Cruinníodh ualach mór d’ábhar cartlainne le linn na 24 bliain a reáchtáladh Féile an Phléaráca. Bronnadh an Chartlann seo ar Ollscoil na hÉireann, Gaillimh in 2016 agus tá sé anois faoi chúram Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, in Ionad an Acadaimh i Roisín an Mainiach, Carna. Tá os cionn 40 bosca d’ábhar luachmhar agus ilchineálach sa gcartlann. Tá cuid den ábhar seo digitithe anois agus fáil ag an bpobal air anseo.





