Pastime Chonamara

Dublin Core

Teideal

Pastime Chonamara

Ábhar

Caithimh Aimsire

Cur Síos

Alt ó 'Biseach 2005', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Arís i mbliana tá réimse leathan ranganna caitheamh aimsire tosaithe ag Pastime Chonamara. Bíonn siad ar siúl ceithre oíche sa tseachtain ar fud Chonamara. Is le cabhair ó Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe agus Údarás na Gaeltachta a reáchtáiltear na himeachtaí seo. I mí Meitheamh seo caite bhronn an tAire Gnóthaí Pobail Tuaithe agus Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, T.D. agus Fionnuala Ní Fhlatharta (‘Berni’ i Ros na Rún) teastais ar seachtó duine a d’fhreastail ar chúrsaí Pastime Chonamara. Tá sé i gceist ag an eagraíocht i mbliana leathnú amach go dtí contaetha na Mí agus Mhaigh Eo. Is féidir tuilleadh eolais a fháil faoi na himeachtaí a bhíonn ar siúl ag Pastime Chonamara ach glaoch ar 091-593311.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Coiste Eagarthóireachta Biseach

Foinse

Bailiúchán Biseach

Dáta

2005

Cearta

© Cumann Forbartha Chois Fharraige

Teanga

ga

Cineál

Téacs

Aitheantóir

BI2005A11

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/10fc279bf46fb08eae929be7f4af7b27.pdf

Clibeanna

Tagairt

Coiste Eagarthóireachta Biseach, “Pastime Chonamara,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 20 Aibreán 2024, https://cartlann.ie/items/show/2151.