Ailt ó Irisí an Phléaráca
Bailiúchán
Míreanna
301–314 de 314
Cuardach Casta
-
Filíocht Phobail Chonamara - Inné agus Inniu (Bunaithe ar Léacht a tugadh ag Éigse an Spidéil 10 Bealtaine 1991). Tosaíonn mo scéal le file Conamaraíoch de chuid na haoise seo caite, Colm de Bhailís, leis an saothar filíochta a d'fhág sé le hoidhreacht againn, agus lena cheantar dúchais, sraith oileán atá ag síneadh siar deich míle san Atlantach ó fhágfas duine tír mór ag Béal an Daingin, trí oileáin Eanach Mheáin, Leitir Móir, Gharumna agus Leitir Mealláin, nó go sroiche sí nó sé Ceann Gólam thiar. Is iomaí cuairteoir i saol seo na turasóireachta cultúrtha frithchultúrtha a leanas Ród sin na nOileán - The Road to the Isles mar atá ar chuid de na comharthaí oifigiúla bóthair! Mar chuid dá sciúird trí Iarthar Órga na mBróisiúr Turasóireachta nach dtiocfadh sé ina chuimhne gur dúiche shoaitheanta ar leith i gConamara Ceantar na nOileán, fearacht leithéidí Chois Fharraige, lorras Aithneach agus An Cheathrú Rua, dúiche a bhfuil a féiniúlacht dhílis féin maille le na hoidhreacht shainiúil chultúrtha agus stairiúil ag roinnt léi. -
Cas Amhrán 1991 Cóilín Phádraic Shéamuis (Pádraig Ó hAoláin): Ó saolaíodh tú is mairg a rá,/Go raibh an long anonn i ndán duit,/Bhí sé romhat de shíor go mbeifeá lá,/I measc na n-imirceánach/Tá long ag dul anonn inniu,/A Chóilín Phádraic Shéamuis,/Agus imigh leat thar sáile anonn,/Mar a bhfaighidh tú luach do shaothair./Ag sclábhaíocht is ag sluaisteáil chré,/Ó éirí go luí na gréine,/A bheas tú thall i dtír na nGall,/A Chóilín Phádraic Shéamuis. -
Cóilín Pheadar Shéamais Cúig bhliana a bhí caite i Meiriceá ag Cóilín Pheadair Shéamais nuair a tháinig sé abhaile an samhradh seo caite. Bhí sé féin agus a bhean bailithe anonn ó phós siad. An fáth is mó ar imigh siad, nach raibh an oiread airgid acu agus a dhéanfadh teach dóibh agus nach dtabharfaidís le rá do na comharsain go gcuirfidís fútha i dteach so-ghluaiste nó go gcaithfidís dul i muiníne na Comhairle Contae le teach a chur ar fáil dóibh. -
Geasa an Fhéileacáin I mí Aibreán na bliana seo, cuireadh tús le tionscnamh nua drámaíochta don óige nuair a tháinig Seán Ó Coisdealbha ó Mhuintearas agus Trevor Ó Clochartaigh ó Na Fánaithe le chéile chun cúrsaí drámaíochta don óige a phlé. Socraíodh go ndéanfaí dráma de chuid Lorca, an file drámadóir Spáinneach agus go mbeadh triallacha do pháirteanna san dráma á n-eagrú sna Gaeltachtaí uilig. -
Clár na Féile: Pléaráca 1991 Clár na Féile: Pléaráca 1991. -
Teach Mór na bhForbacha: 1585-1936 De réir pholasaí Surrender and Regrant Éilís 1 - Banríon Shasana (1558–1603) - ghéill Murchadha na dTua Ó Flatharta ó Chaisleán Achaidh an lúir in Uachtar Ard agus Ruairí Ó Flaithearta ó Chaisleán Mhaigh Cuilinn (seanathair an údair ón bPáirc) a gcuid taillte don choróin sa bhliain 1585. Shínigh an bheirt acu conradh (Composition of Connaught 1585) le Sir John Perrotte, fear ionaid na Banríona. (Ba le Ruairí talamh na bhForbacha ag an am sin). Bronnadh na taillte ar ais arís orthu ar choinníoll go gcuirfidís dlíthe agus custaim Shasana chun cinn ina ndúiche féin. Theastaigh ón gCoróin go gcuirfí deireadh leis an seanchóras Gaelach, go háirithe Dlíthe na mBreithiún - cearta oidhreachta srl. Feicimid ó na cáipéisí gur bronnadh 500 acra talún (cheithre cheathrú) ar Marcus Linch Fitz Nichollas of Furboghe, gent, sa bhliain sin - 1585. (Ba le linn an ama seo a roinneadh Cúige Chonnacht suas ina chondaetha). -
An Bád Mór Ó chathair na Gaillimhe go Ceann Léime tá tuairim 250 míle de chósta, go leor de ina chuanta beaga agus móra, go háirithe ó Chuan Chasla siar. As an gcósta seo, d'fhás An Bád Mór agus a ghaolta, an ghleoiteog, an leath-bhád agus an púcán. Tá caint agus cúiteamh le fada cén stair a bhaineann leis an gcineál seo báid. Dúirt Hal Sisk ina alt san iris Cultura Marítima sna seachtóidí go raibh bunús Ollannach leis an mbád ach ní mórán cruthú a thug sé. Ceaptar go dtáinig an Bád Mór chun cinn ag deireadh an ochtú céad déag. Tá sé seo bunaithe ar sheanchas agus ar scríbhinní James Hardiman. Ag scríobh dó in 1820 dúirt sé go raibh báid an Chladaigh i nGaillimh an-bheag roimh 1790 ach ón uair sin amach bhí báid a d'iompródh idir 8 go 14 tonna acu. Chosain siad idir £40 go £50 le déanamh. Bhí difríochtaí idir an bád seo agus báid eile dá mhéid, go háirithe sa tumble-home mór, agus ráca mór, suas go 45' ar an bposta. Tá na báid mhóra anois idir 37 troigh agus 42 troigh ar fhad. Úsáideadh clocha mar bhallasta agus is anuas orthu seo a cuireadh an mhóin nó pé earra eile a bhí le hiompar. Bhíodh deic ón gcrann amach agus is ansin a chodlaíodh an bheirt a bhíodh ag obair an bháid. Bhíodh áit réitithe le tine oscailte, déanta de leac nó cement faoin deic freisin. Tá an nós seo fós dá choinneáil suas ag Johnny Bailey sa gCapall. -
Beartla Breathnach as Scríb, Camus Ba as Scríb, Beartla Breathnach, nó Beartla Pheter Jainín mar a b'fhearr aithne air. Bhí sé pósta le Nain Mháire Bhán agus bhí deichniúr clainne acu. Ba fear é Beartla a raibh cáil bainte amach aige mar lúth-chleasaí. Is ag caitheamh meáchain is mó a bhí cáil air ach bhí craobh na hÉireann bainte amach aige leis an Javelin, Discus chomh maith leis an sé phunt déag agus an leathchéad. Thug sé leis Craobh na hÉireann sna ceithre comórtais seo in aon lá amháin i gCorcaigh. B'iontach an gaisce é agus b'iontach an onóir do Chamus é an bua seo. Chomh maith leo seo bhíodh sé ag caitheamh an Hammer, an leathchéad thar an trasnán, léim ard, léim fhada agus ag rith nuair a bhí sé níos óige agus ba snámhóir maith é freisin. -
Agallamh le Mícheál Ó Móráin Chaith Micheál Ó Móráin 17 mbliain ar Chomhairle Chondae na Gaillimhe mar chomhairleoir de chuid Fhianna Fáil do thoghcheantar Chonamara. Níor sheas sé sa toghchán deireanach don Chomhairle Chontae. San agallamh seo le Peigí Ní Chonghaile, léiríonn sé a intinn ar go leor ceisteanna móra. -
An Béaloideas agus an Pobal Tá Gaeltacht na Gaillimhe ar cheann de na ceantair is tréine inar bailíodh béaloideas, rud a thugann le fios go raibh saibhreas thar an ngnáth ag baint leis an oidhreacht thraidisiúnta sa taobh seo tíre. Le céad bliain anois sa cheantar, tá spéis gníomhach á chur san ábhar agus taifeadadh á dhéanamh air. I nóchaidí na haoise seo caite rinne beirt eachtrannach a gcion féin den obair seo, mar atá, Jeremiah Curtin, Meiriceánach, a thóg scéalta i gCill Chiaráin go háirithe, agus Holger Pedersen a bhailigh seanchas in lnis Mór, Árainn. Ní eachtrannaigh amháin, a bhí gafa leis an obair seo, áfach, agus táimid faoi chomaoin mhór ag daoine mar John Millington Synge, William Larminie, James Berry, Peadar Ó Direáin, Seán Mhac Giollarnáth, Séamus Mac an lomaire, Peadar Neilí Ó Domhnaill agus Seán Ó Conghaola as an léiriú cumasach ar ghnéithe éagsúla den saol traidisiúnta atá curtha ar fáil acu dúinn ina gcuid scríbhinní. -
Raidió na Gaeltachta : Saor-Raidió Chonamara Tá aithne agam ar fhear áirid a bhíodh ag dearbhú go síoraí dom i dtús na bliana 1969 nach raibh i gcaint faoi raidió Gaeltachta a bhunú ach caint gan chéill agus gurb éard a bhí le déanamh ó cheart feabhas a chur ar líon na gcláracha Gaeilge ar Raidió Éireann. An fear céanna inniu shílfeá gurb é féin go pearsanta a chuir stiúideo Chasla le chéile, ó bhloc go bloc agus ó bholta go bolta, leis an gcaoi a mbíonn sé ag cur síos ar an leas atá déanta ag an tseirbhís Ghaeltachta ó lá a bunaithe. Cén bhrí dá mbeadh sé sásta a admháil gur athrú intinne a tháinig air - rud a d'fhéadfadh tarlú do dhuine nádúrtha ar bith. Ach ní bheadh ná go deo. Cloisfidh tú daoine eile ag rá go raibh stáisiún na Gaeltachta i gceann Éamoin de Valera na blianta fada ó shin - nó ina chroí b'fhéidir, os isteach ina chroí a bhíodh air breathnú uair ar bith a mbíodh beart nua tábhachtach éigin á chur ina shuí aige. Ach más ina cheann nó ina chroí a bhí sé ní dheachaigh sé níos faide. -
’I'll Never Go Back Now!’ Tá fiche bliain de mo shaol caite agam sa i nGaeltacht Chonamara agus Árainn, agus tá súil agam cibé saol atá i ndán dom a chaitheamh inti freisin. Cé go mbíonn ar shagairt dul san áit a gcuirtear iad, tuigeann formhór na n-easpag anois nach maith do shagart ná don phobal duine a bheith san áit nach dtaitníonn leis. Tá an rogha tugtha domsa ag m'Ardeaspag an Ghaeltacht a fhágáil, má thograím. Ach tá a fhios ag an Dr. Seosamh Ó Caiside gurb í an Ghaeltacht mo rogha. Tuige? Ceist mhaith. Ceist nach bhfuil mé in ann í a fhreagairt go héasca. Baineann sé le spiorad a bhraithim sna daoine. Baineann sé le hÉireannachas, cé nach ndéarfainn ag an am céanna gur lú mar Éireannaigh mo mhuintir i Maigh Eo nach bhfuil aon Ghaeilge acu, nó gur lú mar Éireannaigh iad Aondachtóirí an Tuaiscirt. Ach is sa Ghaeltacht a fhaighim an tÉireannach is mian liomsa mé féin a bheith. Baineann sé seo, feictear dom, leis an spiorad dochloíte nár mharaigh drochthalamh, bochtanas, coilíneacht, Béarla, imirce, piúratánachas, polaitíocht na bpáirtithe, turasóireacht an Chomhphobail Eorpaigh. Mhair, maireann agus mairfidh an Ghaeltacht tríd seo ar fad, ach misneach a choinneáil. -
Todhchaí na Gaeltachta: Tuar agus Tairngreacht Le tamall anuas níl áireamh ar na leabhair, na h-ailt is na tuarascálacha arbh í a dteachtaireacht chomónta go bhfuil an Ghaeilge ag cúlú agus ag meathlú chomh tréan, tapaidh sin sna ceantair Gaeltachta nach féidir a rá le siúráil go bhfuil níos mó ná glúin nó dhó eile fágtha ag fiú na Gaeltachtaí is láidre mar Ghaeltachtaí (sé sin, mar phobail a labhrann an Ghaeilge mar ghnáth-theanga le cur síos a dhéanamh ar chúrsaí an tsaoil - idir shaol príobháideach agus shaol poiblí). -
Eagarfhocal na hIrise Ní thuigimid luach ruda go mbíonn orainn scaradh leis nó go bhfeicimid é ag feo os ár gcomhair. Nuair a bhí timpeallacht ghlan shláintiúil againn, níor smaoinigh mórán againn ar a tábhacht. Mar gheall ar truailliú agus baol a scriosta, tá ceist na timpeallachta ar an gcloch is mó ar phaidrín go leor polaiteoirí. Scór bliain ó shoin, ní mórán cainte a dhéantaí ar cheist na teanga anseo i gConamara. Bhíodh ábhar cainte i bhfad níos spéisiúla ann agus ní raibh aon chosúlacht ar an scéal go raibh aon baol ann don Ghaeilge i gcroílár Chonamara. Ach is ceist mhór anois í, an mairfidh an Ghaeilge mar theanga phobail anseo i nDeisceart Chonamara. Níl aon mhaith dallamullóg a chur orainn féin. Tá an Ghaeilge ag dul i léig sa phobal seo agus is cás linn é sin.
301–314 de 314