An Béaloideas agus an Pobal

Item

Teideal
An Béaloideas agus an Pobal
Cur Síos
Tá Gaeltacht na Gaillimhe ar cheann de na ceantair is tréine inar bailíodh béaloideas, rud a thugann le fios go raibh saibhreas thar an ngnáth ag baint leis an oidhreacht thraidisiúnta sa taobh seo tíre. Le céad bliain anois sa cheantar, tá spéis gníomhach á chur san ábhar agus taifeadadh á dhéanamh air. I nóchaidí na haoise seo caite rinne beirt eachtrannach a gcion féin den obair seo, mar atá, Jeremiah Curtin, Meiriceánach, a thóg scéalta i gCill Chiaráin go háirithe, agus Holger Pedersen a bhailigh seanchas in lnis Mór, Árainn. Ní eachtrannaigh amháin, a bhí gafa leis an obair seo, áfach, agus táimid faoi chomaoin mhór ag daoine mar John Millington Synge, William Larminie, James Berry, Peadar Ó Direáin, Seán Mhac Giollarnáth, Séamus Mac an lomaire, Peadar Neilí Ó Domhnaill agus Seán Ó Conghaola as an léiriú cumasach ar ghnéithe éagsúla den saol traidisiúnta atá curtha ar fáil acu dúinn ina gcuid scríbhinní.
Údar
Pádraig Ó hÉalaí
Ábhar na hIrise
Béaloideas
Béaloideas
Bliain
1991
Aitheantóir
PL1991A05
Réimse Tíreolaíochta
Árainn
Cineál Míre
Téacs
Teanga
ga
Foinse
Cartlann an Phléaráca, faoi chúram Ollscoil na hÉireann Gaillimh
Cearta
© Pléaráca. Gach Ceart ar Cosaint.
Fad
2300