Seán Mac Giollarnáth ar RTÉ Raidió na Gaeltachta

Cur Síos

Tarraingíonn Saothar Mhic Giollarnáth ar an Raidió riar clár le chéile ó chartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta faoi shaol agus faoi shaothar Sheáin Mhic Giollarnáth (1880-1970). Béaloideasóir agus scríbhneoir ba ea é Seán Mac Giollarnáth (1880-1970). Chuir sé bailiúchán iomráiteach lámhscríbhinní le chéile, ábhar béaloidis a fhormhór, nuair a bhí sé ag obair mar bhreitheamh cúirte dúiche i gConamara (1925-1950). Tá na bunlámhscríbhinní lonnaithe in Ionad an Acadaimh, Carna. D’fhoilsigh sé cuid den ábhar seo i leabhair ar nós Peadar Chois Fhairrge (1934), Loinnir Mac Leabhair agus Sgéalta Gaisgidh Eile (1936) agus Annála Beaga ó Iorrus Aithneach (1941). Craoladh sleachta óna chuid saothar, lena n-áirítear Annála Beaga ó Iorrus Aithneach á léamh ag Liam Mac Con Iomaire (1986-87) agus Tír na nDall (aistriúchán de The Country of the Blind le H.G. Wells) á léamh ag Peadar Lamb, ar RTÉ Raidió na Gaeltachta. Tá na míreanna fuaime sin mar chuid den bhailiúchán seo.

Míreanna sa mBailiúchán

RTÉ Raidió na Gaeltachta, Casla.

Is mír fuaime í seo ó Saothar Mhic Giollarnáth ar an Raidió, sraith míreanna ó chartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta atá dírithe ar shaol agus ar shaothar Sheáin Mhic Ghiollarnáth. Liam Mac Con Iomaire ag léamh sleachta as an leabhar…

Is mír fuaime í seo ó Saothar Mhic Giollarnáth ar an Raidió, sraith míreanna ó chartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta atá dírithe ar shaol agus ar shaothar Sheáin Mhic Ghiollarnáth. Liam Mac Con Iomaire ag léamh sleachta as leabhar "Annála…
Breathnaigh ar gach 45 mír