Cuireadh tús le himeachtaí an chláir litríochta Mí Mheán Fómhair seo caite. Seo clár a mbíonn ceardlanna litríochta agus drámaíochta ar siúl i rith am scoile agus taobh amuigh d' am scoile. Cuireann an clár réimse leathan imeachtaí ar fáil.
Tharla dhá chrith talún i Christchurch na Nua Shéalainne i 2010 agus 2011. Bhí Meta Uí Mháille ar cuairt ar an gcathair mí Eanáir seo caite agus tá cur síos anseo aici ar an scrios a déanadh san áit.
Seo é an 24ú eagrán d'iris Pléaráca, agus mar sin an 24ú bliain ag Féile Phléaráca Chonamara. Nuair a cuireadh tús leis an bhFéile in 1991, tharla sé de bharr tuarascáil a réitigh Breandán Ó hEithir do Bhord na Gaeilge a dúirt go mbeadh an Ghaeilge ag saothrú an bháis agus go mbeadh deireadh léi mar theanga taobh istigh de dheich mbliana. Níor aontaigh chuile dhuine leis an chaint éadóchasach sin agus tháinig grúpa le chéile chun a mhalairt a thaispeáint. Reáchtáladh an chéad Féile Phléaráca Chonamara mar cheiliúradh, ag cruthú go raibh teanga agus cultúr Ghaeltacht Chonamara beo beathaíoch. Tá a fhios againn anois cé bhí ceart faoi thodhchaí na Gaeilge agus é le cois scór bliana ó tuaradh bás na teanga. Ní chiallaíonn sin áfach, go bhfuil an Ghaeilge gan dushláin. Tuigtear go bhfuil todhchaí na Gaeilge mar theanga bheo idir dhá cheann na meá. Tuigtear go bhfuil gá fós do mhuintir na Gaeltachta a bheith gníomhach ó thaobh cothú agus cur chun cinn na Gaeilge. I mbliana chonaiceamar spiorad gníomhaíochas pobal na Gaeilge á mhúscailt arís le Lá Mór na Gaeilge agus an feachtas Dearg le Fearg a tharraing pobal na Gaeilge as chuile cheard den tír amach ar na sráideanna ag éileamh cothrom na féinne don teanga.
Tá taispeántas nua grianghraf le Bob Quinn Muintir an Bhaile á sheoladh mar chuid d'Fhéile Pléaráca Chonamara 2014. Chuaigh Peigí Ní Chonghaile chun cainte leis.
Bhíodh trádáil mhór idir Conamara agus Árainn, chomh maith le Cinn Mhara agus Co. an Chláir riamh sa saol. Bhíodh báid as Ros an Mhíl ag tarraingt sna háiteacha sin freisin ar ndóigh. Is iomaí cineál aimsire a chonaic na bádóirí agus is iomaí gábh a raibh siad ann. Sa mbliain 1930 tharla timpiste do dhá bhád agus iad ar a mbealach go Cinn Mhara le lucht móna, ceann as Ros an Mhíl agus ceann eile as an gCeathrú Rua. An Mounte an t-ainm a bhí ar bhád na Ceathrún Rua agus ba iad Páraic Ó Súilleabháin agus Seán Mac Donncha a bhí ar an stiúir uirthi. An Colmcille a bhí ar bhád Ros an Mhíl, bád le Pat Seoige as an mBaile Láir. Ba é mac Phat, Cóil, agus Peadar Mac an Iomaire (Peadar Thomáisín) a bhí á stiúradh lá na timpiste.
Máire Bean Uí Chonaola, thugtaí Mary Ivy uirthi. Ach i Ros Muc Mary Kelly a thug mórán chuile dhuine uirthi, a h-ainm roimh pósadh. Bhí aithne aici ar an saol mór agus ag an saol mór uirthi. Ba chuma cén áit a mbeadh sí chas daoine uirthi a d'fhan ar lóistín aici nó scoláirí a bhíodh ag freastal ar na coláistí Gaeilge, daoine a casadh uirthi agus ar chuir sí aithne orthu ag imeachtaí, feachtais, cruinnithe agus ócáidí a mbíodh baint aici leo. Ba chuma cén t-achar blianta ó chonaic sí iad d'athníodh sí iad agus bhí a n-ainm aici ar an bpointe. Bhí cuimhne iontach aici. Bean í a raibh tuairimí láidir aici agus nach raibh faitíos uirthi tabhairt faoi rud ar bith. Ní raibh an saol éasca aici i gcónaí, ach níor lig sí don saol ná do rud ar bith an ceann is fearr a fháil uirthi. Cé go raibh aois mhaith aici ní cheapfá sin. B'fhéidir go raibh na blianta aici ach níor chuir siad aois uirthi, bhí sí luath aclaí agus bhí croí óg aici. D'athraigh sí leis an saol. Bhain sí úsáid agus sásamh as na deiseanna a tháinig leis an athrú mór a tháinig ar an saol. Bean fhaiseanta a bhíodh gléasta go breá i gcónaí ab ea í. Ba bhreá léi taisteal agus rinne sí cuid mhaith de sin i rith a saoil. Cé gur bean í a bhí an-dáiríre ina dearcadh, bhí sí spraoiúil géimiúil freisin. Ba bhreá léi ceol is amhráin agus imeachtaí sóisialta. Cé gur fhág sí Camus agus í ina bean óg bhí a croí i gcónaí ann agus ní raibh amhrán ar bith ab fhearr léi ná amhrán Chamuis.
Bhí baile Wittenoom suite in iargúltacht iarthuairsceart na hAstráile. Baile álainn a bhí ann. Bhí 20,000 duine ag cónaí is ag obair ann nuair a bhí an mianach aispeiste ansin faoi lán tseoil siar sna caogaidí is tús sheascaidí an chéid seo caite. Ach, bhí tionchar tromchúiseach ag an mianach úd ar na daoine ansin. Bhí os cionn míle acu básaithe cheana féin i ndeireadh na seascaidí de bharr ailse, agus neart eile ag fulaingt leis an ngalar ag an am. Cé mhéid duine atá básaithe ó shin? Tá an baile sin tréigthe anois, le fógraí móra thimpeall ag ordú: 'fan amach.' Níl an baile ar aon leárscáil níos mó. Chónaigh mé sa mbaile sin tráth, agus seo dán a chum mé faoi.
Is baile fearainn beag atá i Ros an Mhíl atá suite timpeall trí mhíle fichead siar ó chathair na Gaillimhe ar bhóthar an Rí. Tá sé suite i gceartlár na Gaeltachta agus is í an Ghaeilge teanga an phobail. Leithinis nó gob is ciall le 'Ros' agus meastar go dtagann 'an Mhíl’ ó mhíol mór a tháinig i dtír ar an leithinis fadó.
Más ag tógáil do chlann le Gaeilge atá tú, tuigfidh tú na dúshláin a bhaineann leis. Is mionlach muid, fiú sa nGaeltacht. Fiú mura tuismitheoir tú nó má tá do chlann tógtha agat, tuigfidh tú go bhfuil géarchéim teanga sa nGaeltacht faoi láthair. Ní maith linn an méid seo a admháil ach tá an fhírinne searbh agus caithfear dul i ngleic leis an bhfadhb.
‘Ach cá bhfuil Tigh Pheadair Mhóir mar sin?’ - ceist a chuirtear go minic orm nuair a luaitear na hoícheantaí áirneáin a bhíonn ar siúl i gcaitheamh na bliana sa teach ósta ceann tuí sin ar an mBánrainn. ‘Siar díreach ó chrosbhothair na Tulaí agus feicfidh sibh teach ceann tuí ar thaobh na láimhe deise’. ‘Ach nach shin Tigh Pheadair Dick?’ 'Tigh Pheadair Mhóir', ''Tigh Pheadair Dick', nó 'Teach Ósta Uí Chualáin' mar atá scríofa ar fhógra ag an gcrosbhóthar is cuma céard a ghlaonn tú air is é an teach breá céanna é, ceann de na tithe ósta is tarraingtí i gConamara nó in Éirinn fiú.
Scannánadóir a bhfuil cónaí air i gConamara ó 1970. Chaith sé a phost buan le RTÉ in aer i 1969, tá sé anois ceapaithe ar Údarás RTÉ. San agallamh seo le Bríd Ní Chartúir nochtann Bob Quinn a chuid smaointe ar RTÉ, ar Chonamara agus ar TnaG.
Níos luaithe i mbliana d'fhoilsigh Cósta Chonamara sraith leabhráin a thugann cuntas ar shiúlóidí éagsúla sa gceantar. Sa sliocht seo thíos déantar cur síos ar ghnéithe áithride de stair Ros a’ Mhíl a bhfuil iarsmaí de le feiceáil againn i gcónaí.
Chuireamar fáilte roimh mhuintir Nis, nó Leodhais, ar ais go Conamara an Deireadh Fómhair seo caite. Téann an nasc seo idir Pléaráca agus muintir Leodhais siar go dtí 1999, nuair a tháinig grúpa go Conamara don chéad uair, mar chuid d'Fhéile Phléaráca Chonamara. Is é Leodhais an t-oileán is faide ó thuaidh de na 'Outer Hebrides' agus tá Nis suite ar an gcuid is faide ó thuaidh den oileán, áit a labhraítear an Ghaedhlic go flúirseach.
Josie Sheáin Jeaic Mac Donncha. Ó Bhosca #38, Fillteán 03. Archiva Conamara. Thóg Bob Quinn an grianghraf seo, atá mar chuid de Chartlann an Phléaráca.
Duirling, ceann de na grúpaí atá le cloisteáil ar an dlúthcheirnín "Gaelcheol Tíre Phléaráca Chonamara" agus iad ag casadh ag an gcoirmcheol mór le linn Pléaráca Chonamara. Ó Bhosca #38, Fillteán 03.
Áine Ní Dhubháin ag damhsa ar an sean-nós agus Johnny Connolly ag ceol. Ó Bhosca #38, Fillteán 03. Archiva Conamara. Thóg Bob Quinn an grianghraf seo, atá mar chuid de Chartlann an Phléaráca.
Josie Ó Ceannabháin ar an mbosca, Colm Ó Méalóid, fear an tí, Risteárd Mac Aodh, Patricia Ní Gharbhí ag damhsa ar an sean-nós, Tigh Sé. Ó Bhosca #38, Fillteán 03.
Seán Monaghan (An Máimín Cajun Band) ag casadh ag Pléaráca Chonamara. Beidh sé ag casadh i Halla Ros a'Mhíl ar an Domhnach 22 Meán Fómhair, le haghaidh "Damhsa an Dreoilín". Ó Bhosca #38, Fillteán 03.
Ned Ó Flatharta, Ros Muc, ag fáil bualadh bos mór ón slua mór ag féile cheoil sa Bhreatain Bheag, théis dó céapar damhsa a dhéanamh. Ó Bhosca #38, Fillteán 03.