'lt just goes to show,' a dúirt an Bhean mheasúil sa slua ag déanamh ar an doras amach ón Town Hall, 'that it wasn't worth it.' Ag an bpremiere Éireannach de Some Mother's Son a bhíomar, scannán déanta ag Terry George bunaithe ar an Stailc Ocrais a bhí ar siúl ag príosúnaigh Phoblachtánacha sna Sé Chontae sa bhliain 1981, agus ar bhás Bobby Sands.
Chuir an tAthair Séan Ó Donnchú Caitlín Maude i gcosúlacht le duine a chuaigh amach ar an bhfarraige ard, i gcurach beag a cuid samhlaíochta, go ndeachaigh sí ag iascaireacht agus gur thug sí ar ais climín álainn dánta a bhfuil beomhaireacht, sólás, solas agus an-fhírinne iontu. Is álainn go deo an cur síos é sin ar fhilíocht Chaitlín Maude. Bheadh sé deacair cur leis an léargas a thug sé ar a cuid filíochta ina sheanmóir ag an Aifreann ag Éigse Chaitlín Maude, le gairid.
Ag déanamh staidéir ar obair an Land League i gConamara a bhí mé nuair a fuair mé amach gur tugadh slua mór daoine as Conamara siar go Minnesota os cionn céad bliain ó shin, gur caitheadh amach ar na prairies iad agus gur dúradh leo a bheith ina bhfeilméirí tréana cruithneachta ann. Bhí caint mhór ar Rath Cairn ach ba mhó de scéal é seo - agus bhí sé imithe as cuimhne na ndaoine.
Scéim Fostaíochta Pobail an Phléaráca a bhain an príomh duais i rannóg na timpeallachta do Thionscnaimh Pobail i Réigiún an larthair. Ba aitheantas an duais ar an obair mhór atá déanta ag lucht na scéime le bliain anuas. Is comórtas é seo a eagraíonn FÁS chuile bhliain do scéimeanna ar fud na tíre.
1957 osclaíodh an stáisiún ginte leictreachais i Scríb, Ros Muc, Conamara. Móin a d'úsáidtí ann le leictreachas a ghiniúnt. Ag an am ba fhreagra é ar an dífhostaíocht agus ar an imirce a bhí ag bánú Chonamara, chomh maith le ceantair tuaithe eile ar fud na tíre. Thug sé fostaíocht agus saothrú ní amháin do na daoine a bhí ag obair sa stáisiún fhéin, ach do go leor eile a bhí fostaithe ag muintir Kheogh i dtionscal na móna.
Ar an dara Domhnach deiridh de mhí Iúil seo caite d'fhuadaigh an bás uainn Hugó Ó Ciardha a raibh cónaí air le fad i mbaile mór an Longfoirt. Faoi mar is eol dá lán ba ón mbaile seo a thiomáineadh sé bus paisinéirí le C.I.É. go Gaillimh lá i ndiaidh lae ar feadh na mblianta. Go ndéana Dia trócaire ar a anam.
Mar thoradh ar iarratas ar Chiste Eorpach le teangacha mionlaigh a chur chun cinn, fuair Pléaráca roinnt airgid le déanaí le oibriú in éindí le Ar Vro Bagan - compántas drámaíochta a oibríonn tré Bhriotáinis. Tá Ar Vro Bagan lonnaithe i Plouguerneau - baile beag ar an gcósta 30 míle ó thuaidh de Bhrest. Síleadh gur bealach an-mhaith é le cleachtadh agus oiliúint a chur ar fáil don ghrúpa atá páirteach i Scéim Fostaíochta Pobail an Phléaráca, go n-ullmhófaí seó in éindí le compántas proifisiúnta, a bhfuil ardchaighdeán ag baint lena gcuid oibre.
‘Ach cá bhfuil Tigh Pheadair Mhóir mar sin?’ - ceist a chuirtear go minic orm nuair a luaitear na hoícheantaí áirneáin a bhíonn ar siúl i gcaitheamh na bliana sa teach ósta ceann tuí sin ar an mBánrainn. ‘Siar díreach ó chros bhóthair na Tulaí agus feicfidh sibh teach ceann tuí ar thaobh na láimhe deise’. ‘Ach nach shin Tigh Pheadair Dick?’
Is mór an masla don Ghaeltacht go bhfuil Aire Gaeltachta roghnaithe ag Bertie Ahern nach bhfuil a dóthain Gaeilge aici le déileáil le pobail na Gaeltachta ná le pobal labhartha na Gaeilge, trí mheán na Gaeilge. Ní raibh gíog ná míog as na heagraíochtaí Gaeilge, mar is gnáth, faoin masla seo – an masla is mó a thug aon rialtas ó bunaíodh an stát do lucht labhartha na Gaeilge.
Achoimre ar agallamh a thug Éamonn Ó Cuív T.D. do Dhonncha Ó hÉallaithe, tús Meán Fómhair. Labhraíonn sé faoi na cúraimí atá air mar Aire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreacht, Gaeltacht agus Oileáin; faoin méid atá leagtha amach aige le déanamh faoi stádas na Gaeilge; faoi theorannacha na Gaeltachta; faoi mhíchothromaíocht forbartha i gConamara; faoin mbealach a bhfuil TnG agus RnaG ag cliseadh ar phobail na Gaeltachta agus faoi roinnt nithe eile.
Le cúpla mí anuas tá tús curtha le hobair atógála ar sheanscoil Shailearna sna hAille in lndreabhán. Comharchumann Shailearna atá i mbun na hoibre. Tá sé i gceist ag an gComharchumann lonad Pobail agus lonad Oidhreachta, a chur ar fáil ann do mhuintir Chois Fharraige. Beidh Oifig an Chomharchumainn á lonnú san áit chomh maith le háiseanna eile nuair a chríochnófar an obair ar an suíomh i gceann dhá bhliain eile.
Is dóigh gur cuid den draíocht í, an neamh-chinnteacht a bhaineann le go leor de bháid mhóra Chonamara - cén bunús a bhí acu, cé rinne iad, cén bhliain, cé dhó ,cén áit, céard a tharla dóibh agus mar sin de. í eisceacht ar bith í Bád Chonroy. Dúirt Dick Scott, i measc go leor daoine eile, ina leabhar, The Galway Hookers gur tógadh í sa mbliain 1911. Ach ní réitíonn chuile dhuine leis an tuairim sin. Dúirt Pat Cheoinín sa mbliain 1981, ar chlár de chuid RnG faoin mbád, gur tógadh í sa mbliain 1907. Dúirt Jimmy Tony Ó Nia as An Cladach Ó Dheas, Ros Muc, gur tógadh í a mbliain 1908.
Is mór i gceist an Vox Pop ar Nuacht TnaG. D'iarr Máire Áine Ní Chuaig de roinnt daoine i measc chuile aoisghrúpa i gConamara cén barúil a bhí acu faoin stáisiún nua.
Tá 100 bliain slánaithe ag Teach Pobail Chamuis. Ba ar an 15 Lúnasa 1897 a beannaíodh séipéal nua i gCamus, agus bhí an méid seo a leanas i gcló in Irisleabhar na Gaeilge, mí Iúil 1897.
Fearacht réigiúin eile sa tír, tháinig scoth na n-ealaíontóirí tradisiúnta amach as Conamara. Ba ceardaithe ar dhamhsa tradisiúnta Chonamara leithéidí Mháirtín Beag Ó Gríofa, Phádraig Cháit Bhreathnach agus an cuairteoir féiltiúil Paddy Bán Ó Broin, a shoilsíonn mar réalta eolais don ghlúin nua damhsóirí a chuala na a n-ainmneacha luaite ach nach bhfaca riamh ar chlár urláir iad.
Ó tháinig ann do Phléaráca Chonamara tá aird faoi leith dírithe ar dhamhsa ar an sean nós sa Ghaeltacht seo agus is léir go bhfuil borradh nua tagtha i suim an phobail trí chéile sa ghné seo den traidisiún. Sa chomhthéacs sin, b'fhéidir gur spéis le léitheoirí na hirise seo nós a bhain le hócáidí damhsa sa seansaol agus a luaitear go háirithe le cúige Chonnacht. Tá cuntais ar an nós seo tiomsaithe ag Séamus Ó Duilearga in Béaloideas 11 (1941), 126-42, agus is féidir a bhfianaise a chur go hachomair mar leanas: shocraítí cáca (maisithe) ar loine (nó ar fhearas cuí eile) agus bhíodh sé ar teaspeáint ar láthair an damhsa mar a ndéanfaí é a bhronnadh ag deireadh an chruinnithe ar an damhsóir ab fhéarr sa chomhthionól. Thabharfadh sé siúd an cáca dá rogha cailín nó roinnfeadh sé féin ar an gcomhluadar é.
Seo píosa a casadh dhom le ghairid sa bpáipéar a bhí ag Conradh na Gaeilge i dtús an chéid - An Claidheamh Soluis. Bá é Pádraig Mac Piarais a bhí ina eagarthóir nuair a foilsíodh é, i mí Dheireadh Fómhair 1906. Tá sé ionann is a bheith cinnte gurbh é féin a scríobh é. Ní amadán ar bith a bhí sa bPiarsach. An t-aon locht a gheobhfá ar an leagan amach a bhí aige ar an scéal, an abairt sln faoin mBéarla – ‘knowledge of English which is imagined to be so necessary for one who has to make his way in the world.’ Ní imagination a bhí ann, ar ndóigh, ach dearg riachtanas. Bhí an-bharúil aige do chúis na Gaeilge i Ros Muc ag an am ar chuma ar bith. Céard a déarfadh sé inniu, meas tú?
Rinne Bill Whelan, a chum Riverdance, ceol an phobail a ghalántú ach cén dochar? Rud ar bith a tharraingíonn uisce ag an muileann agus bíonn uisce sa bhfuisce de dhíth ar ghoile an lucht éisteachta cathrach, ar a raibh Riverdance dírithe. Thug Riverdance cead a chinn do lucht na veistí bána seasamh suas agus bualadh bos a thabhairt don rud a bhíonn á choinneál faoi cheilt acu: a dtírghrá.
‘Ní thig leis an ngobadán an dá thrá a fhreastal’, a deirtear. Ach chomh fada is a bhaineann sé le riar de bháireoirí Chumann Lúthchleas Gael is féidir leo teacht taobh na gaoithe ar an seanfhocal sin. Séard tá i gceist agam na himreoirí ildánacha inniúla atá chomh hábalta aclaí oilte ag luascadh an chamáin agus atá iad ag bualadh peile. Agus faoi mar is eol do Fheara Fáil is fada buí óna chéile an dá chluiche seo.
Sna seachtóidí bhíodh cáil ar an Spidéal faoi Féile na gCurachaí ar an gcaoi céanna is atá cáil ar Chinn Mhara de bharr Cruinniú na mBád. Ach an oiread le roinnt eile féilte farraige, níor reachtáileadh Féile na gCurachaí i mbliana sa Spidéal. Ach fós féin tá borradh nua faoin spórt sláintiúil seo gCois Fharraige. Le fada an lá ní raibh aon fhoireann iomartha ón Spidéal ag tógáil páirt sna féilte curachaí. Is cosúil go mbeidh athrú ar an scéal sin. An samhradh seo, thosaigh grúpa díograiseach ag iomradh agus tá gach cosúlacht ar an scéal go mbeidh foireann fear agus foireann ban ag tógáil páirt sna rástaí curachaí an chéad bhliain eile. Tá baint mhór ag Tommy Standún leis an aithbheochan seo sna curachaí, agus cuireann sé síos anseo air.
Níl an t-aontas céanna 's a bhíodh i nGaeltacht Chonamara. Forás na Gaillimhe údar amháin atá leis seo. Is cuid de bhruachbhailte na Gaillimhe go leor de cheantar Chois Farraige anois. Fágann seo difríocht mhór idir é agus Iorras Aithneach agus Ceantar na nOileán. Is ceantair éagsúla atá iontu faoin am seo. Ach tá difríocht eile ann feasta, agus sin difríocht aicme. Tá go leor airgid sa nGaeltacht anois, agus is ag an meánaicme atá sé.
Fuair bean óg dathúil ón gCeathrú Rua, Maria Ní Dhomhnaill, breis is dhá chéad vóta sa toghchán an Meitheamh seo caite. Chuir sí spraoi agus fuinneamh isteach sa bhfeachtas toghchánaíochta i nGaillimh Thiar, agus tharraing sí aird ar pholasaithe Páirtí an Dlí Nádúrtha le linn a feachtais i gConamara agus i gCathair na Gaillimhe.
‘Ní dul chun cinn eacnamaíoch a mharóidh an Ghaeilge ach gan an cineál seo dul chun cinn ní bheidh pobal ann le teanga d'aon tsórt á labhairt. Ach os a choinne sin d'fhéadfadh forbairt tionsclaíoch de chineál áirithe, saor ó aon rialacha teanga, an Ghaeilge a scuabadh chun siúil níos tapúla ná mar a rinne na bataí scóir…’
Dhá bhliain ó shoin ceapadh Gearóid Ó Tuathaigh, ollamh le stair in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, ina chathaoirleach ar Údarás na Gaeltachta. San agallamh seo, a chuir Donncha Ó hÉallaithe air le déanaí, léiríonn sé a dhearcadh ar an obair atá ar bun ag an Údarás agus ar na fadhbanna atá le réiteach. Léiríonn sé a imní faoi thodhchaí na Gaeltachta. Má ghlacann an rialtas le moladh ón Údarás go mba chóir go mbeadh an tÚdarás ar fad tofa go daonlathach, ag an gcéad toghchán eile, tiocfaidh deire le chathaoirleacht Ghearóid Uí Thuathaigh, gan ach beagán le cois leath dá thréimhse ceapacháin caite aige sa phost.
Ina shuí lena uncail taobh amuigh de Tigh Joe Mac i gCill Rónáin i Samhradh na bliana 1960 a thit Johnny Healion i ngrá le báid Chonamara. Bhí cleachtadh mhaith ar bháid agus ar sheoltóireacht aige roimhe sin ós rud é gur tógadh i mBeann Éadair é ach an lá áirid seo chonaic sé An Mhaighdean Mhara ag teacht isteach go sean-chéibh Chill Rónáin le ualach móna, an seol tosaigh agus an jib caite anuas aici agus ag ceangal suas le balla. Dúirt sé go gcaithfeadh sé ceann de na báid sin a fháil. Ach fillfidh muid ar Johnny ar ball.
Tá pleananna móra ann Tigh Chonroy a chur in oiriúint lena úsáid mar ionad cultúir agus mar acmhainn don cheantar. Tá stair spéisiúil ag an Teach. Tá an t-alt seo bunaithe ar agallamh a chuir Meta Uí Mhállle ar Jimín Toni ó Nia, a bhásaigh le linn na bliana, go ndéana Dia trócaire ar a anam uasal.
Ag an tráth seo den bhliain agus muid ag ullmhú don Fhéile a dhéanann comóradh is ceiliúradh ar teanga agus ar chultúr na Gaeltachta, ní féidir gan súil siar a thabhairt ar an mbliain atá caite agus ar an saibhreas atá sciobtha uainn ag an mbás ón am seo anuraidh. Ba buille mór do Ros Muc bás an tseanchaí áitiúil Jimín Tony Ó Nia. Agus ba buille tubaisteach do Ros Muc, do Chonamara, don sean-nós agus do cultúr na Gaeltachta bás Phatsy Uí Cheannabháin a fuair bás ag tús an tsamhraidh, mar a dúirt an t-amhrán ‘le Iinn don chuach a bheith ag seinm ceoil is an duilliúr glas ag fás’.
Tá tábhacht ar leith ag baint le logainmneacha nó ainmneacha áite, agus is cinnte go bhféadfaí a rá nach bhfuil cosán ná garraí, claí ná cnocán, abhainn ná loch, ná sruthán nach bhfuil a bhlúire beag staire féin ag roinnt leo. Tá seo fíor faoi na droichid freisin. Tá stair ag baint le gach aon cheann acu, nó tá scéalta le n-aithris fúthu.
Duine ar bith a chuaigh suas Baile an Domhnalláin, baile beag taobh thoir den Spidéal, is cinnte gur thug siad suntas don ghairdín lán líonta de dhealbha éagsúla - fear an ghiotáir, bean an bhosca ceoil, an Mhaighdean Mhuire, bó na leath-adhairce, lachain, cailleacha dubha, iolar, coiníní, rón, deilf, iad uilig curtha le chéile le suimint agus rudaí aisteacha eile a gheobhfá thart faoin áit.
Nuair a shéidfidh an réiteoir an fheadóg i bPáirc an Chrócaigh ar an seachtú lá fichead den mhí seo le críoch a chur le Cluiche Ceannais Peile na hÉireann idir Gaillimh, gaiscígh Chonnacht, agus Cill Dara, curaidh Laighean, tógfar gártha molta maíte mustracha agus iomprófar an captaen buach go caithréimeach croíléiseach go hArdán Uí Ógáin mar a mbronnfar Corn Shomhairle Mhig Uidhir air. Ach cé hé an sárfhear sainiúil seo ar ainmníodh an corn gleoite ina dhiaidh?
Ceaptar gur tógadh scoil ar an láthair idir 1860 agus 1870. Scoil an-bheag a bhí inti - dhá sheomra inti ina raibh buachaillí agus cailíní le chéile agus Béarla an teanga a bhí i réim sa scoil. Bhí paróiste an Chnoic i nDeoise Thuama agus bhí an tArdeaspag Mac Éil glan in aghaidh chóras bunoideachais Shasana. Nuair a fuair sé bás i 1881 cheadaigh a chomharba, An tArdeaspag McEvilly scoileanna náisiúnta i nDeoise Thuama agus tosnaíodh ar scoil a thógáil i bparóiste an Chnoic i 1884. Thóg sé ceithre bliana an obair a chríochnú. Ceithre sheomra a bhí sa scoil nua, péire le haghaidh na mbuachaillí ar an taobh thiar agus péire ar an taobh thoir le haghaidh na gcailíní.
De bharr leatroma agus droch íde ar feadh na gcíanta tá dreaim mór de mhuintir Chonamara nach bhfuil aithne ná fios ag mórán daoine eile orthu. Sin iad na daoine i gConamara atá hómógnéasach. Ar nós dreaim ar bith faoi chos, muintir na hAstráile nó Mheiriceá faoi shliocht na nEorpach, nó an lucht siúil in Éirinn, nó fiú na hEireannaigh go fíor gairid, tá droch féiniúlacht, lagmhisneach, fadhbanna intinne agus óil ag cuid mhór acu. Cuireann an-chuid dóibh a lámh ina mbás féin - go háirid fir óga. Chuir cuid acu cumann ar bun le deis a thabhairt dóibh castáil ar a chéile gan brú ná bagairt. Labhair lris an Phléaráca leo.
Tá aitheantas tugtha do thábhacht na Gaeltachta sa mBille nua Pleanála, a foilsíodh le gairid. As seo amach caithfear cosaint teanga agus cultúr na Gaeltachta a chur san áireamh in aon phlean forbartha a réiteoidh Comhairle Chontae na Gaillimhe.
Chuir Majella Ní Chríocháin, Oifigeach Óige le Pléaráca, agallamh ar Sheosamh Ó Cuaig, craoltóir, iarbhall tofa de Údarás na Gaeltachta agus duine de bhunaitheoirí Ghluaiseacht Chearta Sibhialta na Gaeltachta.
‘Bhí sí chomh deas sin nach n-iarrfá imeacht aisti ar chor ar bith.’ Sin a bhí le rá ag John William Seoige faoin mbád ar chaith sé cuid mhaith dá óige inti. Sé Máirtín Ó Cathasaígh as Maoinis a rinne Bláth na hÓige do Sheán Seoige, seanathair John William, in lnis Bearachain, timpeall na bliana 1885. Bhí William Sheáin Seoige, a rugadh timpeall 1867, ina fhear óg nuair a tógadh an bád. Tá sé ráite gur fhan Máirtín Ó Cathasaigh in Inis Bearachain go dtí go raibh sí críochnaithe aige – trí mhí. Fuair sé tuairim £8 as ucht í a dhéanamh.
Ach oiread le Leitir Ceanainn, leis an Muileann gCearr, le Loch Garman nó áit ar bith eile sa tír, tuilleann pobal Chonamara amharclann chun fáilte a chur roimh sheónna, drámaí agus ceoltóirí náisiúnta is idirnáisiúnta a bhíonn ar chamchuairt na tíre. Agus níos tábhachtaí fós, b'fhéidir, teastaíonn a leithéid d'áis chun forbairt a dhéanamh ar ár n-ealaíona féin i gConamara.
Tríocha bliain ó shoin bhain Peadar Mac an lomaire creathadh as an rialtas. Bhailigh sé 1522 vóta i nDáilcheantar Ghaillimh Thiar san ollthoghchán i 1969, ar son Gluaiseacht Chearta Sibhialata na Gaeltachta, eagraíocht a bunaíodh 2 mhí sar a fógraíodh an ollthoghchán. Is ag cruinniú poiblí a tionóladh ar an Domhnach 23 Márta i Seanscoil an Chnoic, a bunaíodh Cumann Chearta Sibhialta na Gaeltachta, mar a ghlaodh air ag an am. D'eascair an cruinniú as agóid, ag Teach Furbo (Connemara Coast Hotel a thugtar ar anois) cúig lá roimhe sin. Eagrán den clár teilifíse Quicksilver - seó quiz - a bhí dhá thaifeadadh ag RTÉ san óstán.
An scéal is mó atá i mbéal gach duine sa nGaeltacht le tamall, an méid Béarla atá dhá labhairt ag daoine óga i gConamara. Thug mé an cheist aníos i gcomhrá le daoine éagsúla lena dtuairimí a fháil agus rinne mé nótaí níos deireannaigh maidir le gach a raibh le rá acu. Ní agallaimh a déanadh leo. Seo é a raibh le rá acu faoin nGaeilge ag tosnú lena daoine is sine ar labhair mé leo.
Beidh oíche fhilíochta i dTeach Scríbe arís i mbliana mar chuid de fhéile Phléaráca Chonamara. Is ar an Déardaoin 16 a bheidh sé ar bun agus siad na filí a bheas ag glacadh páirt ann ná Nuala Rua Ní Dhomhnaill, Dara Ó Conaola, Colette Nic Aodha, Gearóid Mac Lochlainn agus Aifric Nic Aodha.
Ón am a bhí mé i mo ghasúr beag bhí cur síos á dhéanamh ar Phádraig Mac Piarais i mo theachsa. Bhíodh mo mháthair agus mo athair agus mo mhuintir uilig ag inseacht scéalta faoin bPiarsach agus mar a dtug sé grá a chroí don dúiche seo Ros Muc agus dá mhuintir. Nuair a ghlac sé peann ar láimh chun scéalaíocht, is iad muintir Ros Muc a tháinig ina cheann nó mar a thug sé féin ar an áit 'Ros na gCaorach'.
Seo tomhaiseanna a bhailigh Eimear Ní Riagáin atá fostaithe ar scéim fostaíochta pobail Phléaráca ó Chóilín Sheáin Dharach Seoige as an gCladach ó Dheas, Ros Muc. Bíonn Cóilín, a bhfuil cáil bainte amach aige de bharr a chuid damhsa sean-nóis, ag teacht isteach chuig imeachtaí san lonad Lae i Ros Muc chuile Déardaoin agus níl aon lá a mbíonn sé istigh nach ag cur tomhaiseanna a bhíonn sé ar gach a mbíonn thart air. Shocraigh Eimear go scríobhadh sí síos cuid dóibh. Seo iad, tá na freagraí tugtha chomh maith.
San alt seo le Séamas Ó Cualáin tá cur síos suimiúil stairiúil ar an gcéad chluiche iománaíochta idir chlubanna a imríodh faoi rialacha Chumann Lúthchleas Gael in 1885 agus freisin ar chluiche iomána eile faoi na rialacha nua idir sinsir na Gaillimhe agus Thiobraid Árann i bPáirc an Fhionnuisce i mBaile Átha Cliath ar 13 Feabhra 1886.
Is beag duine i gConamara a bhí tagtha in aois céille nuair a rugadh mise nár chuala caint agus trácht ar an Misean Mór nó an tAth Stiofán Ó Conghaile as Árainn. Go deimhin nuair a chuimhnítear air, cuimhnítear ar na línte seo leanas :’Nach deas an rud poitín sa tír seo/d'íocfadh sí cíos agus poor law/Leigheasfadh sé casacht na hoíche/agus dhíreodh sé an seanduine cam.’ Amhrán an Phoitín
Bhí an-bhliain ag Pléaráca Teo., an scéim ealaíon phobail i 1998/99. Chomh maith leis na gnáthimeachtaí bliantúla a reáchtáil, fostaíodh oifigeach ealaíon don óige i Meán Fómhair 1998 a chuir borradh faoi imeachtaí ealaíona don óige i ndeisceart Chonamara. Déanadh clár leathuaire teilifíse faoin eagraíocht le linn Fhéile an Phléaráca 1998 agus léiríodh é seo ar TnaG agus ar RTÉ i rith na bliana nua.
Sibhse a tógadh ar an gcósta bheadh eolas agaibh faoi iontaisí na farraige agus faoi dhraíocht na mara. Cé go bhfuil neart iomrá in tíre ar an rón agus ar an mbéaloideas a bhaineann leis ní bheadh eolas faoin mhaighdean mhara chomh coitianta céanna - neach farraige a bhfuil an-iomrá uirthi i mbéaloideas Chúige Uladh. Ar ndóigh tá an t-amhrán An Mhaighdean Mhara cloiste agam i gConamara ach tá sé i bhfad níos coitianta ag amhránaithe Thír Chonaill. Shíl mé féin i gcónaí go raibh an scéal seo thar a bheith spéisiúil agus rómánsúil, do pháistí agus do dhaoine fásta.
Eagraíodh Pléaráca Chonamara don chéad uair i 1991. Ní raibh i gceist ag an am ach an fhéile amháin sin a eagrú, mar fhreagra ar 'Tuarascáil' a réitigh Breandán Ó hEithir do Bhord na Gaeilge ar Stáid Láithreach na Gaeilge. Caint éadóchasach is mó a bhí sa 'tuarascáil', a scríobhadh i bPáras go gairid sara bhfuair Breandán Ó hEithir bás. Ba mhór an chomaoin a chuir an tÁrannach orainn i gConamara, mar gur ghríos an méid a scríobhadh i dTuarascáil Uí Eithir faoin nGaeltacht, na heagraíochtaí pobail i nGaeltacht Chonamara, a theacht le chéile leis an mbréag a thabhairt don méid a cuireadh i leith phobal na Gaeltachta sa tuarascáil. Ba é Pádraig Ó Cosgordha as Carna a mhol féile mhór phobail a eagrú, le imeachtaí ar bun 'ó Bhearna go Carna' lena léiriú don saol mór go raibh Gaeltacht Chonamara beo beathaíoch agus an pobal sásta an saibhreas cultúir agus teanga a cheiliúradh.
Nuair a tháinig an Rialtas seo i gcumhacht i 1997, ba é an tAcht Teanga a ndéantar tagairt indíreach dó i gclár an Rialtais an píosa reachtaíochta is mó a tharraing aird phobal na Gaeltachta agus phobal na Gaeilge ar fud na tíre. Le déanaí, thuairisc an tAire Stáit sa Roinn Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán, Éamonn O Cuív T.D., go bhfuil dul chun cinn déanta leis an mbille seo nuair a chinn an Rialtais dul ar aghaidh agus ceannteidil an bhille a ullmhú. Is deacair a rá ag an bpointe seo agus cúrsaí polaitiúla chomh corrach agus atá, an éireoidh leis an Aire an bille seo a fhoilsiú agus é a chur tríd an Dáil agus tríd an Seanad roimh an chéad toghchán eile.
Cuireann Muireann Ní Chualáin, múinteoir i Scoil an Droma síos ar cén fáth nach bhfuil an curaclam nua do bhunscoileanna feilteach do scoileanna na Gaeltachta agus iarann sí curaclam dá cuid féin don Ghaeltacht.
Is údar cainte i gcónaí é ag lucht na mbád, cé rinne a leithéid seo de bhád, cé dhó ar dearnadh í, cén áit, céard a tharla de agus mar sin de. Is dóigh gur cuid den draíocht é a bhaineann leis na báid nach bhfuil na freagraí ar fad againn. Tá eolas réasúnta maith againn faoi chuid de bháid Chonamara ach tá cuid eile agus tá bearnaí go leor le líonadh.
Beidh Éadaoin Ní Challaráin ag kayakadóireacht d'Éirinn sna Cluichí Oilimpeacha agus tá Niamh Ní Chuaig tar éis bonn a bhuachaint i gcomórtais reatha idirnáisiúnta. Tá cur síos anseo ag Nuala Ní Chonghaile ar an méid atá bainte amach acu.
Chaith Caoimhín Ó Maicín aon bhliain déag agus fiche ag teagasc i nGairmscoil na bPiarsach i Ros Muc idir 1955-1986. Bhí sé ina phríomhoide ar an scoil ar feadh bliana sular éirigh sé as an mhúinteoireacht.
Seo sleachta as aiste le Jackie Mac Donncha a fuair duais Oireachtais cúpla bliain ó shin. An teideal a bhí ar an aiste ná Máire Choilm agus Mise. Cailleadh Máire Choilm i lár na seascaidí. Ba í an duine deireanach den chlann í. Is dóigh gur imigh an seál léi.
Tá an corn álainn do bhuaiteoirí Chraobh Shinsear lománaíochta na hÉireann ainmnithe i gcuimhne an tsárGhaeil, Liam Mac Cárthaigh, a rinne obair churata ar son chluichí Chumann Lúthchleas Gael i Londain Shasana i gcaitheamh a shaoil.
Ráiteas Misean Phléaráca Teo. – ‘Tá Pléaráca ag forbairt glór, ról agus páirtíocht an phobail Ghaeltachta tríd na healaíona agus tríd an cultúr agus an teanga a chur chun cinn.’
Tá Seán Ó Mainnín, an dornálaí as Ros Muc a throid i gCraobh an Domhain i Madison Square Gardens tagtha abhaile le bliain. Chuaigh Meta Uí Mháille chun cainte leis faoina shaol, faoina mhuintir agus go leor eile.
I ngach eagrán de iris Phléaráca ó 1991 rinne Ruaidhrí Ó Tuairisg cur síos ar bháid mhóire. ln eagrán na bliana seo déanann sé cur síos ar an saol a chaith na bádóirí agus a dteaghlaigh.
Tá an mianach seo a bhí tréigthe agus faoi uisce le 130 bliain i ngleann dhá mhíle siar ó Uachtar Ard. Is é an t-aon mhianach sa tír é atá oscailte do chuairteoirí agus tá stair an-spéisiúil ag baint leis.
ln Aibreán na bliana seo, bhásaigh Cóilín Sheáin Dharach Seoige, duine a thagann chun cuimhne nuair a luaitear na chéad fhéilte a d'eagraigh Pléaráca. Ó thosaigh Pléaráca Chonamara ag eagrú an chomórtais damhsa ar an sean-nós do Chorn Mháirtín Beag Uí Ghríofa, bhuaigh Cóilín an corn seo faoi dhó. Eisean agus damhseoirí eile dá ghlúin a choinnigh an stíl sean-nóis ag imeacht sular tháinig an borradh atá ann faoi láthair i measc na hóige. Mar a deir go leor, bhí an sean-nós ceart ag Cóilín agus spreag sé go leor damhseoirí níos óige. D'iarr muid ar Bhidín Seoige, dreifiúr Chóilín píosa a scríobh faoina dreatháir.
Bhásaigh duine de na ceoltóirí is mó cáil as Conamara an Samhradh seo. Bhí ainm Festy Conlon luaite leis an bhfeadóg stáin go náisiúnta agus go hidirnáisiúnta. D'iarr muid ar Shéamas Ó Cualáin as an Spidéal cur síos ar a chara agus a fhear muinteartha.
Sa bpictiúr seo tá John Feely as an Nua Shéalainn lena bhean chéile, Elizabeth. Tógadh an pictiúr i mí Meán Fómhair 2000, ag beairic na nGardaí sa nGort Mór. Tháinig John ar cuair ar Ros Muc toisc go raibh a athair (John Feely freisin) ag obair ann ó 1913-1920 mar bhall den R.I.C.
ln eagrán na bliana seo caite den iris seo, scríobh Mairéad Ní Chualáin - múinteoir i mBunscoil an Droma, Leitir Móir faoi an neamhaird a déanadh ar na Scoileanna Gaeltachta sa gCuraclam nua a tháinig amach anuraidh. San alt seo, léiríonn sí go bhfuil an neamhaird céanna dá dhéanamh ar pháistí na Gaeltachta nuair a thagann sé go dtí múinteoireacht feabhais.
Bunaíodh An Gaelacadamh i 1980 agus ó shin i leith, tá an eagraíocht ag obair go dícheallach agus é mar phríomhaidhm aici an Ghaeilge agus an cultúr Gaelach a chaomhnú agus a chur chun cinn i gceantar Chonamara agus Oileáin Árann.
Le roinnt mhaith seachtaine anuas, tá clós Sheanscoil Shailearna líonta suas le ualach adhmad agus is iomaí duine a bhfuil an cheist curtha aige - céard len aghaidh é? Tugann Caitlín Nic an Ultaigh, bainisteoir Chomharchumann Shailearna freagra ar an gceist sin.
Beidh ócáid mhór i bparóiste an Chnoic ar an Domhnach an 16 Meán Fómhair nuair a bhronnfar Gradam Ghlór na nGael 2000 ar Phobal an Chnoic. Cuireann an tAth Micheál Ó Flannabhra síos ar an obair atá déanta sa bparóiste chun an gradam seo a bhaint amach.
Bunaíodh Cumann Peile Piarsaigh na mBan sa mbliain 1996 tar éis don chlub óige deireadh seachtaine a chaitheamh i gCorr na Móna, áit a raibh imeachtaí difriúla ar siúl do na clubanna óige. I measc an ghrúpa a chuaigh go Corr na Móna bhí cearthrar cailíní - Máire Bríd Breathnach, Roisín Ní Mhainín, Sally Ní Laoi agus Máirín Ní Mhainín.
Tá bliain eile imithe agus Féile an Phléaráca faoi lán tseoil arís. Tá an fhéile teannta amach beagán níos faide sa mbliain againn. Ceann de na fáthanna leis seo ná le go mbeadh níos mó ama againn imeachtaí a phleanáil do na scoileanna agus go mbeadh seans acu féin socrú síos théis saoire an tSamhraidh sula dtosódh lucht an Phléaráca ag glaoch orthu ag lorg tacaíocht d'imeachtaí.
Sé Pádraig Mhicil Rua Mac Donnchadha an saor a thóg an Lady Mhór. Bhí sé ina chónaí sna Leacracha Rua i dTír an Fhia. Ba duine muinteartha é le clann Johnny Jimmy, a bhfuil An Mhaighdean Mhara acu anois. Níl muid cinnte cén bhliain ar tógadh An Lady ach tá bád cláraithe sa mbliain 1893 do Stephen O Brien, i Sea Fishery of Ireland, eagraíocht a rinne clárú ar bháid iascaigh, i mBaile Átha Cliath agus an t-ainm Lady uirthi.
Rinne an eagraíocht Pléaráca stocaireacht leanúnach sna blianta 1997-1999 ar an Aire Éamonn Ó Cuív, ag iarraidh air tascfhórsa a bhunú a dhéanfadh scrúdú eolaíoch fuarchúiseach ar stáid na Gaeilge sa Ghaeltacht agus a thiocfadh aníos le straitéis chuimsitheach réadúil leis an nGaeilge a shlánú sna ceantracha sin ina raibh sí fós in úsáid mar ghnáththeanga pobail. De bharr na stocaireachta sin, bhunaigh an Rialtas Coimisiún na Gaeltachta i mí Aibreán 2000, le Peadar Mac an Iomaire ina Chathaoirleach air. Bhí Donncha Ó hÉallaithe ina chathaoirleach ar Phléaráca ag an am. An alt seo, caitheann Donncha súil chriticiúil ar an tuarascáil 30 leathanach, a d’fhoilsigh Coimisiún na Gaeltachta i Márta 2002, tar éis dhá bhliain i mbun oibre.
Ceapadh Éamon Ó Cuív ina Aire Gnóthaí Tuaithe, Pobail agus Gaeltachta tar éis an toghcháin deiridh. Chuaigh Peigí Ní Chonghaile chun cainte leis faoi nithe éagsúla atá faoina chúram anois.
Rugadh i Snámh Bó mé. Iníon le Pat Phaddy Hynes agus le Mary Kelly. Ba as Eanach Mheáin mo mháthair ó dhúchas. Bhí ochtar clainne acu agus bhí mise ar an tríú duine ba shine.
Is iomaí sin báireoir fiúntach a tharraing gnaoi is gean ar Ghaillimh ón lá stairiúil úd - 1 Aibreán 1888 - ar threoraigh Séamus ó Laigheanáin fir an Iarthair i gcoinne Thiobraid Árann i mBiorra sa chéad chluiche ceannais iománaíochta do Chraobh 1887.
Bunaíodh an Clár Náisiúnta Forbartha agus Tacaíochta Pobail i 1990 mar aitheantas ar ról atá ag forbairt pobail i ndul i ngleic le bochtanas agus míbhuntáiste.
ls léir le tamall anuas go bhfuil sé ar intinn ag an Tánaiste Mary Harney an plug a tharraingt ar na scéimeanna fostaíochta pobail. An fáth a thugtar ná go bhfuil folúntais fostaíochta sna cathracha agus sna bailte móra nach bhfuiltear in ann a líonadh. An méid sin ráite táthar ag cur go tréan leis na figiúirí dífhostaíochta seo le roinnt míonna anuas le monarchana ag leagan amach na céadta oibrí beagnach chuile sheachtain.
Faigheann muide, a bhfuil sé d'ádh orainn seoladh le Paddy Barry le blianta, bulletin uaidh, mar a thugann sé féin air, go luath sa mbliain, ag insint faoi na pleananna seoltóireachta a bhíonn aige don Samhradh. Is iondúil gur turas ar chósta thiar na hÉireann nó síos go Ciarraí agus Corcaigh a bhíonn i gceist. Mar is gnáth, tháinig an bulletin i mbliana, ach níor chreid mé mo dhá shúil nuair a chonaic mé go raibh sé beartaithe aige bád a thabhairt as an tSicil go Cloch na Rón. An mbeadh spéis agam ann? An ólann cat bainne? An Caitiliceach é an Pápa?
An té nach mbeadh eolas cruinn aige ar chúrsaí iománaíochta i nGaillimh ó lár na ndaichidí go blianta tosaigh na gcaogaidí is dóigh go ndéarfadh sé leis féin gur chruthaigh foireann an chontae thar cionn ar fad de bharr na ngradam a rug siad leo in imeacht na tréimhse sin. Gan amhras ar bith rinne na sárfhir gaisce agus Corn an Bhóthar larainn a bhreith leo ar a gconlán féin i 1947 - éacht a bhí inchurtha le beart pheileadóirí Chiarraí i 1927.
Tá Ciorcal Scríbhneoirí Óga ag teacht le chéile faoi choimirce Phléaráca Teo. ó 1999. Tháinig an Ciorcal Scríbhneoirí Óga le chéile i 2003 faoi stiúir Thadhg Mhic Dhonnagáin. Seo roinnt samplaí de shaothar na scríbhneoirí óga a ghlac páirt i mbliana.
Tá Ciorcal Scríbhneoirí Óga ag teacht le chéile faoi choimirce Phléaráca Teo. ó 1999. Tháinig an Ciorcal Scríbhneoirí Óga le chéile i 2003 faoi stiúir Thadhg Mhic Dhonnagáin. Seo roinnt samplaí de shaothar na scríbhneoirí óga a ghlac páirt i mbliana.
Bhí sé ar intinn agam, le bliain nó dhó, cuairt a thabhairt ar an tSeapáin. Cén fáth an tSeapáin? Bhí col ceathrar liom ag múineadh scoile sa tír sin le cheithre bliana déag, agus bhí sé i gcónaí ag iarraidh orm cuairt a thabhairt air.
Tá Séamus Breathnach ina Chomhairleoir Contae neamhspleách ar Chomhairle Contae na Gaillimhe ó 1999. Is é cathaoirleach Choiste Comhairleoirí Chonamara é do 2003. Anseo déanann sé roinnt anailíse ar an bPlean Nua Forbartha do Cho. na Gaillimhe.
I 1999 tháinig deich nduine fhichead as Nis ar Oileán Leodhais na hAlban ar cuairt chuig Conamara le linn Fhéile Phléaráca Chonamara. I Lúnasa 2000, d'eagraigh Pléaráca grúpa ceoltóirí agus damhseoirí le dul anonn chuig féile i Nis, Céilidh san Iar Thuath.
Is minic gur scéalta cruatain agus uaignis a bhaineann leis an imirce ach ní hamhlaidh do Tom Barrett seo a d'fhág an scoil agus a bhaile i bhFoirnis i Leitir Mealláin agus é tri bliana déag le dul ag foghlaim ceird na táilliúireachta. Labhair sé le Meta Uí Mháille.
Bhuel tá sé tagtha agus imithe, séasúr na turasóireachta. An raibh sé go maith nó go dona? Braitheann sé cén cineál turasóireachta a bhfuil tú ag caint air. Mar tá an dá chineál anseo i gConamara.
Sé Séamus Jamesie Ó Flaithearta a osclóidh Féile Phléaráca Chonamara 2004 sa Chistin ar an gCeathrú Rua an Aoine 1 Deireadh Fómhair ag 8.00. Tá aithne ag Gaeltacht agus Galltacht ar Shéamus de bharr a chuid craoltóireachta ar Raidió na Gaeltachta. Ach bhí agus bíonn níos mó ná sin ar bun aige. Le leisce an fhocal a bhaint as a bhéal féin (rud a bheadh deacair!), d'iarr muid air cur síos a dhéanamh dúinn ar a shaol.
Tá Siopa Uí Mháille i Rosmuc le os cionn céad bliain go maith. Labhair Frank a' Mháille le Meta Uí Mháille faoi stair an tsiopa agus an saol mar a bhí.
Toghadh Seosamh Ó Cuaig ina Chomhairleoir Contae neamhspleách ar Chomhairle Chontae na Gaillimhe i dtús an tSamhraidh seo caite. San alt seo, cuireann sé síos ar cheann de na pointí polasaí atá aige mar chomhairleoir - sin Comhairle riaracháin dá cuid féin do Chonamara.
Ó Bhealtaine 2003 tá iarratais phleanála i gConamara á meas de réir an Phlean Forbartha nua. Sa Phlean Forbartha 2003-2009, tá polasaí raidiciúil leagtha síos faoi chosaint na Gaeilge sa Ghaeltacht. Tharraing na míreanna faoin nGaeilge sa Phlean Forbartha go leor cainte, cruinnithe, achrainn agus conspóide ag an am. Tar éis cur agus cúiteamh go leor, ghlac Comhairleoirí Contae leis an bpolasaí nua, a deireann go bhfuil sé i gceist cead pleanála a thabhairt sa Ghaeltacht ’with special consideration to Irish speaking applicants....and by imposing conditions in granting such permissions which will ensure the stabilisation and the promotion of lrish as a community language.’ (Alt 10.3). Tá sé ráite chomh maith go mbreathnófar go fabhrach ar iarratais phleanála ar thithe a thógáil sa Ghaeltacht do chainteoirí dúchais Gaeilge agus do lánúineacha le Gaeilge atá ag iarraidh bogadh go ceantar a bhfuil Gaeilge á labhairt ann. Athrú suntasach é seo ar an bpolasaí a bhíodh ann roimhe sin.
Ba mhór i gceist ag an seandream agus iad ag caint ar laethanta aonaigh, Tigh Pheter William. Is ann a buaileadh smugairle ar bhois is an margadh déanta agus is ann a hóladh an luckpenny. Is maith an scaitheamh blianta anois ó bhí aonach i nDoire Né ach ní shin le rá nach bhfuil tarraingt daoine i gcónaí Tigh Khit, mar a fuair mé amach an tráthnóna bog báistí a bhuail mé isteach i mí Lúnasa le labhairt le Kit faoi na blianta atá caite aici i mbun gnó ansin. Bhí slua maith istigh ann agus daoine ag teacht is ag imeacht, ach bhí sí flaithiúil lena cuid ama agus í ag cur sios dom mar a bhí an saol nuair a tháinig sise go Doire Né ar dtús - agus ar an athrú atá tagtha le imeacht na mblianta. Chonaic sí an t-am a raibh mná liobrálacha a d'óladh piontaí pórtair lá aonaigh (ag am nach dtéadh mná isteach i bpubanna) cé nárbh iad mná Chonamara iad is cosúil, i bhfad sul má cloiseadh caint ar Women’s Lib, ná ar chearta ban. An chéad cheist a chuir mé ar Khit ná cén uair a d' oscail an áit seo ar dtús?
Tá a fhios ag an saol Fódlach faoi ‘Bhliain na bhFrancach’ agus tráchtar go minic i gConamara ar ‘Bhliain an Bhrosna’ ach tá bliain eile fós nár cheart do Ghaeil na Gaillimhe ligean i ndearmad choíche agus sin í an bhliain 1945 ar a nglaoimse go caoin ceansa ‘Bliain na Súilleabhánach’.
Tá Cór Náisiúnta na hÉireann faoi stiúir Celso Antunes ar camchuairt timpeall na hÉireann an Fómhar seo. An Mháirt an 5/10/04 beidh siad i Séipéal na Deastógála i gCamus, ar an gCéadaoin 6/10/04 i gCill Rónáin, Inis Mór agus an Déardaoin in Áras Éanna, Inis Oírr, Oileáin Árann. Seo é an dara cuairt ar Chonamara ag an gCór, bhí siad i Séipéal Chamuis cheana cúpla bliain ó shoin, áit a dtáinig slua mór as áiteacha éagsúla lena gcloisteáil. Bhain siad fhéin an-sásamh freisin as a gcuairt ar Chamus, go mór mór an Séipéal.
Scríbhneoirí Óga: I mbliana ghlac ceithre iarbhunscoil páirt in imeachtaí An Ciorcal Scríbhneoirí Óga - Scoil Chuimsitheach Chiaráin, An Cheathrú Rua; Coláiste Cholmcille, Indreabhán; Gairmscoil na bPiarsach, Ros Muc agus Scoilphobal Mhic Dara, Carna. Seo aiste a scríobh Mary Catherine Ní Mhaoilchiaráin, Scoilphobal Mhic Dara, Carna faoi Shéamus Mac an lomaire.