Brabhsáil Míreanna (99 iomlán)

  • Bailiúchán: Glórtha na Réabhlóide: Míreanna Fuaime

Súil Siar ar Éirí Amach na Cásca 1916 (06/04/1972)

Tá Gearóid Ó Tuathaigh ag caitheamh súil siar ar roinnt d’imeachtaí Éirí Amach na Cásca 1916 sa chlár seo. Déantar trácht ar chúiseanna agus ar…

Séamas Ó Riain as Baile na Cille (06/11/1983)

Sa mhír seo, tá Seán Bán Breathnach i mbun comhrá le Séamas Ó Riain as Baile na Cille, in aice le Baile Locha Riach, Co, na Gaillimhe. Rugadh i 1913 é agus bhí sé ar an mbunscoil…

Roibard Mac Góráin ag trácht ar Phádraig Mac Piarais (18/12/1979)

Is léacht é seo a thugann Roibard Mac Góráin faoi Phádraig Mac Piarais (1879-1916). Pléitear an Piarsach mar oide, mar scríbhneoir agus mar pholaiteoir. Déantar anailís freisin ar…

Proinsias Mac an Bheatha ag trácht ar Nora Connolly-O’Brien (23/06/1981)

San eagrán seo den tsraith chlár Tráthnóna Inniu déanann an t-údar, Proinsias Mac an Bheatha, cur síos ar Nora Connolly-O’Brien, iníon le Séamas Ó Conghaile, a…

Peadar Ó Cearnaigh (12/12/1986)

Craoladh an mhír fuaime seo cothrom an lae 103 bliain ó rugadh Peadar Kearney in 1883. Baile Átha Cliathach a bhí ann, agus fuair sé a chuid oideachais ó na Bráithre Críostaí i Marino.…

Pádraig Ó Snodaigh ag trácht ar Chonradh na Gaeilge (08/04/1993)

Mar chomóradh 100 bliain ar bhunú Chonradh na Gaeilge (ar 31/07/1893), tabharfaidh Pádraig Ó Snodaigh, údar agus gníomhaí teanga, léacht in Óstán Russel Court ar Shráid…

Nollaig Ó Gadhra ag trácht ar an Athair Ó Gríofa (19/06/1986)

Tugann Nollaig Ó Gadhra tuairisc faoin Athair Ó Gríofa, a maraíodh i mBearna, Co. na Gaillimhe, i mí na Samhna, 1920. Bhí sé ar dhuine den bheagán sagart a maraíodh i gCogadh na Saoirse.…

Niall Pluincéad Ó Baoighill #1 (09/12/1994)

Déanann Pádraig Ó Baoighill as Rann na Feirste agus Co. Mhuineacháin cur síos ar a shaothar Óglach na Rosann - Niall Pluincéad Ó Baoighill atá le seoladh anocht (09/12/1994). Sa leabhar seo cuirtear síos ar Niall Pluincéad Ó Baoighill…

Niall Pluincéad Ó Baoighill #2 (18/07/1996)

Tá an dara heagrán den leabhar Óglach na Rosann - Niall Pluincéad Uí Baoighill foilsithe agus labhraíonn an t-údar Pádraig Ó Baoighill le Séamus Mac Géidigh. Deir an…

Niall Mac Fhionnghaile ag trácht ar an gCogadh Mór (11/11/1993)

Craoladh an clár seo 75 bliain ó tháinig deireadh leis an gCéad Chogadh Domhanda. Cuireann Timlín Ó Cearnaigh agallamh ar Cháit Nic Giolla Bhríde agus ar Niall Mac Fhionnghaile. Is staraí…