An Gorta Mór i gCois Fharraige

Dublin Core

Teideal

An Gorta Mór i gCois Fharraige

Ábhar

Stair

Cur Síos

Alt ó 'Biseach 2018', iris Chumann Forbartha Chois Fharraige. Dar le daonáireamh na bliana 1841, 11,278 duine a bhí ina gcónaí i bparóiste sibhialta Chill Aithnín ina bhfuil Cois Fharraige suite (2,000 teaghlach – díobh sin bhí 1,710 ag plé le talmhaíocht). Den mhéid sin, bhí léamh agus scríobh ag 593 duine; léamh amháin ag 264 duine, agus bhí 8,763 nach raibh léamh ná scríobh acu. Áiríodh 1,920 teach sa bparóiste sibhialta. Díobh sin, bhain trí cinn leis an gcéad ghrád; 27 leis an tríú grád; 872 leis an tríú grád; 1,018 teach a bhí sa gceathrú grád. Níorbh ann don chúigiú grád. Mar sin, sa gcuid seo den tír, is féidir a rá go raibh an pobal beo bocht, ag plé le talmhaíocht amháin, agus gan léamh ná scríobh acu – dream a bhí ag brath ar an mbarr sin a bhí éirithe chomh forleathan sin le céad bliain anuas, agus a mba chúis, cuid mhaith, le fás mór sa daonra ó trí mhilliún i 1750 go dtí ocht milliún in 1841. Agus, ar ndóigh, dá fhaide síos an dréimire dá raibh duine, ba mhó an seans go raibh siad i dtuilleamaí fataí amháin mar phríomhchothú bia. Agus dá gclisfeadh ar na fataí, mar sin, iadsan ba mhó a bheadh thíos leis. Tháinig an tuar faoin tairngreacht.

Léiritheoir/Cruthaitheoir

Lochlainn Ó Tuairisg

Foinse

Bailiúchán Biseach

Dáta

2018

Cearta

© Cumann Forbartha Chois Fharraige

Teanga

ga

Cineál

Téacs

Aitheantóir

BI2018A08

Clúdach Tíreolaíoch

Cois Fharraige

Comhaid

https://www.cartlann.ie/files/original/31fc5c53ed7ef1c2c4eb9e97a554f25b.pdf

Clibeanna

Tagairt

Lochlainn Ó Tuairisg, “An Gorta Mór i gCois Fharraige,” Cartlann Ghaeltacht Chonamara, accessed 16 Aibreán 2024, https://cartlann.ie/items/show/2391.