Ruaidhrí Ó Flaitheartaigh agus Ceantar an Spidéil

Dublin Core

Teideal

Ruaidhrí Ó Flaitheartaigh agus Ceantar an Spidéil

Ábhar

Stair

Cur Síos

Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Ba mhór le rá é Ruaidhrí Ó Flaitheartaigh i gcaint agus i gcomhrá na ndaoine i gceantair an Spidéil. Nuair a thagadh comhluadar le chéile ar cuairt thart timpeall an teaghlaigh san am a caitheadh bhíodh Flaitheartach na Páirce go mór faoi chaibidil acu. Ba údar iontais agus mórtais dhíobh go raibh an scoláire mór seo ina chónaí ina measc agus is iomaí insint a bhí ar na tréithe léinn agus oideachais a bhain leis. Ba díobh féin é, de shliocht uasal Gaelach a raibh flaitheas acu ar an taobh seo tíre san am a caitheadh. Cosúil leo féin, díshealbhaíodh é óna thalamh dhúchais chun cur faoi sa stráice achrannach seo in aice na farraige. Nárbh é an Flaitheartach a bhaist an taobh tíre seo den chéad uair i Laidin nuair a thug sé mar seoladh “Armorica Galviensi” nó Cois Fharraige na Gaillimhe.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Seán Ó Neachtain

Foinse

Bailiúchán Biseach

Dáta

2018

Cearta

© Cumann Forbartha Chois Fharraige

Teanga

ga

Cineál

Téacs

Aitheantóir

BI2018A07

Clúdach Tíreolaíoch

An Spidéal

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/f0a5edadf562776be9b5618e7c9538f9.pdf

Clibeanna

Tagairt

Seán Ó Neachtain, “Ruaidhrí Ó Flaitheartaigh agus Ceantar an Spidéil,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 25 Aibreán 2024, https://cartlann.ie/items/show/2390.