i gComórtais Iarthar na Gaillimhe agus na Cathrach, sna ranna seo a leanas: Faoi 10, Faoi 12, Faoi 13, Faoi 14, Faoi 16, agus Sóisear. Bíonn traenáil ar siúl ar Pháirc na mBreathnaigh chuile Shatharn óna 4.30pm go 7.00pm.
Alt ó 'Biseach 2004', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá moladh an-suntasach agus an-radacach anseo faoi Ionad Tacaíochta Teaghlaigh a bhunú sa cheantar seo agus ceapaim go bhfuil sé fíorthábhachtach go dtiocfaidh muid uilig ar bord idir Údarás na Gaeltachta agus an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta le deimhin a dhéanamh de go dtarlóidh sé seo. Téann sé seo go dtí croílár na ceiste maidir le buanú agus sealbhú na Gaeilge agus an Ghaeilge a thabhairt slán ar aghaidh go dtí an chéad ghlúin eile ach go dtabharfaidh muid aghaidh ar phleanáil na teanga ag an leibhéal seo”, a dúirt Leas- Phríomhfheidhmeannach an Údaráis, Pádraic Ó hAoláin, ag ócáid seolta an staidpháipéir ar Ionad Tacaíochta Teaghlaigh Chois Fharraige.
Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá seanfhocal Síneach ann a deir, “go mairfidh tú i laethanta suimiúla”. Is cinnte go bhfuilimid ag maireachtáil i laethanta den chineál sin faoi láthair agus go mbeidh tionchar tairbheach acu ar an saol i gceantar Chois Fharraige amach anseo, ach na deiseanna a chuireann siad ar fáil a thapú anois. Níor thárla an oiread bogadh riamh i saol na Gaeilge agus na Gaeltachta is atá tarlaithe le breis agus bliain.
Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Uair sa gcéad a thagas mórscríbhneoir chun cinn i dteanga ar bith, mór ná mion. Ba den mhianach sin príomhéigeas Chois Fharraige, Máirtín Ó Cadhain, gan aon cheist. Pearsa mhór mhillteach le rá a bhí ann lena linn féin, agus d’oibrigh sé tionchar thar na bearta ar réimsí éagsúla d’Éirinn a aimsire féin. Bhí sé gan amhras ar bith ar dhuine de mhórscríbhneoirí an fichiú haois sa tír seo, agus dá scríobhadh sé i mBéarla Yeats, Joyce, Synge, Friel, Heaney agus a leithéidí, bheadh tionscal bisiúil liteartha mar chrois den ghlaschloch os a chionn, agus ollúna agus lucht adhartha ó na ceithre harda ar oilithreacht bhliantúil chuig a ionad comórtha agus cuimhneacháin ar an gCnocán Glas.
Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. “Si Monumentum Queris Respice” – “Má theastaíonn leac cuimhneacháin uait, breathnaigh i do thimpeall”. Tá an ráiteas sin scríofa ar Ardeaglais Naomh Pól i Londain i gcuimhne ar Sir Criostopher Wren, an tAiltire a thóg í. Bhí an abairt chéanna ráite ag Aifreann Shochraide Phóil ar an gCnoc mar aitheantas ar a mhórshaothar don Aosach i gCois Fharraige.
Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. D’fhágamar Aerfoirt na Gaillimhe ar an triú lá de mhí Iúil ag leath uair tar éis a cúig san iarnóin agus dhá lá ina dhiadh sin shroich muid ceann scríbe – Aukland - an dara cathair is mó ar an Oileán Thuaidh den Nua-Shéalainn. Cé go rabhamar tuirseach traochta thugamar ár n-aghaidhe ar pháirc Eden an trathnóna sin, áit a raibh an bua ag na Leoin ar an bhfoireann baile agus gan tada le spáráil acu. Bhí na comharthaí le feiceáil ón gcluiche sin nach mbeadh seans acu i gcoinne na All Blacks an Sathairn beag sin.
Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá cheithre champas ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge faoi láthair. Tá sé lonnaithe in Áras na Gaeilge i nGaillimh agus tá gníomhaíochtaí de chuid an Acadaimh lonnaithe freisin in Áras Mháirtín Uí Chadhain ar an gCeathrú Rua, in Ionad na hOllscoile i gCarna agus in Ionad na hOllscoile i nGaoth Dobhair.
Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Faoi mar a tuairiscíodh i mBiseach 2004, bíonn obair mhór ar siúl ag na scríbhneoirí óga sa cheantar seo. Faoi chúram Gheartrúid Mhic Con Iomaire, a múinteoir, spreagtar iad le peann a chur le pár agus an toradh a chur isteach i gcomórtais éagsúla. Mar shampla, bhuaigh siad 11 duais i gcomórtais an Oireachtais 2004, 4 dhuais i gcomórtais Chonradh na Gaeilge, 6 dhuais i gcomórtais An Choiste Ghairmoideachais, 16 dhuais i gcomórtais Údarás na Gaeltachta agus an Chéad Áit sa Tír i gcomórtas a d’eagraigh Leabharlann Dhún Laoghaire. Éacht amach is amach!
Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ar an 22 Deireadh Fómhair, 2005 i Seanscoil Shailearna d'fhógair an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta Éamon Ó Cuív go raibh €110,000 ceadaithe thar thréimhse 3 bliana don Chomharchumann chun Tionscnamh Pleanála Teanga a chur i bhfeidhm.
Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. An samhradh seo caite chaith mé seal deich seachtainí ag múineadh gasúir bhunscoile i gceantar bocht i Delhi, bpríomhchathair na hIndia. Ar dhul isteach sa seomra ranga don chéad uair dom thuig mé na difríochtaí a bhí idir cúinsí scoile sa tír sin agus cúinsí scoile sa mbaile.
Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá deontas de €1milliún ceadaithe ag an Roinn Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí chun Ionad Tacaíochta Teaghlaigh a thógáil sa gceantar. Níl aon amhras ar Ghrúpa Oibre an Ionaid Tacaíochta Teaghlaigh ach go bhfuil an tIonad atá le tógáil ar cheann de na beartais is tábhachtaí riamh ó thaobh na pleanála teanga de i gceantar Chois Fharraige.
Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Biseach ainm na hirise seo: tráthúil go maith. Is léir gur biseach atá beartaithe freisin ar an tseirbhís a chuireann an státchóras ar fáil trí Ghaeilge do phobal na tíre seo – muintir an cheantair seo san áireamh. Ní gá do dhuine a bheith ina shaineolaí leighis lena thuiscint gur annamh a thagann biseach thar oíche agus go minic, gur próiseas mall go leor a bhíonn i gceist, céim ar chéim, de réir a chéile. Sin an straitéis – dul chun cinn leanúnach – atá mar chroílár ag plean an stáit; deiseanna breise a chruthú don teanga i saol poiblí na tíre le níos mó seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge, agus na seirbhísí sin a bheith ar chaighdeán níos airde.
Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Arís i mbliana tá réimse leathan ranganna caitheamh aimsire tosaithe ag Pastime Chonamara. Bíonn siad ar siúl ceithre oíche sa tseachtain ar fud Chonamara. Is le cabhair ó Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe agus Údarás na Gaeltachta a reáchtáiltear na himeachtaí seo. I mí Meitheamh seo caite bhronn an tAire Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, T.D. agus Fionnuala Ní Fhlatharta (‘Berni’ i Ros na Rún) teastais ar seachtó duine a d’fhreastail ar chúrsaí Pastime Chonamara. Tá sé i gceist ag an eagraíocht i mbliana leathnú amach go dtí contaetha na Mí agus Mhaigh Eo. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi na himeachtaí a bhíonn ar siúl ag Pastime Chonamara ach glaoch ar 091-593311.
Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bhí dhá mhórléiriú ag Cumann Drámaíochta Chois Fharraige i mbliana. An dráma “Go nDéantar do Thoil” le Michael Carey (aistrithe go Gaeilge ag Bridie Ní Churraoin) agus “Gabha na bhFocal” Drámaíochta/fílíocht/Agallamh Beirte agus píosaí grinn scríofa ag Johnny Chóil Mhaidhc.
Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá 32 bhliain slánaithe ar an bhfód i mbliana ag Coláiste Chamuis. Bunaíodh an Coláiste thiar i 1973 leis an mana is “Is fiú agus is féidir”. Tá oifig an Choláiste bunaithe anois sna hAille in Indreabhán agus reachtálann an Coláiste cúrsaí sa Tulaigh, i Ros an Mhíl agus ar ndóigh i gCamas féin. Tá ionad dár gcuid féin, Teálta na hÓige, tógtha ar an mBaile Láir i Ros an Mhíl ag an gColáiste. I samhradh na bliana 2005 d’fhreastail os cionn 1,300 scoláire ar an gColáiste. D’fhan siad sna tithe lóistín áitiúla a bhfuil 52 acu cláraithe leis an gColáiste agus iad scaipthe ó na Creagáin i gceantar Indreabháin go dtí Leitir Móir na Coille i gceantar Chamais. Chomh maith leis an méid sin scoláirí, bíonn ar a laghad 60 ball foirne ag obair don Choláiste, ó gach ceard don tír.
Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Reáchtáil Cumann Forbartha ócáid oidhreachta a bhí anspéisiúil i Seanscoil Shailearna ar an Sathairn an 19 Márta 2005. Cuspóir na hócáide ab ea léiriú a thabhairt don phobal ar na traidisiúin déantóireachta, ar an mbéaloideas, ar thithe mar a bhíodh, agus ar sheanuirlisí, seanghléasanna ceoil, srl. Bhí an taispeántas ar siúl ón 11.00 go dtí 17.50 agus níos déanaí an oíche sin, tugadh cuireadh don phobal freastal ar léacht a thug An Coimisinéir Teanga, Seán Ó Cuirreáin, ar an ábhar ‘Cearta Teanga! An Ród Seo Romhainn.’
Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Nuair a tháinig mé go Coláiste Lurgan i dtosach mar dhéagóir, 10 mbliana ó shin, bhí mé fíor-neirbhíseach. Bhí mé as baile den chéad uair, ní raibh aithne agam ar dhuine ar bith a bhí ar an gcúrsa agus bhí chuile dhuine ag caint liom i dteanga nár thuig mé mórán de. Ní raibh mé ag iarraidh fiú teacht chun na Gaeltachta, bhí mo thuismitheoirí tar éis áit a fháil dom ón liosta feithimh a bhí ag an gColáiste de bharr gur tharraing duine éigin eile as. Is dóigh liom nár labhair mé mórán sa gcéad tseachtain – bhí eagla orm go labhróinn as Béarla i ngan fhios dom féin agus go gcuirfí abhaile mé!
Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Cé go bhfuil daoine ag plé le capaillíní Chonamara i gceantar Chois Fharraige le blianta fada, tá borradh thar cuimse tagtha leis an gceird sna blianta beaga seo anuas agus bhí an bhliain seo caite thar barr ar fad, ó thaobh comórtais agus duaiseanna de. Bhí an-bhliain ag Seáinín Willy Ó Fátharta as na hAille agus ag Máirín agus Gerry Ó Gríofa as Cor na Rón a bhuaigh roinnt mhaith duaiseanna ag na Seóanna éagsúla a bhí ar siúl i rith an tsamhraidh.
Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bhí oíche mhór againn ar an gCnoc Dé hAoine, an 22ú lá de Dheireadh Fómhair, 2004. Ócáid áthais chomh maith le ceiliúradh buíochais a bhí i gceist ag Pobal Chois Fharraige agus iad ag comhcheiliúradh a Iubhaile Órga leis an Athair Colm Ó Ceannabháin sa mbaile ar a fhód dúchais fhéin.
Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Mí Feabhra 2004, bhí ceathrar ban óg ag suí in aon seomra amháin i dteachín beag i Luimneach ag casadh ceoil agus ag gabháil fhoinn. Bhí mé féin, Valerie Casey, Deirdre Chawke agus Sarah Jane Woods ann ag baint taitnimh as an gcomhluadar agus as an gceol, gan duine ar bith ná rud ar bith ag cur isteach ná amach orainn. ‘Nach mbeadh sé iontach é seo a dhéanamh an t-am ar fad,’ a deir Valerie, agus níor ghá di rud ar bith eile a rá.
Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá Club Óige Lurgan faoi lán tseoil i gcónaí, agus bhí os cionn ceithre scór ball ann an geimhreadh seo caite. Déanann aos óg an cheantair, ó dhá bhliain déag suas go seacht mbliana déag, freastal ar an gclub gach uile oíche Aoine ó Mheán Fómhair go Bealtaine. Piocann na baill cinnirí iad fhéin le imeachtaí an chlub a reáchtáil i dteannta tuismitheoiri, a oibríonn ar bhun deonach faoi mar a rinne an dream a chuaigh rompu. Bíonn go leor imeachtaí difriúla ar siúl i rith na bliana, ó a bheith páirteach i gcomórtais Oireachtas i dtús na bliana go dtí lá bailiú bruscair ag deireadh na bliana.
Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bhí an-bhliain go deo againn arís i mbliana i Scoil Sailearna. D’éirigh thar barr linn ar pháirc na himeartha agus rinne muid éachtaí ar ardán na haisteoireachta chomh maith. Thug muid linn an chraobh i gCumann na mBunscol sa bPeil agus san lomáint, éacht nár baineadh amach ariamh cheana! Is é Traolach Ó Conghaile a bhí i mbun na foirne peile agus is é Ruaidhrí Ó Béarra a bhí i mbun na hiománaíochta.
Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá Coláiste Cholmcille ag ceiliúradh caoga bliain ar an bhfód i mbliana. Ar Lá ’le Bríd na bliana 1955, osclaíodh scoil nua i gCois Fharraige - Gairmscoil Cholmcille. Ba sa Spidéal a bhí ionad na scoile go dtí sin agus d’aistrigh na mic léinn agus an fhoireann múinteoirí go dtí an Cnoc nuair a bhí an scoil nua tógtha. Timpeall 50 mac léinn a bhí ag freastal ar an scoil ag an am. Ba é Mícheál Mac Aodha an chéad phríomhoide agus chaith sé timpeall trí bliana i bhfeighil na scoile. Bhí Mícheál Ó Cuilleanáin mar phríomhoide ar feadh timpeall cheithre mhí ina dhiaidh sin.
Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. As na hAille in Indreabhán do Chathal Mac Tiarnáin, fear óg a bhfuil aithne mhaith air as a chuid gaiscí idir na cuaillí d’fhoirne peile Chumann Micheál Breathnach thar na blianta, ó aois a 11 bhliain go dtí an fhoireann Idirmheánach cúpla bliain ó shin. Ar spórt an chrochadh meáchain is mó atá Cathal ag plé ó shin i leith, an réimse ‘Powerlifting’ ina bhfuil trí ghné éagsúla, ‘Squatlifting, Benchlifting agus Deadlifting. San comórtais mhóra, ní mór duit trí iarracht a thabhairt faoi gach gné acu sin ach gur féidir a bheith i gcomórtais aonair le do rogha gné chomh maith.
Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is é Patrick Ó Conghaile (Patrick Fóidín Meara) as Cor na Rón a bhuaigh comórtas Ghlór Tíre na bliana seo caite, sraith de chuid GaelMedia sna Forbacha a taispeánadh ar TG4. Beidh Patrick le feiceáil i gceann de na cláracha i nGlór Tíre na bliana seo chomh maith agus ina theannta sin tá sé i gceist go mbeidh sé ar Ardán agus an mhír seo á scríobh.
Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá Cumann Micheál Breathnach thar a bheith ríméadach a bheith ar ais arís i ngrád na Sinsear, an chéad uair ó thús na n-ochtóidí. Ní inniu ná inné a thosaigh an obair leis an sprioc sin a bhaint amach ach nuair a hathbhunaíodh an Cumann i 1967 agus arís dhá bhliain ina dhiaidh sin nuair a bhuaigh siad Sraith an Iarthair. Chuir bunaitheoirí agus foirne cumasacha tosaigh sin an chumainn an síol as ar tháinig an toradh céatach atá againn anois. Is iomaí rud atá déanta agus buaite ó shin i leith, an iomarca le bheith ag tógáil spéis leis anseo, b’fhéidir.
Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is iomaí éacht atá déanta ag peileadóirí agus go deimhin féin, le roinnt blianta anuas, ag iománaithe óga an pharóiste. Ach anuraidh níor tharla a mhacasamhail ariamh nuair a d’éirigh le scoláirí óga Shailearna an dá mhórchomórtas bunscoile sa ghrád ‘B’ i nGaillimh; an chraobh pheile agus an chraobh iomána a bhuachaint sa mbliain chéanna. Bhí sé dhá bhliain déag ó shin ó d’éirigh leo an chraobh pheile a thabhairt leo agus ba é seo an chéad uair ariamh ag scoil ó Iarthar na Gaillimhe an chraobh iomána a thabhairt leo sa ghrád seo, ach go dtarlóidh sé sa mbliain chéanna – éacht i measc na n-éachtaí.
Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ar scáth a chéile a mhaireann na daoine. Sea! tá sin fíor chomh maith i gcúrsaí Liathróid Láimhe. Lean an obair agus múineadh scileanna na liathróide láimhe ar aghaidh an bhliain seo caite, ón Scoil Náisiúnta go dtí Club Óige Lurgan agus an Cumann féin. Bhí an toradh le feiceáil go soiléir nuair a thóg roinnt mhaith den óige páirt i gcomórtais agus i gcluichí dúshláin. Fuair Peadar Óg Ó Gríofa an bua i gCraobh na Gaillimhe agus i gCraobh an Chúige Faoi-12. Ní bhíonn aon bhabhtaí ceannais na hÉireann san aois seo.
Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá 137 cailíní cláraithe leis an gCumann i mbliana. Tá 7 bhfoireann againn, Faoi-9, Faoi-10, Faoi-12, Faoi-13, Faoi-14, Faoi-16 agus Sóisearach, agus glacann muid páirt i gcomórtais an Chontae agus Iarthar na Gaillimhe. Tá imreoirí againn ó na Forbacha siar go dtí an Cheathrú Rua.
Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bhí forbairt mhór le déanamh ag Scoil Sailearna sa mbliain 1999 agus tar éis a leithéid a bheith ceadaithe ag an Roinn Oideachais, cheap Bord Bainistíochta na Scoile ailtire (Douglas & Wallace) le pleananna agus léaráidí a réiteach don fhorbairt sé bliana ó shin. Bheadh €2m de chostas ar an obair agus nuair a cuireadh na moltaí uilig ag aghaidh chuig an Roinn Oideachais glacadh i bprionsabal leo. Ar 23 Eanáir, 2003, d’fhoilsigh an Roinn liosta de na scoileanna uilig sa tír a bhí le forbairt agus bhí Scoil Sailearna sa gcúigiú háit i gCo. na Gaillimhe sa liosta príorachtaí sin. Cuireadh moill ar an obair mar gheall ar ghanntanas airgid sa Roinn. Gheall an Roinn, san earrach 2005, go mbreathnódh siad arís ar chás Sailearna agus tá súil againn nach mbeidh sé curtha ar an méir fhada arís agus scoileanna eile brúite roimhe mar a tharla cheana.
Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Seo a leanas an Plean Oibre a leag Cumann Forbartha Chois Fharraige amach i mbliana, 2005, ag leanacht leis an bplean a bhí ann roimhe sin.
Alt ó 'Biseach 2006', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Cé gur cheap mé fhéin go raibh mé an-fhásta agus eolach ag an am, ag breathnú siar anois air ní raibh ionam ach seanghasúr agus mé ag obair le Cló Chois Fharraige i lár na seachtóidí. Ní raibh aon ríomhairí ná meaisíní galánta priontála san áit an uair sin, gan dabht, agus ní bheadh go ceann tamaill ina dhiaidh sin, ach fós féin bhí sprioc curtha os ár gcomhair go mbeadh leabhar nua Gaeilge á cur ar fáil do na scoileanna in aghaidh na míosa.
Alt ó 'Biseach 2006', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá an dá scór bliain bainte amach ag Cumann Forbartha Cois Fharraige i mbliana agus níl na focla “stad” ná “meath “ ar chlár na cruinnithe fós – thuas seal thíos seal b’fhéidir, ach ag treabhadh leis i gcónaí ar mhaithe le pobal Chois Fharraige.
Alt ó 'Biseach 2006', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is iad na cuimhní atá agam ar Chois Fharraige ag teacht aniar ag tús na seascaidí. An droichead caol cúng idir Baile na hAbhann agus an Tulaigh ar Bhóthar an Rí, a chuirfeadh moill ar dhuine. Roinnt ban a fheiceáil ag siúl abhaile ar an mbóthar mór, iad cromtha ag iompar dhá bhuicéad uisce an duine ón tobar. An comhartha mór éadóchais ag éisteacht le daoine ag an am ag caint ar an mBád Bán agus Bánú na Gaeltachta i mbéal an phobail. Duaiseanna
Alt ó 'Biseach 2006', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ní raibh aon choiste pobail ná cumann forbartha ag feidhmiú i gCois Fharraige i dtús na seascaidí. Tháinig sagart darbh ainm an tAthair Seán de Bláca go dtí an Cnoc in áit an Athair Pádraig Ó Ruadháin S.P., a bhí tinn ag an am. Ba chapall oibre é agus chuir sé roimhe feabhas a chur ar shaol na ndaoine agus cur le háiseanna sa gceantar. D’fhógair sé ón altóir go raibh cuireadh á thabhairt aige do mhuintir an pharóiste le coiste pobail a bhunú. Bhí an chéad chruinniú poiblí faoin ábhar seo sa séipéal ar 6 Márta 1966. Sa séipéal a bhí sé mar nach raibh aon áit oiriúnach eile sa cheantar le haghaidh cruinnithe. Ar an gCéadaoin dar gcionn, an 9 Márta, bhí an chéad chruinniú ag Coiste Chumann Forbartha Chois Fharraige.
Alt ó 'Biseach 2006', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Peige Dhiarmaid Uí Chéidigh as Leithrinn agus Attracta Ní Chadhain as an gCnocán Glas – a raibh baint éicint ag an Ath. Ó Ceallaigh lena hainm, de réir cosúlachta. Ba deirfiúr í Attracta leis an údar Máirtín Ó Cadhain. Tuismitheoirí Pheige Dhiarmaid agus Seantuismitheoirí Pheige Dhiarmaid.
Alt ó 'Biseach 2006', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bhailigh slua mór de phobal scoil na Tulaí le chéile ag Aifreann a bhí i Séipéal na Tulaí ar an 20ú lá de Mheitheamh chun saol fada múinteoireachta Shéamuis Uí Chonghaile a cheiliúradh agus chun chuile bheannacht a ghuí air agus é ag éirí as a phost.
Alt ó 'Biseach 2006', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Fíorbheagán Gaeilge a bhí le cloisteáil ar an teilifís sa mbliain 1985, tar éis do Theilifís RTÉ, an ‘Craoltóir Náisiúnta’, a bheith 20 bliain ar an bhfód. Cé mhéad Gaeilge a bhí á craoladh in aghaidh na seachtaine sa mbliain sin? Freagra simplí, 2 uair a’ chloig as gach 100 uair; 2%. Suarach agus scannalach. 20 bliain ag meath! Go praiticiúil chiallaigh sé sin nár chraoladh ach nuacht i nGaeilge uair amháin sa lá agus, b’fhéidir, clár nó dhó eile le linn na seachtaine.
Alt ó 'Biseach 2006', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Cuireadh léiriú ‘fíorghreannmhar, fíorshamhlaíoch, álainn, le stáitsíocht saibhir físe’ (The Irish Times) ar an ardán le gairid in Amharclann Chois Fharraige i Seanscoil Sailearna. Léiriú fuinniúil, ildánach a rinne ceiliúradh ar spiorad, éagsúlacht agus féiniúlacht mhuintir na Gaeltachta sa lá atá inniu ann agus ar phobal na Gaeilge i gcoitinne a bhí anseo. Saothair ealaíonta ar ardchaighdeán a luífidh go deas i gclár Féile Ealaíne na Gaillimhe (The Examiner) a bhí anseo. Léiriú a bhain rachtanna gáire as an lucht féachana, a mhúscail bród iontu, a d’oscail doras an tsonais i gcroíthe daoine, a spreag daoine, a mheall daoine agus a chruthaigh spiorad na féile ina gcléibh.
Alt ó 'Biseach 2006', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. B’iad an Droichead, Bóthar Ormeau, Béal Feirste – scoil agus pobal lánGhaelach – a thug leo an príomhdhuais i gcomórtas náisiúnta Ghlór na nGael 2005. Bhain Coiste Ghlór na nGael Pharóiste an Chnoic amach an dara háit agus duais €20,000, chomh maith le Duais na Comhairle Oidhreachta de €1,500.
Alt ó 'Biseach 2006', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tar éis cúig bhliana mar Rúnaí ar an gCumann Forbartha thug mé an tréimhse 2000-2005 mar Chathaoirleach ar an eagraíocht chéanna. Le linn na tréimhse sin lean an Cumann leis an ngnáthchlár oibre ar a bhfuil sé dírithe — ag cur moltaí chun cinn agus ag tabhairt tacaíochta maidir le forbairtí fisiciúla agus imeachtaí cultúrtha a rachadh chun tairbhe don cheantar agus a chuirfeadh le saol an phobail.
Alt ó 'Biseach 2006', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Thug an Cumann Drámaíochta cuairt ar Bhoston an Deireadh Fómhair seo caite, áit a ndearnadh trí léiriú den dráma “Go nDéantar do Thoil” le Michael Carey aistrithe go Gaeilge ag Bridie Ní Churraoin i Halla Naomh Breandáin, Dorchester, Boston.
Alt ó 'Biseach 2006', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bhí ócáid stairiúil i Seanscoil an Chnoic mí na Samhna 2005, nuair a bronnadh Céim Máistreachta ó Ollscoil na hÉireann, Gaillimh ar Johnny Chóil Mhaidhc Ó Coisdealbha as an Tulaigh agus Joe Steve Ó Neachtain as an gCré Dhubh in aitheantas dá saothar scríbhneoireachta, cumadóireachta agus aisteoireachta. Tá pictiúir den ócáid ar na leathanaigh seo romhainn.
Alt ó 'Biseach 2006', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bíodh rud agat dhuit fhéin nó déan do ghoradh leis an ngréin a deireadh an seandream ag tráth den tsaol a raibh an paróiste seo chomh bocht is gurbh é a gclochneart greim beatha a choinneáil faoin bhfiacail. Tá athrú dochreidte tagtha ar an gceantar ón am ar caitheadh mise ar an sop i 1942. Ba as talamh a bhí formhór na ndaoine ag baint slí beatha ag an tráth sin. Is leor súil a chaitheamh fós fhéin ar na breaclachaí talún atá ag síneadh ó phortach go cladach siar le bóthar Chois Fharraige chun a thuiscint gur le cruatan agus le hanró a mhair na daoine agus gan acu ach ón láimh go dtí an béal ar éigin.
Alt ó 'Biseach 2006', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Baineadh an-sásamh agus an-sult as an Lá Oscailte a bhí i dTearmann Éanna ar an Tulaigh ar an 14ú lá de Mheitheamh na bliana seo agus i measc an tslua mhóir a bhí i láthair bhí An tAire, Éamon Ó Cuív agus oifigigh ón Roinn, Príomhfheidhmeannach an Údaráis, Pádraig Ó hAoláin agus roinnt den fhoireann, Oifigigh ón FSS, ón gComhairle Contae, Teachtaí Dála, Comhairleoirí Contae agus baill tofa an Údaráis, dochtúirí, banaltraí agus cúramóirí áitiúla agus na sagairt áitiúla a bhíonn ag freastal ar riachtanais na ndaoine atá sean agus tinn.
Alt ó 'Biseach 2006', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Comhghairdeas le foireann Sóisir A - Mhicheál Breathnach a bhuaigh an Comórtas Peile i mbliana. Ar An Spidéal a bhí Comórtas na bliana seo ar siúl agus thosaigh Na Breathnaigh amach le bua sármháith ar foireann An Spidéil. Ba iad Béal Átha an Ghaorthaidh a d’imir Na Breathnaigh sa gcluiche Ceathrú Ceannais – cluiche crua deacair ach choinnigh na leaids an cloigeann agus rinne siad an beart.
Alt ó 'Biseach 2006', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Mol an óige agus tiocfaidh sí! Sea, is iad an dream óg, idir bhuachaillí agus cailíní, is mó a rinne gaisce ar na phioniúir liathróid láimhe i mbliana. Go deimhin rinne siad éachtaí mar gur bhain an Cumann amach 20 craobh faoi aois ar fad i gcomórtais Chontae na Gaillimhe ó thús 2006. Mar is iondúil, bhí go leor imeachtaí ar siúl do na haoisghrúpaí éagsúla i rith an tséasúir agus seo cuntas ar na príomh thorthaí a bhí ar na himeachtaí sin.
Alt ó 'Biseach 2006', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. As oidhreacht paidreacha agus rannta atá bailithe ag an Athair Ó Flannabhra, chuir Rang na hIdirbhliana i gColáiste Cholm Cille in Indreabhán féilire deas le chéile do 2006 agus seo a leanas sampla de chuid acu.
Alt ó 'Biseach 2006', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Seo dhá bhlúire as an suirbhé cuimsitheach a rinne an tOllamh Breandán S. Mac Aodha agus a fhoireann ar Ghaeltacht na Gaillimhe i 1968/69. Tá na píosaí tógtha díreach mar a bhí siad sa mbunleagan. Bhí sé grinn.
Alt ó 'Biseach 2006', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Nuair a bunaíodh saorstát Éireann bhí bochtanas agus eisimirce ag cur as go mór do phobal Chois Fharraige mar a bhí ag cur as do phobail ar fud na tíre. De réir mar a bhí an stát nua ag cur aidhmeanna cheannródaithe Ghluaiseacht na Gaeilge agus an stáit nua i bhfeidhm, thosaigh cuairteoirí ag teacht chuig ceantar Chois Fharraige le barr feabhais a chur ar a gcuid Gaeilge. I measc na ndaoine a tháinig go Cois Fharraige bhí cuid de nua-bhunaitheoirí an stáit agus roinnt státsheirbhíseach. Chomh maith leis sin, bhí lucht léinn ag tarraingt ar Chois Fharraige go háirithe iad siúd a raibh fúthu cur lena gcáilíochtaí agus lena gcumas teanga.
Alt ó 'Biseach 2006', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Chuir Dia cogar ón ngaoth aniar i leathchluas Naomh Pádraic ag rá “Tar a ógánaigh agus siúil arís inár measc”. B’shin é “Glór na nGael” i leathchluas Naomh Pádraic agus buíochas le Dia níor thug sé an chluas bhodhar dó. Tháinig macalla an Ghlóir chéanna sa ngaoth aneas do leathchluas Naomh Ainnín i gceantar na Coirbe agus do leathchluas Naomh Colmcille in Árainn ón ngaoth aduaidh ó Chois Fharraige, agus buíochas mór le Dia níor thug ceachtar den bheirt Naomh sin an chluais bhodhar don chogar. Tháinig Naomh Ainnín trasna na Coiribe go Cill Ainnín agus Naomh Colmcille ó Árainn go ceantar na Tulaí agus b’shin tús na Críostaíochta sa taobh seo tíre.
Alt ó 'Biseach 2006', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. B’as saol an bhéaloidis, saol nach raibh mórán athrú air le míle bliain anuas a fáisceadh mé. Ba í an duais ab fhearr a d’fhéadfadh duine a ghealla dhuit ar feadh na bliana go ligfeadh sé ag an bpátrún thú, pátrún Cholm Cille ag a thobar, naoi nó deich de mhílte taobh thiar den Spidéal. Bhí mé a liachtaí sin uair ar an bpátrún, ach ní raibh mé fós ariamh ag an tobar, cé gur chuir mo mháthair turais orm ann i mo pháiste dhom. Tuigim go maith cé an fáth ar chuir an Dochtúr Brí, Easpag Chaisil agus Imligh anseo, amach na tréadlitreachaí siúd, ceann acu, is cuimhneach liom i 1813 , i nGaeilge álainn freisin, ar geall le foruagraí ó Rialtas Stormont inniu iad ag toirmeasc mórshiúil eicínt. Ag toirmeasc aon phátrún ná aon turas ag aon tobar sa deoise idir a leithéid seo agus a leithéid seo eile de lá a bhí an t-easpag. I saol Dionysiusach na dtoibre beannaithe ba mhó mo spéis-sa freisin, go bhfóire Dia orainn! Má gheallann Dia léas beag eile ar mo shaol dhom tá súil agam mian mo mháthair bhocht a chomhlíona.
Alt ó 'Biseach 2006', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Fuair an gearrscéal seo an Chéad Duais agus Corn Uí Chadhain i gComórtas Scríbhneoireachta Chumann Forbartha Chois Fharraige 2005
Alt ó 'Biseach 2006', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. D’éirigh an grian agus breathnaigh sí ar an domhan beag amháin a bhí thíos fúithi. Ocht nóiméid go leith théis solas na gréine é a fhágáil bhuail sé in aghaidh atmaisféar an domhain uaigneach seo, agus chuaigh sé tríd, ag tabhairt teocht don talamh crua reoite. Théigh sé an t-aer fuar, agus tháinig gaoth ó na cnoic arda bána chun áit an aeir the a thógáil. Agus ar a bealach shéid an gaoth timpeall puball beag bán agus ar leathsféar geal a bhris solas na gréine síos go dtí a seacht ndath, agus frithchaith na dathanna sin go dtí gur bhreathnaigh sé ar nós tuar báistí ar an talamh.
Alt ó 'Biseach 2006', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Máire Mhicil Tada, deirfiúr an scríbhneora Micheál Breathnach as an Lochán Beag – a bhí pósta le Seáinín Beag Ó Tuairisg agus ina hucht a mac Pádraic (Sheáinín Bheag); ansin Seáinín Beag Ó Tuairisg agus a iníon Máire agus a dheis tá Síle, máthair Mhicheál Breathnach (Ní Fheinneadha roimh phósadh di), agus Maidhc Sheáinín Bhig faoina láimh aici. Tógadh an pictiúr i 1926.
Alt ó 'Biseach 2007', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bliain eile beagnach imithe agus Biseach 2007 ann arís chun blaiseadh d’imeachtaí na bliana a chur os bhur gcomhair agus sibh a thabhairt siar ar bhóithre na smaointe leis an mbailiúchán seanphictiúir atá inti.
Alt ó 'Biseach 2007', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Anuraidh, rinneadh ceiliúradh ar bhunú Chumann Forbartha Chois Fharraige i 1966. Seo a leanas an píosa a scríobh Cathaoirleach Chumann Forbartha Chois Fharraige, Peadar Mac an Iomaire, i mBiseach i 1987 inar chaith sé súil siar ar raibh déanta go dtí sin. Ar ndóigh tá rudaí móra déanta ó shin freisin.
Alt ó 'Biseach 2007', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. In áit an chiúnais bhí torann mór le cloisteáil ó Scoil na Tulaí ó thús na bliana. Bhí Cuddy Teo. i mbun oibre le trí cinn de sheomraí ranga nua a thógáil mar aon le seomra múinteoirí, seomra don Phríomhoide, oifig nua, leithris nua, díon nua ar dhorchla na scoile, áit spraoi taobh amuigh le dromchla tarmacadam do na gasúir agus méadú a chur ar an gcarrchlós le freastal ar charranna na dtuismitheoirí. Leagadh an seantúr uisce agus an sean-ionad foscaidh le tuilleadh spáis a chur ar fáil mar áit spraoi do na gasúir.
Alt ó 'Biseach 2007', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bhí an-bhliain go deo againn arís anuraidh i Scoil Sailearna agus ba é buaicphointe na bliana é nuair a bronnadh an gradam “Scoil Ghaeltachta is Fearr” orainn ag an bhféile Náisiúnta Scoildrámaíochta. D’éirigh thar barr linn ag an bhféile Scoildrámaíochta freisin.
Alt ó 'Biseach 2007', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bhí cruinniú in oifig na Roinne Oideachais, i dtús na bliana, idir ailtirí agus innealtóirí na Roinne agus na Scoile in éineacht le ionadaí ó B.O.M. na Scoile leis an bplean deireannach d’fhorbairt na scoile a phlé. Tá na hathruithe sa bplean agus an gearradh siar a mhol ailtirí agus innealtóirí na Roinne uilig déanta agus curtha ar aghaidh le dhá mhí agus táimid ag súil le toradh maith ón gcruinniú.
Alt ó 'Biseach 2007', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bhí ócáid mhór i Seanscoil Sailearna ar an 3 Márta, 2007 nuair a bronnadh príomhdhuaiseanna Ghlór na nGael don bhliain 2006. I measc na n-aíonna a bhí láthair bhí an tAire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív; An Dr. Máire Ní Anracháin; Éamonn Ó hEargáin agus Lorcán Mac Gabhann. Paróiste an Chnoic a bhain amach príomhdhuais Ghlór na nGael 2006 agus bhronn an tAire Ó Cuív €40,000 agus trófaí Ghlór na nGael ar Chathaoirleach Chumann Forbartha Chois Fharraige, a ghlac iad thar cheann an pharóiste.
Alt ó 'Biseach 2007', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Chuir Joe Steve Ó Neachtain tús le ‘Ealaín Bheo’ ar an 28 Bealtaine i Scoil Sailearna ag rá gur cúis bróid dó an méid drámaíochta, damhsa, cheoil agus cumadóireachta atá ar siúl sa scoil. Is í Scoil Sailearna an bhunscoil is mó i nGaeltacht Chonamara agus í suite sa bparóiste is bríomhaire agus is gníomhaí sa tír ó thaobh teanga, cultúir agus oidhreachta de.
Alt ó 'Biseach 2007', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tá dul chun cinn maith déanta go dtí seo ar fhoirgneamh Ionad Tacaíochta Teaghlaigh Chois Fharraige atá ar chúl Shéipéal an Chnoic. Tá an t-ionad á thógáil faoi scáth Thionscnamh Pleanála Teanga Chomharchumann Shailearna. Tá a leithéid thar a bheith riachtanach sa lá atá inniu ann, mar a léirigh an Staidéar Teangeolaíoch ar Úsáid na Gaeilge sa Ghaeltacht, a d’fhoilsigh an Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair. Dar leis an staidéar áirithe sin, tá “dúshláin fadtéarma le sárú ag na pobail sin ina bhfuil an Ghaeilge fós ina príomhtheanga pobail”.
Alt ó 'Biseach 2007', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. I mo sheasamh taobh amuigh de Ródaí RTÉ/Raidió na Gaeltachta ag Féile Willie Clancy i Sráid na Cathrach a bhí mé nuair a bhuail mo fón póca agus chuir bean le glór milis binn ceist orm an mbeinn sásta páirt a ghlacadh sa chlár teilifíse, Charity You’re a Star 2007. Shíl mé cinnte gur ag stealladh mhagadh fúm a bhí sí, mar tá ’fhios ag an saol mór nach bhfuil nóta i mo cheann, ach de réir mar a lean an comhrá ar aghaidh agus gur chas mé véarsa den Yellow Submarine di, dúirt sí nach raibh cailleadh ar bith orm agus nuair a bheadh banna ceoil i mo thionlacan go mbeinn thar barr !
Alt ó 'Biseach 2007', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Nollaig 2002, thug mé cuairt ar an dílleachtlann in Hortolova den chéad uair. Tá an dílleachtlann suite gar do réigiún Bryansk na Rúise, 300 míle siar ó dheas ó Mhoscó. An chéad radharc a fuair mé ar Hortolova, ag a 5.00 ar maidin – bhí sé ar nós Winter Wonderland: Brat bán sneachta! Bhí an teocht -15°C an mhaidin úd (téann sé síos go dtí -35° scaití sa gheimhreadh). Chaith mé coicís i measc na ngasúr - ag spraoi sa sneachta agus ag déanamh ceoil. Bhí sé thar a bheith deacair imeacht uathu tar éis na coicíse sin.
Alt ó 'Biseach 2007', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Cheannaigh Pádraig Mháirtín Pheaits Ó Cualáin as an Teach Mór a chéad chapaillín Chonamara thart ar 12 bhliain ó shin agus ón am sin i leith tá riar acu gaite trína lámha agus é ar thóir an scoth, rud atá aige anois, de réir dealraimh.
Alt ó 'Biseach 2007', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Rinneadh cónascadh idir Tearmann Éanna agus Tearmann Ainnín i mbliana. Fágann an cónascadh go bhfuil 32 theach beag agus Ionad Lae faoi chúram Thearmann Éanna le freastal ar na tionóntaí agus ar Aosach an phobail. Thug Tearmann Éanna an tIonad Sláinte agus Aireagal Phóil a bhí tógtha acu – ina bhfuil naoi n-árasán do dhaoine faoi mhíchumas – don HSE le heagrú le freastal ar riachtanais an phobail. Tá mionbhus ag Tearmann Éanna chomh maith, le freastal ar riachtanais na nAosach.
Alt ó 'Biseach 2007', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Sa tréimhse chorrach seo san Eoraip le linn an dara chogaidh mhóir 1939 – 1945 tá ’fhios ag madraí an bhaile go raibh Éireann neodrach ach caithfidh tú cuimhneamh gur oileán muid. B’éigean don airm plean straitéiseach a chur le chéile leis an tír a chosaint, go mór mhór timpeall an chósta. Ní raibh áit ar bith níos oscailte, leochaileach ná sobhuailte ná Cuan na Gaillimhe taobh amuigh anseo. Bhí sé ar nós ródbhealach i ndáiríre, ina raibh idir longa paisinéirí, soithí lastais agus báid faoi thoinn ag taisteal, gan trácht ar mhianaigh bradacha ag imeacht ar strae sa sáile agus gan ’fhios cén uair a laindeáilfeadh ceann acu ar bharr carraige nó sa snáth mara.
Alt ó 'Biseach 2007', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. An bhliain seo chugainn, beidh peileadóirí Chumann Mhicheál Breathnach ag imirt i Roinn A na Gaillimhe den chéad uair ó bhain siad stádas sinsir amach sa bhliain 2004. Chríochnaigh siad ar bharr Roinn B na bliana seo (2007) agus trí phointe dhéag acu as ocht gcluiche, agus tá Cluiche Ceannais na Sraithe Roinn B fós le n-imirt, áit a gcasfaidh siad ar Chill Chiaráin / Cluain Beirn arís.
Alt ó 'Biseach 2007', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Tháinig grúpa cailíní óga le chéile breis is bliain go leith ó shin agus suim acu foireann peil na mban a thosú sa pharóiste. Bunaíodh Cumann Peile Gael na mBan Mícheál Breathnach agus shocraigh beirt pheileadóirí ó fhoireann sinsir na bhfear muid a thraenáil. Nuair a thosaigh an cumann seo ní raibh oiread is liathróid peile fhéin againn gan trácht ar feisteas. Bhí orainn liathróidí peile agus geansaithe a fháil ar iasacht ó fhoirne sinsir agus mionúir na mbuachaillí.
Alt ó 'Biseach 2007', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. An óige go deo agus na bróga an fhad a mhairfidh siad! Sea, bliain eile iontach ag óige Mhíchíl Bhreathnaigh ó thús 2007, idir craobhacha contae, cúige agus náisiúnta. Rinne Comhar Creidmheasa Cholm Cill urraíocht fhial fhlaithiúil ar gheansaithe don Chumann i mbliana agus rinne Colm Mharcais Ó Cualáin an rud céanna do gheansaithe na ndaoine fásta.
Alt ó 'Biseach 2007', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Den chéad uair riamh, bhain buachaillí Faoi-15 Chumann Sacair Cois Fharraige amach an cluiche ceannais do chraobh na Gaillimhe, éacht a tharla ar an Luan an 26ú Márta i bPáirc Terryland. Go deimhin ba é seo an chéad fhoireann ón gCumann in aon ghrád a chuaigh chomh fada sin agus is maith mar a rinne siad. I gcoinne Chreag Mhór/Baile Cláir na Gaillimhe a bhí siad sa gcluiche ceannais tar éis dóibh an bua a fháil i gcoinne Moyne Villa sa gcead bhabhta, in aghaidh Kilshanvey sa dara babhta agus in aghaidh Corrib Rangers sa gcluiche leathcheannais.
Alt ó 'Biseach 2007', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Rugadh Pat Lyons (Canon Lyons) i mBéal Átha hAmhnais i gCo. Mhaigh in 1811. Chuaigh sé chuig an mbunscoil áitiúil agus ina dhiaidh sin go dtí Coláiste Iarlatha i dTuaim. Oirníodh ina shagart é i dTuaim in 1839, chaith sé dhá bhliain ina shéiplíneach i dTeampall an Tóchair, i mBaile Liam agus bliain eile ina dhiaidh sin i mBaile an Mhuilinn, Co. na Gaillimhe.
Alt ó 'Biseach 2007', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Seo grianghraif a fuair Jimí Ó Fátharta anall as Meiriceá le gairid agus aistriúchán ar chuid den litir a sheol Gerie Huppe anall leo: “Phós Hanna Ní Thuairisg agus William O’Connor i 1902. Ní raibh aon chlann orthu ach bhí William pósta roimhe sin, sular chas sé le Hanna, agus bhí clann aige lena chéad bhean a bhásaigh agus na gasúir an-óg. Thóg Hanna na gasúir sin go fial cineálta, de réir dhuine dá leas-iníonacha. Máirtín Rua Ó Tuairisg ab ainm d’athair Hanna agus Hanna Ní Chualáin a bhí ar a máthair, arbh as an Lochán Beag dí ó dhúchas. Bhí deirfiúr aici, Kate, a phós Beartla Ó Cualáin as an Teach Mór Thiar. Fuair mé na pictiúir seo de mhuintir Uí Fheinneadha ó neach Choilm Uí Fheinneadha, duine acu sin a bhásaigh nuair a phléasc an mianach ar an Lochán Beag. Col ceathair léi, James Francis Coyne, nach maireann, as Portland Maine, a thóg na pictiúir agus grianghrafadóir gairmiúil a bhí ann. Ba mac é siúd le James Francis Coyne agus Katherine Feeney, deirfiúr le Colm a bhásaigh i dtubaist an mhianaigh.”
Alt ó 'Biseach 2008', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Biseach 2008 – cé bheadh ag caint ar bhiseach agus na ciorraithe uilig atá geallta a deir tú? Bhuel tá mé sásta a rá nach bhfuil aon chiorrú déanta ar an bhfiúntas, ar an méid ná ar éagsúlacht an ábhair atá i mBiseach na bliana seo, seachas an méid atá le rá agam féin – níl aon athrú ar mo phort ó anuraidh: “Ta fáilte roimh bhaill nua ar an gCumann Forbartha/Coiste Ghlór na nGael”.
Alt ó 'Biseach 2008', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Siad muintir mo bhaile féin, baile fearainn an Locháin Bhig, a chuala mé ag trácht ar Mhaidhc Mhicil Teada, nó Mícheál Breathnach, an chéad uair. Go deimhin ní iontas an-mhór é sin mar rugadh Micheál ar an Lochán Beag. Rud eile a bhí spéisiúil domsa gurbh é Pádhraig Ruadaí, mo shean-athair, an “Pádhraig” atá luaite ag Míchéal ina scéal “ Seilg na Meán Oíche.
Alt ó 'Biseach 2008', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is iomaí sin cineál cultúir ar dhroim an domhain seo faoi láthair, ach is é an cultúr a bhfuil an teanga Ghaeilge mar chúlra is mar chuisle aige a bhí i ndán domsa ar an bhfód dúchais ón gcéad lá ar caitheadh ar a’ sop mé. Téann rútaí an chultúir Ghaelaí seo i bhfad siar. Siar thrí dhúrabhán na nglúnta atá ag déanamh créafóige ach go maireann lorg a mbéil agus milseacht a gcuid ceoil i measc an athfhás ginealaigh atá os cionn talún faoi láthair. Mairfidh giúin a gcuid saibhris i mo chluasa go héag.
Alt ó 'Biseach 2008', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Is “ar scáth a chéile a mhaireann na ndaoine” atá mar mhodh oibre againn ag an comhar creidmheasa. Tá Comhar Creidmheasa Cholm Cille ag feidhmiú anois le os cionn bliain agus fiche. Déanann sé freastal ar na pobail ó Cheantar na nOileán soir chomh fada leis na Forbacha, agus ó thuaidh chomh fada le Gleann Trasna. Thar na mblianta, tá fás agus forbairt tagtha ar an líon ball atá páirteach sa gComhar Creidmheasa.
Alt ó 'Biseach 2008', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Bhí bliain iontach againn arís anuraidh i Scoil Sailearna. Don dara bliain as a chéile bronnadh an gradam “Scoil Ghaeltachta is Fearr” orainn ag an bhFéile Náisiúnta Scoildrámaíochta.