Biseach ar sheirbhísí stáit trí Ghaeilge

Dublin Core

Teideal

Biseach ar sheirbhísí stáit trí Ghaeilge

Ábhar

Forbairt Phobail

Cur Síos

Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Biseach ainm na hirise seo: tráthúil go maith. Is léir gur biseach atá beartaithe freisin ar an tseirbhís a chuireann an státchóras ar fáil trí Ghaeilge do phobal na tíre seo – muintir an cheantair seo san áireamh. Ní gá do dhuine a bheith ina shaineolaí leighis lena thuiscint gur annamh a thagann biseach thar oíche agus go minic, gur próiseas mall go leor a bhíonn i gceist, céim ar chéim, de réir a chéile. Sin an straitéis – dul chun cinn leanúnach – atá mar chroílár ag plean an stáit; deiseanna breise a chruthú don teanga i saol poiblí na tíre le níos mó seirbhísí a chur ar fáil trí Ghaeilge, agus na seirbhísí sin a bheith ar chaighdeán níos airde.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Seán Ó Cuirreáin

Foinse

Bailiúchán Biseach

Dáta

2005

Cearta

© Cumann Forbartha Chois Fharraige

Teanga

ga

Cineál

Téacs

Aitheantóir

BI2005A10

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/e8f017eb910556c7537ba59e4fe447f9.pdf

Clibeanna

Tagairt

Seán Ó Cuirreáin, “Biseach ar sheirbhísí stáit trí Ghaeilge,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 26 Aibreán 2024, https://cartlann.ie/items/show/2150.