Bhí Iris an Phléaráca – a foilsíodh gach bliain idir 1991 agus 2014 – mar chuid lárnach d’Fhéile an Phléaráca. Is san Iris a bhí clár na Féile, cur síos ar imeachtaí na Féile, grianghraif, fógraí agus nuacht. Tugadh deis don dream óg ceird na scríbhneoireachta – idir fhilíocht agus ghearrscéalta – a chleachtadh, agus foilsíodh scéalta agus dánta nuachumtha sna hIrisí. Tá ailt spéisiúla iontu faoi chultúr, faoi stair, agus faoi shaol an phobail i gConamara agus in Árainn. Chuir lucht acadúil, polaiteoirí, scríbhneoirí, taighdeoirí agus saineolaithe eile peann le pár faoi théamaí ilghnéitheacha; i measc na dtéamaí sin tá: na báid agus an bhádóireacht, an béaloideas agus nósanna na ndaoine, stair agus polaitíocht an cheantair agus, dar ndóigh, an Ghaeilge agus saol na Gaeilge. Tá na hIrisí seo go léir digitithe agus iad ar fáil sa mBailiúchán seo.
Bhí Iris an Phléaráca – a foilsíodh gach bliain idir 1991 agus 2014 – mar chuid lárnach d’Fhéile an Phléaráca. Tá ailt spéisiúla sna hIrisí faoi chultúr, faoi stair, agus faoi shaol an phobail i gConamara agus in Árainn. Chuir lucht acadúil, polaiteoirí, scríbhneoirí, taighdeoirí agus saineolaithe eile peann le pár faoi théamaí ilghnéitheacha; i measc na dtéamaí sin tá: na báid agus an bhádóireacht, an béaloideas agus nósanna na ndaoine, stair agus polaitíocht an cheantair agus, dar ndóigh, an Ghaeilge agus saol na Gaeilge. Tá leaganacha scanta de na hailt sin go léir cruinnithe sa mbailiúchán seo.
Bhí páirt mhór ag an ngrianghrafadóir Bob Quinn i bhFéilte an Phléaráca ó cuireadh tús leo. Ba mhinic leis grianghraif d’imeachtaí an Phléaráca a ghlacadh – idir dhrámaí, pharáidí, cheolchoirmeacha agus ócáidí eile - agus is cartlann ar leith atá sa mbailiúchán grianghraf seo. Is taifead suntasach iad an grianghraif seo ar ealaíontóirí Ghaeltacht Chonamara agus iad i mbun a gceirde, agus ar phobal na Gaeltachta agus iad i mbun siamsaíochta.
Bhí páirt mhór ag an ngrianghrafadóir Aodán Ó Conchúir i bhFéilte an Phléaráca ó cuireadh tús leo. Ba mhinic leis grianghraif d’imeachtaí an Phléaráca a ghlacadh – idir dhrámaí, pharáidí, cheolchoirmeacha agus ócáidí eile - agus is cartlann ar leith atá sa mbailiúchán grianghraf seo. Is taifead suntasach iad an grianghraif seo ar ealaíontóirí Ghaeltacht Chonamara agus iad i mbun a gceirde, agus ar phobal na Gaeltachta agus iad i mbun siamsaíochta.
Cuimsíonn an bailiúchán seo leaganacha digiteacha de chuid de na mílte grianghraf atá i gCartlann an Phléaráca. Bhí páirt mhór ag an ngrianghrafadóir Bob Quinn i bhFéilte an Phléaráca ó cuireadh tús leo. Ba mhinic leis grianghraif d’imeachtaí an Phléaráca a ghlacadh – idir dhrámaí, pharáidí, cheolchoirmeacha agus ócáidí eile - agus is cartlann ar leith atá sa mbailiúchán grianghraf seo. Is taifead suntasach iad na grianghraif d’ealaíontóirí Ghaeltacht Chonamara agus iad i mbun a gceirde, agus de phobal na Gaeltachta agus iad i mbun siamsaíochta. Tá na mílte grianghraf de na turais allamuigh, na taispeántais ealaíona, na ceardlanna agus na drámaí le fáil sa gCartlann chomh maith. Is stór luachmhar iad na grianghraif seo de phearsanra an Phléaráca, agus de phearsanra na Gaeltachta, agus iad i mbun oibre.