Ruairí Ó Flaitheartaigh, Ardfhear Léinn Iar-Chonnacht

Dublin Core

Teideal

Ruairí Ó Flaitheartaigh, Ardfhear Léinn Iar-Chonnacht

Ábhar

Stair

Cur Síos

Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Scoláire cumasach a tharraing cáil ar a cheantar dúchais, Iar-Chonnacht, mar gheall ar a shaothar léinn ab ea Ruairí mac Aodha Uí Fhlaitheartaigh. Rugadh Ruairí i Maigh Cuillinn – i gcaisleán a athar is dócha – sa bhliain 1629. Cailleadh a athair in 1631 nuair a bhí Ruairí fós ina leanbh. Phós a mháthair, Eilís Ní Dhorchaí, an dara huair; ba é Seán Mac Fheorais (John Bermingham), deartháir le barún Bhaile Átha an Rí, an dara fear céile aici. Deirtear gur cailleadh Eilís sa bhliain 1636, ach tá fianaise áirithe ann gur botún cló é ‘1636’, agus gurb é ‘1666’ an dáta ceart. Chaill Ruairí cuid mhór de thailte a shinsear in Iar-Chonnacht sa choigistiú a lean Cogadh Chromail sna 1650í, agus chaith sé na blianta fada ina dhiaidh sin ag iarraidh, trí mheán an dlí ghallda, na tailte sin a fháil ar ais, ach is beag rath a bhí ar na hiarrachtaí céanna.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Nollaig Ó Muiríle

Foinse

Bailiúchán Biseach

Dáta

2018

Cearta

© Cumann Forbartha Chois Fharraige

Teanga

ga

Cineál

Téacs

Aitheantóir

BI2018A06

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/1d962753fd8616af22882fc79be45fe4.pdf

Clibeanna

Tagairt

Nollaig Ó Muiríle, “Ruairí Ó Flaitheartaigh, Ardfhear Léinn Iar-Chonnacht,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 16 Aibreán 2024, https://cartlann.ie/items/show/2389.